English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An tAire McConalogue dírithe ar an bhfreagra maidir leis an mBreatimeacht agus COVID-19 agus é ina chathaoirleach ar Choiste Feidhmiúcháin Ardleibhéil Food Wise

Rinne an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, cathaoirleacht ar a chéad chruinniú de chuid Choiste Feidhmiúcháin Ardleibhéil Food Wise (HLIC) inniu, áit ar pléadh cúrsaí ullmhúcháin don Bhreatimeacht agus freagraí leanúnacha maidir le COVID-19 ar fud na hearnála agraibhia.

Chuala an tAire an nuacht is déanaí ó Phríomhfheidhmeannaigh agus oifigigh shinsearacha Bhord Bia, Bhord Iascaigh Mhara, Fhiontraíocht Éireann agus Theagasc. Bhí oifigigh shinsearacha ó Ranna Rialtais agus ó ghníomhaireachtaí ábhartha ag an gcruinniú chomh maith.

Thug an tAire McConalogue aitheantas don obair leanúnach atáthar ag tabhairt fúithi ar fud an Rialtais maidir leis an dá shaincheist agus dúirt:

"Cé gur ar fhreagraí maidir le COVID-19 atáthar ag díriú i láthair na huaire, mar is cuí, níor stop an obair ullmhúcháin don Bhreatimeacht agus ní mór dúinn leanúint de na príomhtheachtaireachtaí a chur in iúl do pháirtithe leasmhara chun a chinntiú go mbeidh an earnáil agraibhia ábalta aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bheidh roimpi an 1 Eanáir 2021 de bharr an Bhreatimeachta."

Rinneadh nuashonrú ar an Straitéis Agraibhia 2030 nua ag cruinniú an lae inniu chomh maith. Leanann Coiste 2030 de bheith ag teacht le chéile agus tá sé ag cur na hoibre tábhachtaí a bhíonn sé ina bun chun cinn.

CRÍOCH