English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An tAire Heydon le bheith i gceannas ar rannpháirtíocht na hÉireann ag an gCruinniú Mullaigh mór Talmhaíochta agus Aeráide i Meiriceá

Beidh an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ar a bhfuil freagracht speisialta air as taighde agus nuálaíocht, Martin Heydon T.D, i gceannas ar rannpháirtíocht na hÉireann i mórchruinniú mullaigh idirnáisiúnta talmhaíochta agus athraithe aeráide i Washington D.C an tseachtain seo chugainn, an Misean Nuálaíochta Talmhaíochta don Aeráid (MNTA).

Is é sprioc MNT don Aeráid aghaidh a thabhairt ar athrú aeráide agus ocras domhanda trí chomhpháirtithe a thabhairt le chéile chun infheistíocht a mhéadú go suntasach i dtalmhaíocht atá cliste ó thaobh na haeráide agus nuálaíochta de i gcórais bia. Chuaigh Éire isteach i dtionscnamh faoi stiúir Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM) agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha (AEA) mar chomhpháirtí rialtais nuair a seoladh é ag Comhdháil na bPáirtithe 26 de chuid na NA i nGlaschú sa bhliain 2021. Tá 47 comhpháirtí rialtais agus os cionn 350 comhpháirtí neamhrialtais páirteach anois.

Ag labhairt dó roimh an gcruinniú mullaigh, dúirt an tAire Heydon

“Chonaic mé go pearsanta an eolaíocht fhairsing cheannródaíoch atá á dhéanamh mar thoradh ar thaighde atá maoinithe ag mo Roinn. Tá sé seo ag ullmhú na hearnála talmhaíochta chun cur le cuspóirí foriomlána na hÉireann maidir le maolú aeráide. Creidim go láidir go bhfuil ról ríthábhachtach ag an nuálaíocht agus ní mór dúinn forbairt a dhéanamh ar an dul chun cinn seo, go háirithe trí chomhoibriú idirnáisiúnta. Is modh tábhachtach é an tionscnamh MNT don Aeráid chun an comhoibriú seo a bhrostú.”

Glacfaidh an tAire Heydon páirt i gcruinniú Airí maidir le MNT don Aeráid áit a dtabharfaidh Rúnaí Talmhaíochta na SA Tom Vilsack agus an tAire um Athrú Aeráide agus Comhshaoil de chuid AEA, Mariam Almheiri, uasdátú ar an dul chun cinn a rinneadh ón gCruinniú Mullaigh deiridh. Déanfaidh an tAire Heydon an cruinniú a uasdátú ar ghníomhaíochtaí gaolmhara atá ar siúl in Éirinn agus leagfaidh sé amach sraith tionscnamh nua atá beartaithe.

Beidh óráidí ag an gCruinniú Mullaigh freisin ó Al Gore, iar-Leas-Uachtarán na SA, John Kerry, Toscaire Speisialta Uachtarán na Stát Aontaithe ar son na hAeráide, agus Ban Ki-moon, iar-Ard-Rúnaí na NA.

Ina theannta sin, glacfaidh an tAire Heydon páirt i gcruinniú Airí den tionscnamh maidir le Fionnachtain Thalmhaíochta. Tá Éire ar cheann de naoi dtír atá rannpháirteach sa tionscnamh atá dírithe ar luasghéarú a dhéanamh ar úsáid agus ar ghlacadh teicneolaíochtaí atá athléimneach ó thaobh aeráide de ar fheirmeacha.

Mar fhocal scoir dúirt an tAire Heydon,

“Tá Éire á cur í féin chun cinn mar cheannaire i dtaighde agus nuálaíocht i dtalmhaíocht aeráidchliste. Tá fonn orm cur leis seo trí na coinní go léir atá beartaithe i

Washington an tseachtain seo chugainn chun a chinntiú go n-aithnítear go maith na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag ár n-eolaithe, ár gcomhairleoirí agus ár bhfeirmeoirí cheana féin, agus leanúint den obair i dtreo córas táirgthe bia atá inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair, an chomhshaoil agus na sochaí de”.


