Baineann an tAire Hackett cead na Comh-Aireachta amach chun athruithe reachtaíochta a dhéanamh ar an Acht Foraoiseachta, 2014 atá dírithe ar an méid crainn dhúchasacha a chuirtear a mhéadú
- Foilsithe: 14 Nollaig 2021
- An t-eolas is déanaí: 16 Nollaig 2021
Tá gliondar croí ar an Aire Stáit um Úsáid Talún agus Bithéagsúlacht ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett a fhógairt inniu go bhfuair sí cead ón gcomh-aireacht athruithe a bhaint amach ar an Acht Foraoiseachta, 2014 agus é a dhéanamh níos éasca crainn dhúchasacha a chur i limistéir bheaga.
Cuirfidh an leasú ar chumas na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara an méid crainn dhúchasacha a chuirtear a mhéadú mar chuid de scéim tríd an riachtanas atá le ceadúnas foraoisithe a bhaint do limistéir a mhéid le 1 heicteár agus a cheadú níos mó crainn dhúchasacha a chur i limistéir bheaga de choillearnach bhruachánach.
Agus fáilte á cur aici roimh na hathruithe a bheartaítear, leag an tAire Hackett béim ar an tosaíocht a bhaineann leis an reachtaíocht gealltanais a Roinne a ailíniú i gClár an Rialtais agus sa Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide a foilsíodh le déanaí.
Dúirt an tAire,
“Cuirfidh na socruithe nua seo ar chumas mo Roinne speicis chrann dúchasach a chur a dhreasú níos mó a chuirfidh le spriocanna na hÉireann, athrú aeráide, bithéagsúlacht, gnáthóga agus cáilíocht an uisce san áireamh. Rachaidh mo Roinn i gcomhairle le páirtithe leasmhara an tionscail lena chinntiú go gcuirfidh na scéimeanna agus na bearta a forbraíodh le scéimeanna reatha ina gcuirtear crainn”.
Is tábhachtach nach mbaintear den riachtanas an dlí comhshaoil a chomhlíonadh tríd an athrú seo a dhéanamh mar gheall go rialaítear na hoibreacha go léir trí scéim Roinne. Tabharfar faoi scéim a fhorbairt tar éis go gcríochnófar an Mheasúnacht Straitéiseach Timpeallachta agus Measúnacht Chuí. Cuimseofar critéir cháilitheachta isteach an scéim a chinnteoidh go dtugtar faoi na hoibreacha uile ina gcuirfear crainn ar bhealach a chloíonn leis an dlí agus atá inbhuanaithe.
Dúirt an tAire,
“Táim muiníneach go mbeidh na hathruithe seo an-tábhachtach i dtaobh coillearnach dhúchasach nua agus slánachair uisce nár cuireadh isteach orthu a chruthú ar féidir iad a úsáid le seirbhísí bríocha éiceachórais a sholáthar a chosnaíonn agus a fheabhsaíonn cáilíocht an uisce agus éiceachórais uisceacha. Déanfaidh na gnáthóga buana leathnádurtha tírdhreacha seo a chruthú taobh le sruthanna, aibhneacha agus lochanna cáilíocht an uisce agus gnáthóga uisceacha a chosaint agus a fheabhsú amach anseo.”
Is tábhachtach a thabhairt faoi deara go dtitfidh comhairliúchán le páirtithe leasmhara amach maidir le haon bhearta a bheartaítear lena chinntiú go mbíonn aon bhearta ina gcuirfear crainn comhlántach. Cuirfidh an chéad CBT agus Clár Foraoiseachta eile deiseanna ar fáil lena spreagadh níos mó crann a chur agus cuireann an Roinn fáilte roimh rannpháirteachas le páirtithe leasmhara sna míonna amach romhainn fad a fhorbraítear sonraí faoi scéimeanna.
CRÍOCH