English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Béim leagtha ag an Aire Doyle ar dheiseanna atá ann d'Earnáil Orgánach na hÉireann ag an Aonach Trádála Bia Orgánach is mó ar Domhan

D'oscail an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Andrew Doyle TD pailliún na hÉireann ag BIOFACH go hoifigiúil inniu. Is é BIOFACH an t-imeacht is mó ar domhan do bhia orgánach agus bíonn sé ar siúl gach bliain i Nuremberg sa Ghearmáin. Is é Bord Bia a d'eagraigh seastán na hÉireann agus beidh naoi gcomhlacht de chuid na hÉireann ar taispeáint. Táthar ag súil go dtiocfaidh suas le 2,500 taispeántóir le chéile ag an imeacht i mbliana chomh maith le suas le 52,000 cuairteoir trádála as níos mó ná 130 tír.

Dúirt an tAire Doyle ag an oscailt:

“Ní féidir neamhshuim a dhéanamh ar chomh tábhachtach is atá Biofach do tháirgeoirí bia agus don mhargadh. Tugann sé deis do tháirgeoirí earraí Orgánacha na hÉireann a gcuid táirgí a chur i láthair an domhain mhóir. Léiríonn imeacht an lae inniu go bhfuil cuideachtaí na hÉireann, cuideachtaí a dhéanann táirgí orgánacha ar ardchaighdeán, i measc na gcuideachtaí is fearr ar domhan. Creidim go láidir go spreagfar fás na hEarnála Orgánaí in Éirinn mar gheall ar na deiseanna margaidh atá ann."

Leag an tAire Doyle béim ar an ról tábhachtach a bheidh ag an Straitéis nua d'earnáil bhia Orgánach na hÉireann go dtí an bhliain 2025 a sheol sé an tseachtain seo caite:

“Léiríonn an Straitéis seo na deiseanna a bheidh ar fáil d'earnáil Orgánach na hÉireann go dtí an bhliain 2025 agus ina dhiaidh. Tá sé ríthábhachtach go mbeidh láithreacht láidir ag cuideachtaí na hÉireann ag imeachtaí ar nós Biofach, le go mbeifear in ann deiseanna fáis a bhaint amach d'earnáil orgánach na hÉireann. Leagtar amach fís shoiléir sa straitéis i leith fás Earnáil Orgánach na hÉireann go dtí 2025 agus is fianaise bhreise atá ann ar thiomantas an Rialtais seo d'Earnáil Orgánach na hÉireann."

D'admhaigh an tAire Doyle an obair leanúnach atá ar bun ag Bord Bia chun próifíl an bhia orgánaigh a ardú i measc tomhaltóirí sa tír seo agus thar lear agus chun earraí na hÉireann a chur i láthair ag an imeacht Biofach seo.

Dúirt Tara McCarthy Uasal, CEO Bord Bia, roimh an seoladh:

“Ós rud é go bhfuil fás ag teacht ar an éileamh domhanda ar roghanna bia atá sláintiúil, inbhuanaithe agus iontaofa, tá táirgeoirí orgánacha na hÉireann i riocht mhaith chun freastal ar riachtanais tomhaltóirí domhanda. Tugann Biofach 2019 deis dúinn na táirgí ardchaighdeáin orgánacha atá ag Éirinn a chur os comhair an phobail agus cuirtear deis den scoth ar fáil ag an am céanna do tháirgeoirí agus do phróiseálaithe chun teagmháil a dhéanamh le cinnteoirí a bhíonn ag ceannach ón Eoraip agus níos faide i gcéin."

Ag féachaint chun cinn ar 2019, dheimhnigh Tara McCarthy:

“In 2019, cuirfidh Bord Bia tacaíocht níos mó ar fáil do chuideachtaí orgánacha na hÉireann thar lear trí mhaoiniú breise a chur ar fáil, lena n-áirítear úsáid a bhaint as cómhaoiniú AE chun bia orgánach a chur chun cinn. Chomh maith leis sin tá Bord Bia ag tabhairt faoi thaighde idirnáisiúnta chun an deis atá ann maidir le táirgí orgánacha na hÉireann a chur ar fáil ar spriocmhargaí onnmhairithe a fhiosrú tuilleadh."

Beidh an tAire ag freastal ar roinnt imeachtaí le linn dó a bheith ag Biofach. Áirítear ar na himeachtaí sin, táirgí orgánacha aonair de chuid na hÉireann a chur chun cinn agus cruinnithe le ceannaitheoirí tábhachtacha. Le linn dó a bheith i Nuremberg, casfaidh an tAire Doyle leis an Uasal Marcel Reinhard, Bainisteoir Réigiúnach an mhiondíoltóra orgánaigh 'denn’s Biomarkt' chun na deiseanna margaidh a d'fhéadfadh a bheith ann do tháirgí orgánacha na hÉireann a phlé.

CRÍOCH


Nótaí d'Eagarthóirí