Clár Oibre

Dé Luain 8 Bealtaine

  • Oscailt an chruinnithe mullaigh agus iomlánach ardleibhéil
  • Cruinniú Airí maidir le MNT don Aeráid
  • Cruinniú le hAire Talmhaíochta na Nua-Shéalainne Damien O’Connor

Dé Máirt an 9ú lá

  • Cruinniú iomlánach ardleibhéil
  • Cruinniú Airí maidir le Fionnachtain Thalmhaíochta
  • Cruinniú leis an Aire AEA um Athrú Aeráide agus Comhshaoil A Soilse Mariam Almheiri
  • Seisiún ar Leithligh maidir le Misean Ithir an AE (lena n-áireofar ráitis ón Aire Heydon agus ón Dr Karen Daly, Oifigeach Sinsearach Taighde Comhshaoil Teagasc)
  • Cúnamh Éireann / Cúnamh na Stát Aontaithe Seoladh Sprint Nuálaíochta na Maláive

Dé Céadaoin 10ú

  • Cruinniú iomlánach ardleibhéil
  • Cruinniú le Fo-Rúnaí Roinn Talmhaíochta na Stát Aontaithe (RTSA) Jacobs Young (Fo-Rúnaí Taighde, Oideachais agus Eacnamaíochta, agus Príomh-Eolaí RTSA)
  • Cruinniú le Fo-Rúnaí RTSA Bonnie (Fo-Rúnaí do Tháirgeadh agus Caomhnú Feirme, RTSA)
  • Seisiún ar Leithligh de chuid na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara agus Aeráid KIC

Nótaí

Is comhthionscnamh ag na Stáit Aontaithe agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha é an Misean Nuálaíochta Talmhaíochta don Aeráid (MNT don Aeráid/MNTA). Bunaíodh an tionscnamh sa bhliain 2022, agus seoladh go foirmiúil é ag Comhdháil na bPáirtithe 26 i nGlaschú, an RA, ar an 2 Samhain 2021. Tá tacaíocht ag breis is 275 comhpháirtí rialtais agus neamhrialtasach faoi láthair ag MNT don Aeráid, ar a bhfuil rialtais, gnólachtaí, an saol acadúil, fondúireachtaí neamhbhrabúis agus meithleacha mhachnaimh.

Is é sprioc MNT don Aeráid aghaidh a thabhairt ar athrú aeráide agus ocras domhanda trí rannpháirtithe a aontú chun infheistíocht a mhéadú go suntasach i dtalmhaíocht atá cliste ó thaobh na haeráide agus nuálaíocht i gcórais bia thar cúig bliana (2021 – 2025). Tá sé seo ar intinn uaillmhian dhomhanda a ardú agus gníomhaíocht aeráide níos gasta agus níos claochlaithe a bhrú chun cinn i ngach tír – lena n-áirítear trí chinntí agus beartais a dhéanamh atá bunaithe ar eolaíocht agus ar sonraí – chun an talmhaíocht a athdhíriú agus a chumhachtú mar chuid den réiteach chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim aeráide agus comhshochair a chruthú a théann i ngleic le gníomhaíocht aeráide.

Le tacaíocht ón rialtas agus ó chomhpháirtithe neamhrialtasacha, d’fhógair MNT don Aeráid ag Comhdháil na bPáirtithe 27 go ndéanfaí dúbailt ar infheistíocht don tréimhse 2021-2025 de níos mó ná $8 mbilliún, méadú ó $4 billiún ag Comhdháil na bPáirtithe 26.

Fógraíodh rannpháirtíocht na hÉireann i MNT don Aeráid ag Cruinniú Mullaigh Córais Bia na NA ar an 23 Meán Fómhair 2021, agus tháinig an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara isteach go foirmiúil mar Chomhpháirtí Rialtais ag a seoladh oifigiúil ar an 2 Samhain 2021 ag Comhdháil na bPáirtithe 26 i nGlaschú.

Mar chuid de sin, gheall Éire tríd an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara caiteachas ar thaighde a bhaineann leis an aeráid a mhéadú 40% le linn na tréimhse 2021-2025.

D’fhreastail an tAire McConalogue ar an gcéad Chruinniú Airí go fíorúil i mí Feabhra 2022

Tá sonraí an tionscnaimh MNT don Aeráid le fáil anseo: AIM for Climate.

Is féidir sonraí an Chruinnithe Mullaigh a fháil anseo: Homepage - AIM for Climate Summit (cvent.com).