Béim leagtha an athuair ag an Aire Creed ar an ngá atá le tionscal na muc in Éirinn a chosaint ó fhiabhras Afracach na muc
- Foilsithe: 16 Iúil 2019
- An t-eolas is déanaí: 16 Aibreán 2020
Is mian leis an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD béim láidir a leagan an athuair ar an ngá atá ann go mbeadh daoine atá ag taisteal ar eitleáin ar an eolas faoin gcontúirt a bhaineann le Fiabhras Afracach na Muc (ASF) do thionscal na muc in Éirinn agus do gheilleagar na tíre seo má thugtar feoil nó táirgí feola ó ainmhithe ionfhabhtaithe isteach sa tír. Tagann an rabhadh seo mar gheall ar thuairiscí ó roinnt tíortha (an Astráil, an tSeapáin agus Tuaisceart Éirinn le gairid) maidir le rianta ASF a aimsíodh i seachadtaí feola a gabhadh in aerfoirt.
Is víreas láidir é ASF atá ábalta maireachtáil ar feadh roinnt seachtainí nó míonna i dtáirgí muiceola nó feola fuaraithe, reoite nó caomhnaithe mar liamhás agus salami. Is éard is cúis le ráigeanna ASF ná dramhbhia ionfhabhtaithe (grúdarlach) a thabhairt do mhuca. Is san Áis ach go háirithe a bhí sé seo ar bun, agus níor cuireadh cosc ar ghrúdarlach a thabhairt do mhuca ach le tamall beag anuas. Ó 2001 i leith, tá cosc ar dhramhbhia ina bhfuil táirgí feola nó ar dhramhbhia a bhí i dteagmháil le feoil nó le táirgí feola a thabhairt do mhuca in Éirinn.
Tá cosc ar fheoil nó ar tháirgí feola a allmhairiú chun na hÉireann ó thíortha nach bhfuil san AE. Déanann baill foirne na Roinne i gcomhar le Seirbhís Custaim na hÉireann bagáiste paisinéirí a scrúdú in aerfoirt na tíre seo chun seachadtaí feola nó táirgí feola a aimsiú. Is éard atá i gceist leis na scrúduithe sin ná bagáiste paisinéirí a chuardach bunaithe ar an mbaol atá i gceist agus trealamh scanacháin a úsáid chun feoil nó táirgí feola i mbagáiste paisinéirí a aimsiú. Chomh maith leis sin baintear úsáid as madra bolaíochta in Aerfort Bhaile Átha Cliath. Ghabh oifigigh DAFM 893 kg d'fheoil mhídhleathach in aerfort Bhaile Átha Cliath le linn na chéad trí mhí de 2019. Rinneadh na táirgí seo a dhiúscairt faoi mhaoirseacht an DAFM de réir na rialacha a bhaineann le seachtháirgí ainmhí ardriosca (Ábhar Chatagóir 1).
Chomh maith leis sin tá dlús curtha ag DAFM faoina cuid gníomhaíochtaí chun feasacht a ardú lena n-áirítear roghanna nuálacha eile a chur i bhfeidhm le hais na bpóstaer a chrochtar de ghnáth in aerfoirt agus i gcalafoirt. Níl sna scrúduithe a dhéantar in aerfoirt ach comhpháirt amháin den fhreagairt a gcaithfidh gach duine atá bainteach chun dul i ngleic leis an mbaol reatha a bhaineann le ASF. Is é an beart rialaithe is tábhachtaí chun tionscal luachmhar na muc in Éirinn a chosaint ná go ndéanfaidh feirmeoirí tráchtála agus feirmeoirí caithimh aimsire araon bearta diana bithshlándála a chur i bhfeidhm ar fheirmeacha. Ní mór d'fheirmeoirí a chinntiú nach mbeidh teacht ag daoine eile ar a gcuid muc agus nach mbeidh teacht ag muca ar ábhar ina bhfuil feoil ná táirgí feola. Meabhraítear d'fheirmeoirí agus d'fheirmeoirí caithimh aimsire ach go háirithe, nár cheart dramhbhia ina bhfuil feoil ná táirgí feola a thabhairt do mhuca riamh.
Dúirt an tAire Creed ar deireadh:
"Is féidir linn Fiabhras Afracach na Muc a choinneáil amach as Éirinn, má dhéanann gach duine - feirmeoirí, tréidlianna, ionadaithe tionscail agus an pobal - a gcuid féin."
