Ceapachán Chathaoirleach an Choiste Achomhairc Foraoiseachta (Sealadach)
- Foilsithe: 1 Iúil 2025
- An t-eolas is déanaí: 2 Iúil 2025
D'fhógair an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ar a bhfuil freagracht speisialta maidir le Foraoiseacht, Sábháilteacht Feirme agus Gairneoireacht, Michael Healy-Rae TD, inniu go bhfuil an tUasal Seamus Neely ceaptha ina Chathaoirleach ar an gCoiste Achomhairc Foraoiseachta (FAC) ar bhonn trí mhí, chun feidhmiú leanúnach an Choiste Achomhairc Foraoiseachta a chinntiú fad atá an próiseas chun Cathaoirleach nua a cheapadh ar siúl. Déantar an ceapachán seo tar éis an conradh dhá bhliain is déanaí de chuid an Uasail Neely mar Chathaoirleach ar an gCoiste a bheith tugtha chun críche.
Dúirt an tAire Healy-Rae:
“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don sárobair atá déanta ag Seamus Neely maidir le cathaoirleacht agus maoirseacht a dhéanamh ar phróiseas achomharc éifeachtach freagrúil. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil freisin leis na leaschathaoirligh, le comhaltaí uile an choiste agus le foireann na hOifige Achomhairc Talmhaíochta as a rannchuidiú leanúnach chun seirbhís achomharc éifeachtach agus éifeachtúil a chinntiú d'earnáil na foraoiseachta. Is mór agam freisin comhaontú an Uasail Neely leanúint ar aghaidh sa ról agus Cathaoirleach nua á chuardach.’
Nóta do na hEagarthóirí
Bunaíodh an FAC mar chomhlacht achomhairc neamhspleách, faoin Acht um Achomhairc Talmhaíochta, 2001, arna leasú. Éisteann an Coiste le hachomhairc i gcoinne cinntí maidir le ceadúnais foraoiseachta, ó iarratasóirí nó ó thríú páirtithe atá míshásta le cinntí a rinne an Roinn maidir le hiarratais ar cheadúnais le haghaidh foraoisiú, leagan crann, oibreacha bóthair foraoise agus toirchiú ón aer. Tá an FAC lonnaithe san Oifig Achomhairc Talmhaíochta (AAO), Port Laoise.