An tAire Creed ina chathaoirleach ar chruinniú freagartha COVID-19 le gníomhaireachtaí
- Foilsithe: 16 Aibreán 2020
- An t-eolas is déanaí: 16 Aibreán 2020
Ba é an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD, a bhí ina chathaoirleach ar chruinniú speisialta de chuid Choiste Feidhmiúcháin Ardleibhéil Food Wise (HLIC) inné, áit ar pléadh na himpleachtaí maidir le paindéim Covid-19 ar an earnáil agraibhia. I measc na rannpháirtithe sa teileachomhdháil seo bhí ceannaireacht shinsearach ón: Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara; ón Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta; ó Fiontraíocht Éireann; Teagasc; Bord Iascaigh Mhara; agus Bord Bia.
Phléigh an Coiste freagra iomlán an Rialtais maidir le COVID-19; leanúnachas na seirbhísí riachtanacha don earnáil; agus na tionchair láithreach agus na tionchair fhadtéarmacha a d'fhéadfadh a bheith i gceist don earnáil.
Dúirt an tAire Creed:
"Tá earnáil agraibhia na hÉireann riachtanach chun na slabhraí soláthair bia a choinneáil ag imeacht le linn an éilimh miondíola atá ann faoi láthair nach bhfacthas riamh cheanna, anseo agus thar lear araon. Ní dhéanann an méadú seo ar éileamh miondíola titim mhargaí seirbhíse bia a fhritháireamh sa bhaile, ar fud an AE agus go hidirnáisiúnta. Tá mo Roinnse agus gníomhaireachtaí na Roinne ag obair i gcomhar chun tacú le príomhtháirgeoirí agus gnóthaí bia dul i ngleic leis an ngéarchéim seo chomh maith lena bhfuil i ndán don earnáil a chosaint."
CRÍOCH