English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Bealach chuig laghdú 51% ar astuithe ar fud an gheilleagair Deimhníonn McConalogue laghdú 25% ar astuithe talmhaíochta

Tá uasteorainneacha aontaithe ag an Rialtas inniu le haghaidh astuithe ó gach earnáil den gheilleagar a sheachadfaidh plean i dtreo laghdú 51% faoi 2030. Teastóidh ciorrú 25% ar astuithe faoi 2030 mar gheall ar an uasteorainn don earnáil talmhaíochta, i gcomparáid le leibhéil 2018.

Dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue TD:

“Inniu tá plean aontaithe ag an Rialtas chun laghdú 51% a dhéanamh ar astuithe ar fud an gheilleagair faoi 2030. Tá an uasteorainn astuithe don talmhaíocht socraithe ag leibhéal a éilíonn laghdú 25% faoi 2030. Tagann sé seo laistigh den raon sprice a shanntar don earnáil faoin bPlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide 2021. Tá áthas orm an chonclúid seo a bhaint amach mar bhealach chun cinnteacht a thabhairt dár dteaghlaigh feirme agus dá ngnólachtaí sna deich mbliana atá romhainn.

“Thug an Clár don Rialtas agus an tAcht Aeráide tiomantas do ghníomhú láidir ar son na haeráide. Tá géarchéim aeráide os comhair an domhain, agus mar sin tá gníomh den sórt sin fíor-riachtanach. Aithníonn sé freisin ról speisialta eacnamaíoch agus sóisialta na talmhaíochta, agus an tábhacht a bhaineann le táirgeadh inbhuanaithe bia. Táim sásta go bhfuil cothromaíocht chuí maidir leis sin sa chomhaontú arna tháinig muid inniu.”

Dúirt an tAire freisin:

“Léiríonn an sprioc seo uaillmhian an-dúshlánach ach insroichte don earnáil. Tá sé ina thosaíocht ag an Rialtas seo ár gcóras táirgthe bia inbhuanaithe a chosaint agus a fheabhsú, agus ag an am céanna a chinntiú go ndéanann talmhaíocht a páirt i maolú an athraithe aeráide. Táim lánchinnte go nglacfaidh feirmeoirí leis an dúshlán seo agus, mar Aire, seasfaidh mé go hiomlán taobh thiar dár bhfeirmeoirí ar an aistear seo chun tacú leo ag gach céim dó.’’

Dúirt an tAire Pippa Hackett:

“Beidh muid ag tacú le feirmeoirí trí thionscnaimh ar nós clár foraoiseachta nua agus dreasachtaí feabhsaithe chun dul i mbun feirmeoireachta Orgánach agus infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíocht fuinnimh in-athnuaite. Beidh an Rialtas ag cabhrú freisin le forbairt bithmheatán ó Dhíleá Anaeróbach (AD), a thugfaidh deis d’fheirmeoirí ar mian leo breathnú ar fhoinsí ioncaim breise agus ag an am céanna cur go mór le dícharbónú an chórais fuinnimh. Táim muiníneach gur féidir linn ár spriocanna gníomhaíochta aeráide a bhaint amach trí oibriú le chéile ar bhealach atá dírithe ar réitigh.”

Thug an tAire Martin Heydon faoi deara an gá atá le breathnú ar fhorbairtí taighde le bheith mar chuid den réiteach chun aghaidh a thabhairt ar astuithe ón earnáil:

“Tá réitigh á bhforbairt, tá dul chun cinn mór á fheiceáil againn maidir le breiseáin bheatha, go háirithe an breiseán 3NOP atá faoi thaighde ag Teagasc. Dearadh an breiseán seo le haghaidh beathú leanúnach i gcórais taobh istigh, is é an dúshlán atá ann anois ná roghanna a fhorbairt dár n-ainmhithe féaraigh.

“Leanfaimid ar aghaidh ag infheistiú go mór i dtaighde chun tacú lenár bhfeirmeoirí bia a tháirgeadh ar bhealach níos éifeachtaí sa todhchaí chomh maith le dul chun cinn a dhéanamh ar son an chomhshaoil agus ioncaim feirme.”

Leag an tAire McConalogue béim ar an ngá atá le treoir shoiléir d’fheirmeoirí maidir le himpleachtaí an chinnidh seo:

“Is é an tosaíocht atá agam anois ná oibriú le páirtithe leasmhara chun tacú leis na spriocanna seo agus iad a bhaint amach. Nuashonrófar ár gclár oibre AG Climatise a luaithe agus is féidir, a chuimseoidh moltaí nua ó na coistí Food Vision Déiríochta agus Beed. Teastaíonn treochlár soiléir ón earnáil amach anseo agus tá sé mar aidhm agam an próiseas seo a chur chun cinn an fómhar seo." Dúirt an tAire freisin; “Tá ár dtacaíochtaí cumraithe cheana féin agam, mar phlean straitéiseach an CAP agus tacaíocht i réimsí ar nós trealaimh Astuithe Íseal agus táirgeadh fuinnimh ar an bhfeirm chun na spriocanna seo a bhaint amach. Leanfar leis seo agus tacófar le feirmeoirí ina n-aidhmeanna.”

Maidir leis an gcinneadh cuir san áireamh LULUCF sa phróiseas uasteorainn astaíochtaí earnála a chur siar ar feadh 18 mí, ionas go dtarlóidh sé i gcomhthráth le críochnú an Athbhreithnithe ar Úsáid Talún (tiomanta ag an PfG), dúirt an tAire:

“Níor tógadh an cinneadh seo go héadrom, ach léiríonn sé an chastacht agus an éiginnteacht a bhaineann le cainníochtú astuithe a eascraíonn ón gcóras bitheolaíoch seo. Ina haighneacht le déanaí maidir le Fardal Náisiúnta 2022, chuimsigh an EPA mionleasú maidir leis na hastuithe a thagann ón talamh.

“Tá infheistíocht mhór déanta agam tríd an Réadlann Náisiúnta Carbóin Ithreach agus tríd an scéim Samplála Ithir chun eolas níos fearr a fháil ar a bhfuil ag tarlú ar fud ár n-ithreacha. Tá an cinneadh seo ag teacht le forálacha an Achta um Ghníomhú ar son na hAeráide agus Ísealcharbóin (Arna Leasú) 2021 chun tuiscint níos fearr a fháil ar a bhfuil ag tarlú maidir lenár n-ithreacha agus ár n-eastát foraoise, go háirithe de réir mar a athraíonn ár n-astaíochtaí úsaide talún agus ár gceapadh carbóin le himeacht ama.’’