Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An tAire Creed i ndiaidh bualadh le hAire na Fraince don Eoraip agus Gnóthaí Eachtracha i ndáil leis na tionchair a d'fhéadfadh a bheith ag Breatimeacht 'Gan Mhargadh' ar an iascaireacht

Bhuail an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD le Jean-Yves Le Drian, Aire na Fraince don Eoraip agus do Ghnóthaí Eachtracha inniu (Dé Máirt) chun ábhar imní a roinnt agus a phlé maidir leis na tionchair mhóra a d'fhéadfadh a bheith ar fhlíteanna iascaireachta na hÉireann agus na Fraince dá ndéanfaí iad a choinneáil amach ó uiscí na RA i gcás go mbeadh Breatimeacht “gan mhargadh” ann.

Dúirt an tAire Creed:

“D'fháiltigh mé roimh an deis chun bualadh leis an Aire Le Drian le linn a chuairte chun na hÉireann inniu chun na hábhair imní atá ann i dtaobh iascaigh a phlé go díreach sa chás go mbeadh Breatimeacht “gan mhargadh” ann. Chuidigh an cruinniú chun an t-ábhar imní agus an tuiscint atá againn ar fad a dhearbhú maidir leis na fadhbanna móra a d'fhéadfadh teacht chun cinn sa chás go ndiúltófaí cead d'fhlít iascaireachta an AE dul isteach in uiscí na RA. Bíonn flít na hÉireann agus flít na Fraince ag brath go mór ar iascaigh atá suite in uiscí na RA agus ba bhuille mór a bheadh ann don dá fhlít dá ndiúltófaí rochtain dóibh. Thángamar ar aon aigne faoin mhian láidir atá againn go ndéanfaí an Comhaontú Aistarraingte idir an AE agus an RA a dhaingniú agus go gcuirfí tús le hidirbheartaíochtaí i leith an chaidrimh a bheadh ann le linn na tréimhse Aistrithe atá beartaithe.”

Is ionann agus €170 milliún in aghaidh na bliana an méid éisc a chuireann báid na Fraince i dtír a thógtar i limistéar na RA agus is ionann thart ar €85m an méid éisc a chuireann báid na hÉireann i dtír a thógtar i limistéar na RA. Phléigh an dá Aire fadhbanna a d'fhéadfadh teacht chun cinn mar gheall ar Bhreatimeacht mí-ordúil agus leag siad beirt béim ar an tábhacht a bhaineann le plean comhordaithe EU27 chun aon drochthionchair a d'fhéadfadh a bheith ann a mhaolú.

Dúirt an tAire Creed freisin:

“D'aontaigh mé leis an Aire Le Drian go bhfuil sé ríthábhachtach go n-oibreodh Ballstáit an AE - Éire, An Fhrainc, An Ghearmáin, an Bheilg, An Danmhairg, An Ísiltír, an Spáinn agus an tSualainn - as lámh a chéile, ballstáit a mbeidh tionchar ag an mBreatimeacht ar a gcuid iascach, agus go nglacfadh an Coimisiún Eorpach ról ceannaireachta, chun bearta maolaithe a ullmhú le bheith réidh chun tacú le tionscal na hiascaireachta má dhiúltaítear rochtain ar limistéar na RA dúinn. Bhí mé sásta go raibh an tAire Le Drian ar aon intinn liom agus dúirt sé liom go raibh an Fhrainc tiomanta dul i rannpháirtíocht go láidir agus go réamhghníomhach chun ullmhú don cheist seo a bhfuil súil againn beirt nach dtarlóidh.”

Chomh maith leis sin d'ardaigh an tAire Creed an cheist maidir leis an úsáid a bhaineann Onnmhaireoirí na hÉireann as an RA le dul go tíortha eile agus lorg sé dearbhuithe nach mbeadh onnmhaireoirí na hÉireann faoi mhíbhuntáiste nuair a bheadh earraí a n-aistriú tríd an RA. Ina theannta sin, d'ardaigh an tAire Creed an cheist faoi na deiseanna atá ann maidir le heallaí beo a onnmhairiú agus tagairt faoi leith do shaoráidí a bheith á gcur ar fáil sa Fhrainc a d'fhéadfadh onnmhaireoirí a úsáid.

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat