Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Béim leagtha ag McConalogue ar an ngá leanúnach atá le comhaontuithe saorthrádála cothroma agus le measúnú cuimsitheach ar thionchair charntha

Leag an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D. amach inniu na príomhphrionsabail, dar leisean, a chóir eolas a dhéanamh don idirbheartaíocht agus do chur i bhfeidhm chomhaontuithe trádála AE le tríú tíortha.

Ag labhairt dó le linn chruinniú neamhfhoirmeálta an lae inniu de na hAirí Talmhaíochta agus Iascaigh, dúirt an tAire McConalouge gur cheart do chomhaontuithe den chineál sin a bheith cothrom, agus gur cheart dóibh a bheith bunaithe ar anailís agus measúnú cuimsitheach, lena n-áirítear an tionchar carntha a bhíonn acu, go háirithe ar earnálacha íogaire ar nós earnáil na mairteola.

Dúirt an tAire, "Is riachtanach atá sé comhaontuithe cothroma a bheith againn, comhaontuithe a dhéanann maith do leas ionsaitheach chomh maith le do leas cosantach na tíre, mar shampla, tríd an gcothromaíocht cheart a aimsiú idir táirgí íogaire a chosaint agus teacht níos mó ar an margadh a fháil do tháirgí onnmhairithe. Ní mór dóibh a chinntiú go mbeidh cothrom na féinne ann maidir le hinbhuanaitheacht na gcóras táirgthe san AE agus maidir lenár bpáirtithe trádála, mar shampla. Tá sé riachtanach freisin go nglacfaí an tionchar carntha ar iliomad comhaontais trádála san áireamh go hiomlán chomh maith. Mar shampla, d'iarramar go seasta le linn idirbheartaíochtaí Mercosur go dtabharfaí staidéar 2016 ar thionchair charntha an Choimisiúin cothrom le data maidir le táirgí íogaire. Ba cheart torthaí an staidéir nuashonraithe seo eolas iomlán a dhéanamh do na tairiscintí chuig tíortha atá i mbun idirbheartaíochta leis an AE chun teacht a bheith acu ar mhargaí, foilseofar an staidéar sin go gairid."

Dúirt an tAire, agus é ag déanamh tagairt ar leith eile do chomhaontú AE-Mercosur, "Maidir le Mercosur, ba mhaith liom béim a leagan arís ar na hábhair atá ag déanamh imní dom faoin tionchar diúltach a bheidh ar an earnáil talmhaíochta, ar earnáil na mairteola ach go háirithe. Tá sé fíorthábhachtach go gcloítear leis an gcaibidil den chomhaontú a bhaineann le hinbhuanaitheacht agus go gcuirtear i bhfeidhm go dian í.

Maidir le hiascaigh, dúirt an tAire McConalogue, "Ba ag an gcruinniú seo a tugadh an chéad deis dom na hábhair mhóra imní atá ag Éirinn a chur faoi bhráid Chomhairle Airí Iascaigh an AE, is é sin go bhfuil ualach díréireach á iompar ag Éirinn maidir leis an bpacáiste de chuótaí éisc atá á aistriú ón AE chuig an RA faoin gComhaontú Trádála & Comhoibrithe nua. Tugadh na hábhair imní atá ag muintir na hÉireann maidir leis seo ar aird ag an leibhéal is airde agus tá Éire ag fanacht lena fháil amach mar a rachfar i ngleic go práinneach leis an ábhar seo."

Dúirt an tAire McConalogue chomh maith, "Ó tharla gurb í seo an chéad bhliain de phléití AE/EU ar Ghabhálacha Iomlán Incheadaithe ar ár n-iascaigh i gcomhar, tá sé tugtha le fios go soiléir agam nár mhór rannpháirtíocht dhíreach a bheith ag Airí sa Chomhairle sna hidirbheartaíochtaí chun a chinntiú go mbeidh muinín ag an tionscal iascaigh agus páirtithe leasmhara eile go bhfuiltear ag tabhairt cluas éisteachta dóibh agus don imní atá orthu agus go dtuigtear sin."

Díríodh ar an ullmhúchán do phléití idir an Coimisiúin Eorpach agus an RA le linn an chruinnithe maidir le Gabhálacha Iomlán Incheadaithe agus cuótaí éisc a shocrú don bhliain 2021. Is ar feadh tréimhse trí mhí, a mbeidh deireadh léi i Márta, a socraíodh na cuótaí éisc sealadacha reatha, socraíodh iad sin ag Comhairle Mhí na Nollag. Ní mór idirbheartaíocht a dhéanamh leis an RA roimh dheireadh mhí an Mhárta i dtaobh na nGabhálacha Iomlána Incheadaithe don bhliain ar fad i ndáil le 2021. Ó tharla gurb iad seo na chéad pléití foirmeálta faoi Chomhaontú Trádála & Comhoibrithe AE/RA, tá nósanna imeachta i bhfeidhm do hidirbheartaíochtaí leis an RA. Rinneadh tosaíochtaí na mBallstát do na hidirbheartaíochtaí a phlé ag an gcruinniú sin.

Thug an tAire soiléiriú, "Maidir le TACanna a shocrú do 2021, thug mé le fios go soiléir go raibh Éirinn tiomanta go huile agus go hiomlán cloí le cuótaí a shocrú de réir iascach ag na leibhéil inbhuanaithe is mó (MSY) agus sin ar eolas, agus maidir le stoic eile ní mór do na sonraí agus don fhaisnéis ar fad atá ar fáil eolas a dhéanamh don socrú TAC."

Phléigh na hAirí na hidirbheartaíochtaí leanúnacha CAP chomh maith. D'iarr an tAire McConalogue, agus é ag tacú leis an uaillmhian talmhaíochta níos airde a bhaineann le CAP, go dtabharfaí solúbthacht chuí do Bhallstáit agus a bPleananna Straitéiseacha CAP agus a n-idirghabhálacha á ndréachtú acu, lena n-áirítear Éiciscéimeanna

"Ní mór dúinn torthaí atá ró-shaintreorach, a 'oireann do gach ní' a sheachaint, a dúirt an tAire.

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat