ATHBHREITHNIÚ AR AN SCÉIM ACRES SEOLTA AG MCCONALOGUE
- Foilsithe: 30 Deireadh Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., inniu go ndéanfar athbhreithniú ar Scéim ACRES sna míonna amach romhainn.
Dúirt an tAire an méid seo a leanas:
“Is céim shuntasach chun tosaigh é ACRES maidir leis an leibhéal uaillmhéine atáimid ag iarraidh a bhaint amach ó scéim agra-chomhshaoil. Tá an cur chuige bunaithe ar thorthaí lárnach chuige sin. Treisíodh ACRES leis an taithí a fuarthas ó thionscadail na Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuáil agus ón Scéim REAP, agus mar thoradh air sin tá an réimse atá clúdaithe ag gníomhaíochtaí bunaithe ar thorthaí méadaithe ó 80,000 heicteár go dtí 1.2 milliún heicteár, agus tá méadú tagtha ar líon na bhfeirmeoirí a chuireann gníomhaíochtaí den sórt sin chun feidhme, ó 3,200 go dtí 35,000. Agus an Scéim ag druidim le deireadh na dara bliana, tá sé tráthúil athbhreithniú a dhéanamh ar an taithí go dtí seo, a aithint cad a d’oibrigh go maith, agus machnamh a dhéanamh ar réimsí inar féidir ceachtanna a fhoghlaim don todhchaí.”
“Ar an iomlán, tá ACRES ag feidhmiú go maith don chuid is mó d’fheirmeoirí, agus tá níos mó ná €247 milliún in íocaíochtaí eisithe do rannpháirtithe ó cuireadh tús leis.
Is eol dom, áfach, mar shampla, go bhféadfadh sé go mbeadh scóir níos ísle faighte ag roinnt feirmeoirí, agus mar sin íocaíochtaí níos ísle, ná mar a bheifí ag súil leis. Gan géilleadh maidir leis an uaillmhian chomhshaoil, d’iarr mé ar mo Roinn athbhreithniú a dhéanamh ar an eispéireas sa scéim go dtí seo, agus féachaint an oibreodh sé níos fearr do na rannpháirtithe sin.”
Ag tagairt dó don athbhreithniú, dúirt an tAire an méid seo a leanas:
“Ba mhaith liom na roghanna a mheas agus bealaí a shainaithint chun an scéim a thabhairt chun cinn chun feabhas a chur, go háirithe, ar an taithí dóibh siúd in TC a bhfuil scór íseal acu. Tá iarrtha agam ar mo Roinn sa chomhthéacs sin bualadh le heagraíochtaí feirme, comhairleoirí FAS agus na foirne TC chun a dtuairimí a fháil, d’fhonn teacht ar réiteach faoi dheireadh na bliana.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire McConalogue an méid seo a leanas:
“Is scéim í seo a bhfuil uaillmhian chomhshaoil nach beag ag baint léi. Dhaingnigh mé an maoiniú is mó riamh dó, agus chinntigh mé gur glacadh leis an 55,000 feirmeoir a rinne iarratas sa scéim. Is 10% níos mó é sin ná mar a gealladh.
Gheall mé le déanaí scrúdú a dhéanamh an féidir bealach a aimsiú chun éascaíocht a dhéanamh ar fheirmeoirí nua-cháilithe in 2025. Nuair ba léir dom go mbeadh moill ar íocaíochtaí chuig rannpháirtithe áirithe, d’fhaomh mé íocaíocht eatramhach nach bhfacthas riamh roimhe. Chiallaigh sé sin gur íocadh réamhíocaíocht nó íocaíocht eatramhach le gach feirmeoir sa scéim faoi dheireadh mhí an Mhárta.
Tá sé mar aidhm ag an athbhreithniú seo measúnú a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir linn eispéireas na bhfeirmeoirí sa scéim a fheabhsú, a chinntiú go mbaintear amach a huaillmhian chomhshaoil go hiomlán, agus a chinntiú go mbíonn ACRES ag obair go héifeachtach do chách”.