Béim leagtha ag an Aire Creed ar na bagairtí a bhaineann le Breatimeacht gan mhargadh ag cruinnithe sa Bhruiséil
- Foilsithe: 18 Márta 2019
- An t-eolas is déanaí: 13 Aibreán 2020
Dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD sa Bhruiséil tráthnóna:
"Ba dheis thábhachtach a bhí i gcruinniú Chomhairle na nAirí Talmhaíochta inniu chun na tionchair a bheidh ag Breatimeacht gan Mhargadh ar an earnáil agraibhia in Éirinn agus an éifeacht a d'fhéadfadh a bheith aige ar fud mhargadh an AE ar an iomlán a chur in iúl don Chomhairle, don Choimisiún agus do na hAirí Talmhaíochta eile."
Faoi mhír Aon Ghnó Eile maidir le margaí feola, rinne an tAire Creed cur síos ar an mbaol atá ann d'earnáil mairteola na hÉireann ach go háirithe; agus d'iarr sé go gcuirfí an réimse beart ar fad atá ar fáil i bhfeidhm go tapa faoi Chomheagraíocht na Margaí, lena n-áirítear tacaíocht spriocdhírithe d'fheirmeoirí, sa chás is go dtarlóidh Breatimeacht gan Mhargadh. Rinne sé tagairt chomh maith don ghá atá ann earnáil mairteola an AE a chosaint i bpléití trádála le Mercosur, an t-am céanna is atá neamhchinnteacht ollmhór ann de bharr an Bhreatimeachta.
Maidir le hiascaigh, leag sé béim ar an mbaol atá ann d'earnáil iascaigh na hÉireann, agus an gá atá ann go ndéanfadh an tAE comhbhainistiú cúramach ar acmhainní iascaigh, chomh maith le tacaíochtaí airgeadais a chur ar fáil d'iascairí agus dá bpobail.
Bhí cruinnithe déthaobhacha úsáideacha en marge ag an Aire Creed chomh maith in éineacht:
- leis an gCoimisinéir Hogan: rinneadh tuilleadh plé ar an méid atá de dhíth maidir le tacaíochtaí margaidh traidisiúnta agus cúnamh as an ngnáth faoi Rialachán um Chomheagraíocht na Margaí, de dheasca na gcruinnithe ag an leibhéal oifigiúil an tseachtain seo caite
- le hAire Talmhaíochta na Fraince, Didier Guillaume, inar leagadh béim faoi leith ar shaincheisteanna a bhaineann le honnmhairí na hÉireann a bheidh ag dul tríd an Ríocht Aontaithe, agus an tábhacht a bhaineann leis an acmhainn sáinseáin atá i Cherbourg chun onnmhairí beo as Éirinn a choimeád
- le hAire Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia nua na Ríochta Aontaithe, Robert Goodwill MP: D'athdhearbhaigh an tAire Creed an tábhacht a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe an Comhaontú Aistarraingthe a dhaingniú chun Breatimeacht gan Mhargadh a sheachaint
Mar fhocal scoir dúirt an tAire Creed:
"Táim fíorshásta leis an dlúthpháirtíocht a léiríodh thart timpeall bhord na Comhairle inniu i ndáil leis an mbagairt a bhaineann le Breatimeacht gan Mhargadh. Tá súil againn go léir go dtiocfar ar réiteach ar bhealach ciallmhar sna laethanta atá amach romhainn."
CRÍOCH
Nótaí d'Eagarthóirí:
Nóta cainte an Aire Creed - mír Aon Ghnó Eile na Comhairle ar mhargaí feola
"Táimid go léir ar an eolas maidir leis an méid atá ag tarlú i Westminister an tseachtain seo. Táimid ag súil go mbeidh ár gcairde agus ár gcomharsana i bParlaimint na Ríochta Aontaithe ábalta an margadh atá aontaithe idir an AE agus Rialtas na Ríochta Aontaithe a cheadú, ach níl aon smacht againne air sin.
"Beidh tionchar thar a bheith diúltach ag Breatimeacht mí-ordúil, más é sin a bheidh ann, ar gheilleagar na hÉireann agus ar gheilleagar na Ríochta Aontaithe araon. Beidh tionchar ar leith aige sin ar earnáil agraibhia na hÉireann, go háirithe ar an earnáil mairteola. Is dóigh linn go mbeidh an tionchar sin le brath láithreach, agus mura bhfuil tacaíocht ar fáil, sa ghearrthréimhse ar aon nós, beidh sé deacair ag feirmeoirí mairteola teacht tríd.
"Má chailleann mairteoil na hÉireann an staid iomaíoch atá aici i margadh na Ríochta Aontaithe, cuirfidh sin isteach ar chúrsaí eile, agus cuirfidh sin na cúrsaí sin go mór as áit in réimsí eile san Aontas Eorpach.
"Tá an t-ádh ar Éirinn go bhfuil sí mar chuid d'Aontas a thuigeann gur chóir réimse beart a chur i bhfeidhm chun tacú le príomhtháirgeoirí ag amanna a mbeadh cur isteach mór ar an margadh. Má imíonn an Ríocht Aontaithe as an Ríocht Aontaithe gan mhargadh, is imeacht a bheidh anseo nár facthas riamh cheana.
"Beidh an réimse beart iomlán faoi Rialachán um Chomheagraíocht na Margaí de dhíth, lena n-áirítear na bearta tacaíochta margaidh níos traidisiúnta, chomh maith leis na bearta eisceachtúla dá bhforáiltear dóibh faoi athchóiriú 2013, d'fhonn beart spriocdhírithe a chur ar fáil chun an leachtacht a raibh rí-ghá ag feirmeacha teaghlaigh a bhí ag iarraidh dul i ngleic le dúshlán nár facthas riamh cheana leis a chur ar fáil.
"D'fhéadfadh sé go mbeadh tionchar suntasach aige ar ár gcuid earnálacha iascaigh, agus beidh ar na ballstáit agus ar an gCoimisiún oibriú as lámh a chéile chun acmhainní a d'fhéadfadh a bheith laghdaithe a bhainistiú agus tacaíocht airgeadais a chur ar fáil d'iascairí agus dá bpobail.
"Tá Éire ag tabhairt aghaidh ar an todhchaí le muinín. Is ball díograiseach í d'Aontas Stát Ceannasach, a bhfuil dlúthpháirtíocht den scoth léirithe aige in éadan dúshláin ollmhóir agus thrioblóidigh. Tá súil againn go léir go dtiocfar ar réiteach ar bhealach ciallmhar níos déanaí an tseachtain seo.
"Mura dtiocfar, táimid ag súil le bheith ag obair go dlúth leis an gCoimisiún agus le Ballstáit eile sna seachtainí amach romhainn, chun ár bhfeirmeoirí agus iascairí a chosaint, agus muid ag tabhairt aghaidh ar an tréimhse neamhchinnteachta seo."
Is féidir teacht ar eolas faoin mBreatimeacht ag www.gov.ie/brexit.