CRÍOCH
Nótaí d'eagarthóirí:
Cúlra
- is galar víreasach atá an-tógálach é fiabhras Afracach na muc (ASF) a mbíonn bás mar thoradh air go minic do mhuca
- ní chuireann ASF as do shláinte an duine
- baineann impleachtaí suntasacha le ASF do mhuca, muiceoil agus táirgí muiceola a thrádáil agus do shláinte agus leas ainmhithe
- is in 2014 a tháinig ASF chun solais den chéad uair san AE agus tá an galar aimsithe i dtoirc allta agus/nó muca clóis i 9 mBallstát AE ó shin i leith
- tuairiscíodh ráigeanna den ASF i muca clóis sa tSín, sa Mhongóil, i Vítneam, sa Chambóid agus, le tamall beag anuas, i Hong Cong, an Chóiré Thuaidh agus i Laos
- bhí baint shuntasach ag toirc allta le heipidéimeolaíocht an ASF sna tíortha atá buailte. Ní ann do thoirc allta ná muca fiáine in Éirinn agus tá bearta curtha i bhfeidhm lena chinntiú nach tugtar ainmhithe dá leithéid isteach sa tír seo
Gníomhartha atá glactha ag an DAFM chun an baol a bhaineann le ASF a mhaolú
- tá cosc ar fheoil nó ar tháirgí feola a allmhairiú chun na hÉireann ó thíortha nach bhfuil san AE
- i gcomhar le Seirbhís Custaim na hÉireann, tugann DAFM faoi rialú a dhéanamh ar bhagáiste paisinéirí bunaithe ar riosca in aerfoirt lena chinntiú nach dtugtar galair thromchúiseacha ainmhithe isteach sa tír seo trí thimpiste mar gheall ar tháirgí ainmhithe a allmhairiú ó thíortha atá buailte
- tá DAFM ag tacú le feirmeoirí muc chun bithshlándáil níos fearr a fhorbairt trí úsáid a bhaint as uirlis Biocheck atá aitheanta go hidirnáisiúnta agus ina mbíonn measúnú ar an bhfeirm i gceist leis – arna chomhordú ag Sláinte Ainmhithe Éireann agus arna chur ar fáil ag tréidlianna príobháideacha sainoilte
- tá feachtas cumarsáide ar leith ag DAFM maidir le ASF a ndearnadh treisiú suntasach air mar gheall ar toirc allta a dhiagnóisiú sa Bheilg. Tá an clár feasachta seo dírithe ar eolas a chur ar fáil maidir leis an mbaol atá i gceist chomh maith le bearta ar chóir do pháirtithe leasmhara a ghlacadh chun cosc a chur ar an ngalar scaipeadh chun na hÉireann. Is iad seo a leanas cuid de na gnéithe a bhaineann leis an dianfheachtas cumarsáide seo
- eolas a scaipeadh go rialta ar pháirtithe leasmhara ar leith maidir le ASF chun iad a choinneáil ar an eolas maidir leis an staid reatha ar an Mór-Roinn agus ar an mbaol atá i gceist d'Éirinn
- bileoga eolais a chur ar fáil do thréidlianna agus d'fheirmeoirí faoi ASF
- litreacha faoi ASF a scaipeadh ar gach feirmeoir muc mar chuid de mhóráireamh bliantúil na muc
- cuireadh póstaeir ilteangacha, a scaipeadh ar fheirmeoirí tráchtála muc, ina dtugtar rabhadh maidir leis an mbaol a bhaineann le cuairteoirí nó baill den fhoireann a thugann feoil nó táirgí feola ar ais leo ó réigiúin san AE atá buailte chuig feirmeacha muc in Éirinn ar fáil
- scaipeadh comhairle maidir le bithshlándáil ar an bhfeirm ina dtugtar mionsonraí ar bhearta is féidir a ghlacadh chun cosc a chur ar an ngalar a thabhairt isteach i gcás feirmeoirí tráchtála agus táirgeoirí neamh-thráchtála muc 'cúl an tí'
- scaipeadh póstaeir ina dtugtar comhairle do bhaill an phobail maidir leis an mbaol a bhaineann le ASF ag aerfoirt, ag calaí agus ag calafoirt
- rinneadh agallaimh ar stáisiúin raidió áitiúla agus náisiúnta
- scaipeadh bileoga saincheaptha bithshlándála ar chomhlachtaí iompair beostoic a oibríonn ar bhonn idirnáisiúnta, agus ar shealgairí a d'fhéadfadh a bheith ag taisteal as tíortha atá buailte le ASF
- scaipeadh comhairle shonrach maidir le ASF, i gcomhar leis an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, ar ghnáthchomhlachtaí iompair a oibríonn ar bhonn idirnáisiúnta
- foilsíodh ailt i bhfoilseacháin tréidliachta agus feirmeoireachta mór le rá
- baineadh úsáid as Twitter chun eolas agus comhairle bhithshlándála a chur ar fáil maidir le ASF
- cuireadh réimse faoi leith ar fáil ar láithreán gréasáin an DAFM inar féidir eolas a fháil maidir le ASF agus an baol a laghdú