English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Aontaíonn na hAirí ar sholúbthacht maidir le dátaí saothraithe éadomhain

Mar aitheantas ar an aimsir fhliuch neamhshéasúrach le déanaí, d’aontaigh Darragh O’Brien T.D., an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta i gcomhairle le Charlie McConalogue, T.D., an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, ar thréimhse bhreisithe ama a cheadú d’fheirmeoirí chun an beart saothraithe éadomhain, a theastaíonn i ndiaidh buana barraí áirithe curaíochta, a chur i gcrích. Rinneadh an cinneadh seo i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach in Alt 21 (7) de IR Uimh. 113 de 2022 (arna leasú).

Tá síneadh curtha leis an tréimhse 14 lá atá ann faoi láthair chun an beart saothraithe éadomhain a chríochnú go 28 lá do bharra a bhaintear suas go dtí an 4 Lúnasa. I gcás inar gá saothrú éadomhain ar an talamh seo, ní mór é a dhéanamh faoin 1 Meán Fómhair.

Agus é ag fógairt an chinnidh dúirt an tAire O’Brien,

“Aithním go bhfuil sé thar a bheith deacair leis an aimsir le déanaí do go leor feirmeoirí chun barra a bhaint agus tuí a ghlanadh chun go bhféadfaí saothrú éadomhain a dhéanamh.”

Tá sé an-fhliuch in go leor áiteanna ó lár mhí Iúil mar is léir ó shonraí Met Éireann a thaispeánann thar na 7 lá go dtí an 27 Iúil go raibh an bháisteach 300% os cionn an mheáin 30 bliain i gcásanna áirithe. Ag féachaint don réamhaisnéis, deir Met Éireann go bhfuil an t-ionchas náisiúnta “ag fanacht claochlaitheach go dtí an tseachtain seo chugainn agus táthar ag súil le ráigeanna báistí nó ceathanna eile”.

Agus é ag labhairt ar an tsolúbthacht, dúirt an tAire McConalogue

“Éiríodh le roinnt barr eorna geimhridh a bhaint agus críochnaíodh saothrú éadomhain, ach i gcás barra a baineadh le déanaí is iomaí cás ina bhfuil tuí ina luí ar an talamh le breis agus 14 lá cheana féin toisc nach raibh sé tirim go leor le burláil. Nuair a thagann feabhas ar an aimsir ní mór an tuí seo a “chroitheadh amach le suaiteoir” lena triomú sula rácálfar é arís chun burláil a éascú. Nuair a bhíonn cúrsaí aimsire deacair bíonn ar fheirmeoirí curaíochta tús áite a thabhairt d’iarracht a dhéanamh ar a gcuid gránach a shábháil chun tuilleadh cailliúna a sheachaint. Aithním go gcaithfidh baint gránach a bheith mar thosaíocht roimh thuí a ghlanadh; cabhróidh an tsolúbthacht a d’aontaigh mo chomhghleacaí, an tAire O’Brien, leis seo.”

Tá solúbthacht ag feirmeoirí cheana féin maidir leis na rialacha a bhaineann le saothrú éadomhain talún i ndiaidh an fhómhair. Áirítear leis na solúbthachtaí seo díolúine do gach talamh ina bhfuil barr gránach geimhridh, ráib síl ola nó pónairí le cur faoin 31 Deireadh Fómhair. Ina theannta sin, chun tionchar míchuí a sheachaint ar fhoinse bia na n-éan a itheann síolta, tá ceanglas ann gan saothrú éadomhain a dhéanamh i ndiaidh an fhómhair ar 20% go 25% d'achar iomlán na talún gránach ar gach gabháltas.

Dúirt an tAire McConalogue:

“Clúdaíonn na solúbthachtaí seo tromlach an-suntasach den talamh atá bainte cheana féin/á baint faoi láthair. Ach athróidh an scéal seo go tapa, áfach, de réir mar a thosóidh fómhar Eorna an Earraigh.”

Mar fhocal scoir dúirt an tAire McConalogue gur aontaigh sé féin agus an tAire O’Brien gur cheart an scéal a athbhreithniú arís i gceann seachtaine agus go bhféadfaí breathnú ar shíneadh breise ag an bpointe sin más gá.

CRÍOCH

Nóta d’Eagarthóirí

Ba cheart go gceadódh saothrú éadomhain faoin 1 Meán Fómhair leibhéal cuí de chlúdach glas a bhunú fós chun na cothaithigh atá fágtha san ithir a ghlacadh i ndiaidh an fhómhair, rud a laghdódh an riosca do cháilíocht an uisce.

Sonraíonn na Rialacháin um Dhea-Chleachtas Talmhaíochta chun Uiscí a Chosaint (I.R. Uimh. 113 de 2022 arna leasú), “I gcontaetha Cheatharlach, Chorcaí, Bhaile Átha Cliath, Chill Dara, Chill Chainnigh, Laoise, Lú, na Mí, Uíbh Fhailí, Thiobraid Árann, Phort Láirge, na hIarmhí, Loch Garman agus Cill Mhantáin ní mór saothrú éadomhain nó cur barr a dhéanamh laistigh de 10 lá tar éis an tuí a bhurláil.

Nuair a ghearrtar tuí ní mór barr a shaothrú nó a chur laistigh de 10 lá ón mbaint. I ngach cás, ní mór saothrú éadomhain nó cur barr a dhéanamh laistigh de 14 lá tar éis é a bhaint. In aimsir áirithe, féadfaidh an tAire, i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, a chur in iúl cén uair nár cheart go mbeadh feidhm aige seo.

Sonraíonn na rialacháin freisin, “Ní bheidh íosmhéid 20% agus uasmhéid de 25% de thalamh gránach ar gach gabháltas faoi réir saothraithe éadomhain tar éis an fhómhair. Mura bhfuil barr bunaithe ina dhiaidh sin, ní bheidh an talamh seo faoi réir úsáid aon luibhicídí go dtí 1 Feabhra an bhliain dár gcionn ar a laghad. Má chuimsíonn an limistéar gránach talamh inar féidir le huisce a shreabhann thar dhromchla na talún dul isteach i gcúrsa uisce ba cheart tosaíocht a thabhairt don limistéar seo le cuimsiú laistigh den limistéar gránach nach bhfuil faoi réir saothrú éadomhain i ndiaidh an fhómhair.”

Sonraíonn na Rialacháin freisin na ceanglais maidir le saothrú éadomhain barr a chur, faoi mar a leagtar amach thuas “ní bheidh feidhm acu sna cásanna seo a leanas:

1. I gcás ina bhfuil an feirmeoir deimhnithe i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/848.

2. I gcás ina bhfuil barra fréimhe nó barra a baineadh go déanach bainte.

3. I gcás ina mbaintear barr gránach nó pónairí tar éis an 15 Meán Fómhair nó i gcás ina bhfuil barr gránach curtha faoi bharr eile.

4. I gcás ina bhfuil barr gránach geimhridh, ráib síl ola nó pónairí le cur ar an talamh faoin 31 Deireadh Fómhair.

I gcás ina mbeidh an talamh le húsáid ag an gComhlachas Náisiúnta Treabhdóireachta níos déanaí sa bhliain sin nó sa chéad dá mhí den bhliain dár gcionn agus go bhfuil fianaise dhoiciméadach ag an bhfeirmeoir chun tacú leis sin.”