An tAire Heydon T.D. i gceannas ar Sheimineár Cliaint Bord Bia ar “An Fás a Chur chun Cinn san Afraic Thiar”
- Foilsithe: 14 Meán Fómhair 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Inniu (14 Meán Fómhair) bhí Martin Heydon T.D, an tAire Stáit le freagracht speisialta d’Fhorbairt Margaí Nua i gceannas ar Sheimineár Cliaint de chuid Bord Bia “An Fás a Chur chun Cinn san Afraic Thiar”. San imeacht fíorúil seo, thug páirtithe leasmhara tráchtála sinsearacha léargas ar an trádáil leis an Afraic Thiar, agus chuir siad béim faoi leith ar na hearnálacha déiríochta, bia mara agus alcóil.
Dúirt an tAire Heydon:
“Tá bia ardchaighdeáin, shábháilte agus inbhuanaithe curtha ar fáil i gcónaí ag Éire. Tá daonra de 320 milliún san Afraic Thiar, agus tá margaí ann a thugann deis suntasach dár n-easpórtálacha agraibhia. Tá ról ríthábhachtach ag Bord Bia anseo chun a chinntiú go leanann soláthraithe agus custaiméirí in Éirinn le caidrimh láidre agus bhuanchaidrimh a chruthú agus a chur chun cinn sa réigiún seo.
Tá ról láidir ag mo Roinn sa chur chuige straitéiseach atá ag an Rialtas maidir leis an Afraic, i dtéarmaí trádála agus forbartha araon. Sampla amháin ná Clár Forbartha Agriabhia na hAfraice, a bhunaigh mo Roinn agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha i gcomhar lena chéile. Tacaíonn an clár seo do ghnólachtaí agraibhia comhpháirtíochtaí a bhunú le gnólachtaí Afracacha chun fiontair bhia áitiúla inbhuanaithe a fhorbairt; tacú le margaí a mhéadú do bhia as an gceantar; agus chomhthrádáil a éascú idir Éire agus an Afraic”.
Nóta d’Eagarthóirí
Tá 16 tír san Afraic Thiar agus daonra de 320 milliún san iomlán ann. Is ceann scribe tábhachtach é d’easpórtálacha bia agus deochanna ó Éirinn agus ginneadh €415 milliún in easpórtálacha Éireannacha dá bharr in 2020.
DEIREADH