English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Béim leagtha ag an Aire McConalogue ar ullmhúcháin Bhreatimeachta ag Coiste Feidhmiúcháin Ardleibhéil Food Wise 2025

Rinne an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, cathaoirleacht inné ar an 29ú cruinniú de chuid Choiste Feidhmiúcháin Ardleibhéil Food Wise 2025 (HLIC) áit ar pléadh ullmhúcháin Bhreatimeachta, iarmhairtí eacnamaíochta COVID-19 don earnáil, agus an dul chun cinn i ndáil le Straitéis nua Agraibhia go dtí an bhliain 2030.

Dúirt an tAire McConalogue,

"Maidir leis an mBreatimeacht, tá sé tábhachtach go mbeidh mo Roinnse agus na Gníomhaireachtaí Stáit réidh chun tacú leis an earnáil, beag beann ar thoradh na n-idirbheartaíochtaí leanúnacha. Cuireadh tús leis an bpleanáil agus leis na hullmhúcháin roinnt blianta ó shin agus táim muiníneach go bhfuilimid chomh réidh agus is féidir linn a bheith i bhfianaise na gcúinsí nach bhfacthas go dtí seo. Mholfainn arís do gach gnólacht nach bhfuil ullmhúcháin déanta aige fós do na hathruithe móra atá romhainn leas a bhaint as na tacaíochtaí agus as an gcomhairle atá ar fáil."

Chomh maith leis sin pléadh socruithe leanúnacha maidir le dul i ngleic le tionchair na paindéime, lena n-áirítear tuairisc ar mhisin trádála a reáchtáladh go fíorúil le déanaí. Chomh maith leis sin insíodh don Choiste faoin dul chun cinn atá déanta maidir le Straitéis Agraibhia nua go dtí 2030 a fhorbairt.

Mar fhocal scoir dúirt an tAire,

"In ainneoin na ndúshlán reatha atá romhainn, táim fós uaillmhianach maidir le forbairt fhadtéarmach inbhuanaithe sna hearnálacha agraibhia agus iascaigh agus leis an straitéis 2030 féachfar níos faide chun cinn ná na dúshláin atá ann faoi láthair. Ach, anois díreach, tá sé tábhachtach go ndéanfaimis ár mbealach go cúramach trí na seachtainí agus na míonna atá amach romhainn."

CRÍOCH