Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An tEolas is Déanaí maidir le hobair an Tascfhórsa Mairteola

Reáchtáladh an chéad chruinniú de chuid an Tascfhórsa Mairteola an 3 Nollaig. Foilseofar miontuairiscí agus tuairiscí chun dáta ón gcruinniú sin ar láithreán gréasáin an DAFM Dé Céadaoin an 18 Nollaig.

Reáchtálfar an chéad chruinniú eile de chuid an Tascfhórsa Mairteola an 9 Eanáir 2020. Tá cuireadh tugtha do mhiondíoltóirí as Éireann agus do mhiondíoltóirí as an Ríocht Aontaithe a bheith páirteach ann agus treochtaí agus riachtanais an mhargaidh a phlé, go háirithe maidir leis na critéir bónais in-spec don Chóras Íocaíochta Caighdeáin atá i bhfeidhm in earnáil mairteola na hÉireann faoi láthair.

Mar chuid den Chomhaontú i ndáil leis an Earnáil Mairteola i mí Mheán Fómhair, choimisiúnaigh an DAFM staidéar comhairleoireachta maidir leis na critéir bónais in-spec seo.

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat