Sinéad McPhillips a cheapadh mar Ard-Rúnaí na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara
- Foilsithe: 17 Meán Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 22 Meán Fómhair 2025
Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, inniu go bhfuil Sinéad McPhillips ceaptha mar Ard-Rúnaí nua na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara, tar éis faomhadh a fháil ón Rialtas.
Dúirt an tAire Heydon:
“Tá an-áthas orm fáilte a chur roimh Sinéad mar Ard-Rúnaí mo Roinne. Tá Sinéad ina ceannaire sinsearach sa Roinn le deich mbliana anuas, agus táim muiníneach gur féidir leis an Roinn, faoina ceannaireacht, leanúint ar aghaidh ag seachadadh d'earnálacha talmhaíochta, bia, foraoiseachta agus iascaigh na hÉireann. Táim ag tnúth le bheith ag obair go dlúth le Sinéad agus muid ag comhlíonadh ár ngealltanas i gClár an Rialtais – ‘Todhchaí na hÉireann a chosaint."
Tá Sinéad McPhillips ina hArd-Rúnaí Cúnta faoi láthair do Ghnóthaí AE, na Ríochta Aontaithe agus Idirnáisiúnta sa Roinn, agus tá freagrachtaí air lena n-áirítear a bheith i gceannas ar chaibidlíocht agraibhia ar leibhéal AE, Plean Straitéiseach CBT na hÉireann a chur chun feidhme; agus líonra thar lear na Roinne a bhainistiú. Bhí Sinéad ina Ard-Rúnaí Cúnta roimhe seo a raibh freagracht air as straitéis agraibhia agus forbairt earnála agus ina Phríomheacnamaí sa Roinn. I measc a cuid cáilíochtaí tá céimeanna Máistreachta sa Dlí Idirnáisiúnta um Chearta an Duine agus san Eolaíocht Eacnamaíoch.
Beidh forbairtí móra sa bheartas ar leibhéal an AE mar shaintréith den tréimhse atá romhainn, lena n-áirítear trí Chomhbheartais Iascaigh agus Talmhaíochta nua. Beidh Uachtaránacht Chomhairle an AE ag Éirinn sa dara leath de 2026, agus beidh fócas suntasach ar na hullmhúcháin don fhreagracht seo agus ar a cur i gcrích.
Tá sainchúram thar a bheith leathan ar an Roinn agus ar a gníomhaireachtaí a bhaineann le beartas a chaibidliú ar leibhéal an AE agus ar an leibhéal idirnáisiúnta, tacaíochtaí eacnamaíocha agus comhshaoil a sholáthar, seirbhísí poiblí saotharlainne a sholáthar, agus feidhmeanna rialála a chur i bhfeidhm maidir le sábháilteacht bia, sláinte ainmhithe agus plandaí, leas ainmhithe, foraoiseacht, bainistíocht iascaigh, agus an comhshaol.
Dúirt an tAire Heydon:
"Tá muinín agam gur féidir leis an Roinn, faoi cheannaireacht sciliúil Sinéad McPhillips, agus trí bheartas cuí a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm go héifeachtach, ardán a chur ar fáil d'earnáil a dhéanann beart do gheilleagar na hÉireann, do phobail tuaithe agus chósta, agus d'inbhuanaitheacht eacnamaíoch, chomhshaoil agus shóisialta.
Dúirt an tAire chomh maith:
“Is mian liom aitheantas a thabhairt don cheannaireacht agus don tiomantas a léirigh Brendan Gleeson le linn a sheacht mbliana mar Ard-Rúnaí ar mo Roinn agus guím gach rath air agus é ar scor. Tá oidhreacht shuntasach fágtha ag Brendan - thacaigh sé le cultúr rannpháirtíochta dearfaí agus oibre foirne i measc 4,000 duine na Roinne, agus d’oibrigh sé i gcomhar leis an earnáil agraibhia agus iascaigh i gcoitinne chun gach gné den inbhuanaitheacht a chur chun cinn. Guím gach rath air dá scor, agus tá súil agam go mbainfidh sé taitneamh as níos mó ama a chaitheamh ar leithinis álainn na mBeara Buí as a dtagann a theaghlach ó dhúchas.
Nótaí d’eagarthóirí
Tagann an ceapachán sna sála ar chomórtas a rinne an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí thar ceann an Choimisiúin um Cheapacháin Ardleibhéil (TLAC).
I gcomhréir le socruithe TLAC d’Ard-Rúnaithe, mairfidh an ceapachán ar feadh téarma seacht mbliana.