English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ar Lá Náisiúnta na gCrann déan iarratas chun foraois nua a chur leis an gClár Foraoiseachta is fearr atá maoinithe & is inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de in Éirinn

Is é Lá Náisiúnta na gCrann inniu (Déardaoin, 5 Deireadh Fómhair), agus níl bealach níos fearr chun an ócáid a cheiliúradh ná iniúchadh a dhéanamh ar na híocaíochtaí tarraingteacha deontais agus préimhe atá ar fáil chun crainn a chur trí Chlár Foraoiseachta nua na hÉireann.

Dúirt an tAire Stáit um Úsáid Talún agus Bithéagsúlacht, an Seanadóir Pippa Hackett

“Is am iontach go deo é Lá Náisiúnta na gCrann d’fheirmeoirí agus d’úinéirí talún smaoineamh ar fhoraoiseacht a chur lena gcuid talún trí iarratas a dhéanamh ar cheann de na hiliomad roghanna atá dea-mhaoinithe faoin gClár Foraoiseachta nua. Tá íocaíochtaí préimhe bliantúla agus ioncam ó dhíolacháin adhmaid ar bith saor ó cháin ioncaim, rud a fhágann gur infheistíocht tharraingteach í an fhoraoiseacht anois agus don todhchaí.”

“Tá a fhios againn go léir na buntáistí iontacha a bhaineann le siúlóid sa choill, agus is é sin an fáth go bhfuil mo Roinn ag leathnú Scéim na Coille Seo Againne faoin gClár Foraoiseachta nua chun tacú le cruthú foraoisí taitneamhachta poiblí nua agus le feabhsú na bhforaoisí atá ann cheana féin le haghaidh rochtana poiblí, oideachais, áineasa agus sláinte agus folláine do phobail tuaithe agus uirbeacha. Spreagfaidh an Clár comhlachtaí poiblí freisin chun coillearnacha dúchasacha a chruthú ar thalamh atá faoi úinéireacht acu cheana féin mar chuid dá gcuspóirí comhshaoil féin maidir le cáilíocht uisce, bithéagsúlacht agus leithlisiú carbóin.”

“Is é atá i gceist leis an gClár Foraoiseachta nua €1.3 billiún ná foraoisí agus earnáil na foraoiseachta in Éirinn a leathnú, a chosaint agus a fhorbairt. Is cloch mhíle shuntasach é agus léiríonn sé mian an phobail go gcuirfí níos mó crann, chomh maith le foraoisí a fhreastalaíonn ar riachtanais áineasa, eacnamaíochta agus comhshaoil na sochaí. Soláthróidh an Clár Foraoiseachta buntáistí iomadúla don aeráid, dúlra, cáilíocht uisce, táirgeadh adhmaid, pobail tuaithe agus an geilleagar níos leithne.”

Déanfaidh Lá Náisiúnta na gCrann seo ceiliúradh ar an gcrann coll leis an téama “Nuts about Nature”. Is féidir le feirmeoirí agus úinéirí talún foraoisí a bhfuil go leor speiceas éagsúil bainteach leo a chur tríd an gClár Foraoiseachta. Clúdaíonn an clár 100% de chostais úinéirí talún agus feirmeoirí a bhaineann le cur ar a gcuid talún agus tairgeann sé íocaíochtaí bliantúla do na 15 nó 20 bliain ina dhiaidh sin.

Nótaí d'eagarthóirí

Rátaí Coillteoireachta Nua don Chlár Foraoiseachta 23-27

Tá deontas nua coillteoireachta agus rátaí íocaíochta bliantúla don Chlár Foraoiseachta 2023 -2027 ar fáil ag Item was unpublished or removed mar aon le ceisteanna coitianta, áireamhán íocaíochta foraoiseachta agus samplaí íocaíochta.

Léiríonn na rátaí nua méaduithe suas le 66% ar an gClár Foraoiseachta 2014-2022 a tháinig roimhe seo.

Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023

Is é Plean Gníomhaíochta Aeráide 2023, a seoladh i mí na Nollag 2022, an dara nuashonrú bliantúil ar Phlean Gníomhaíochta Aeráide na hÉireann 2019. Is é an plean seo an chéad phlean a ullmhaíodh faoin Acht Gníomhaithe ar son na hAeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú) 2021 agus tar éis tabhairt isteach buiséid charbóin ar fud an gheilleagair agus uasteorainneacha astaíochtaí earnála. Cruthóidh cur i bhfeidhm an Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide poist, deiseanna nua eacnamaíocha agus cosnóidh sé daoine agus an pláinéad. Is féidir leat féachaint ar Item was unpublished or removedagus ar a iarscríbhinn gníomhartha anseonó tabhair cuairt ar Item was unpublished or removed Cliceáil sanseo chun liostaildo Ríomhiris Aeráide Rialtas na hÉireann. Tá Gníomhú ar son na hAeráide na hÉireann 2024 á ullmhú faoi láthair.