English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Beart tacaíochta Iompair Farae fógartha ag an Aire Talmhaíochta Bia agus Mara, Charlie McConalogue

D'fhógair an tAire Talmhaíochta Bia & Mara, Charlie McConalogue TD, inniu go bhfuil Beart Tacaíochta Iompair Farae á thabhairt isteach chun cúnamh breise a chur ar fáil d'fheirmeoirí beostoic atá thíos ag an aimsir eisceachtúil fhada. I gcuid mhaith de na cásanna seo chiallaigh scaoileadh amach moillithe na n-ainmhithe leis an bhféar, de dheasca coinníollacha talún an-lag, go bhfuil roinnt feirmeoirí ag rith as farae anois.

Agus an beart á sheoladh inniu aige, d'admhaigh an tAire gur príomhcheist a bhí le réiteach ná an costas a bhain le farae a iompar idir na ceantair sin ina raibh sé ar fáil flúirseach agus iad siúd ina raibh sé gann:

‘Léirigh anailís Teagasc go bhfuil farae ar fáil ar fud na tíre, ach tuigim an costas suntasach breise atá ar fheirmeoirí ina gcaithfear farae a iompar thar achar suntasach go dtí na ceantair is mó a bhfuil gá leis.'

Dúirt an tAire freisin,

‘Tógann an beart seo ar mo chuid tacaíochtaí luatha d'fheirmeoirí, trí shos ar gach cigireacht neamhriachtanach, agus trí thacaíocht chomhairleach d'fheirmeoirí a chomhordú ag Teagasc chun aistrithe farae agus comhairle a éascú thar an tréimhse le déanaí.'

Tá ranníocaíocht airgeadais á cur ar fáil chun costais iompair a bhaineann le Féar Tirim, Biatas Farae, Tuí agus sadhlais ar mhaithe le beathú a chúiteamh, áit a bhfuil fad níos mó ná 75 km i gceist leis seo. Beidh feirmeoirí incháilithe chun ranníocaíocht airgeadais a fháil chun costais iompair farae a chúiteamh. Tá cúnamh airgeadais faoin mBeart Tacaíochta Iompair Farae iníoctha i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1408/2013 ón gCoimisiún maidir le cabhair de minimis in earnáil an táirgthe talmhaíochta.

Lean an tAire McConalogue ar aghaidh ag cur in iúl, agus aghaidh á tabhairt aige ar na dúshláin atá ann faoi láthair, go bhfuil íocaíochtaí ó Dheireadh Fómhair seo caite go dtí seo tar éis breis is €1.8 bhilliún a chur isteach i ngeilleagar tuaithe na hÉireann. Ina theannta sin, d'eisigh scéim Farae 2023 íocaíochtaí de bheagnach €53m do 67,000 feirmeoir chun cabhrú leo farae breise a dhéanamh. Ar cheist na cigireachta, shonraigh an tAire freisin gur fhógair an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta agus Bord Bia sosanna den chineál céanna leis an sos a d'fhógair an RTBM.

Tháinig an Coiste Náisiúnta Slándála Farae agus Bia le chéile faoi dhó le déanaí agus chabhraigh chun freagairt chomhordaithe ar an bhfadhb farae a chinntiú ar fud na bpríomhpháirtithe leasmhara ar fad, lena n-áirítear Teagasc, ceannaithe beatha, comharchumainn, baincéireacht agus na comhlachtaí feirmeoireachta.

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire McConalogue:

‘Toisc go ndéantar farae a thrádáil idir feirmeacha ar bhonn rialta, tá sé riachtanach go ndírítear an beart tacaíochta atá á fhógairt inniu orthu siúd is mó a dteastaíonn sé uathu agus nach mbíonn tionchar aige ar ghnáthfheidhmiú an mhargaidh le haghaidh farae. Táim buíoch go bhfuil struchtúr an chomharchumainn ag tacú le cur i bhfeidhm praiticiúil an bhirt seo.’

Nótaí d’eagarthóirí

Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh ar an mBeart Tacaíochta Iompair Farae?

Feirmeoirí atá thíos ag ganntanas suntasach foráiste ar a ngabháltas.

An gcaithfidh beostoc a bheith ag feirmeoir chun cabhair a fháil faoin mbeart?

Caithfidh – tá an tacaíocht á cur i bhfeidhm chun cabhrú le feirmeoirí beostoic atá thíos le ganntanas farae.

Cad iad na spriocdhátaí d'oscailt na scéime, roimh a bhfuil farae neamh-incháilithe don scéim?

Níl foráiste a ceannaíodh roimh an 31 Márta (agus an foráiste sin san áireamh) incháilithe don scéim.

Cá bhfaighidh mé an Foráiste breise?

Beidh Comharchumainn ar fud na tíre ag éascú an Bhirt Tacaíochta Iompair Farae.

Cathain agus cén áit a mbeidh foirmeacha iarratais ar fáil?

Beidh foirmeacha iarratais ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne go luath.

Cén páipéarachas atá i gceist?

Ní mór na doiciméid seo a leanas a chur isteach chun iarratas bailí a dhéanamh:

1. Foirm iarratais chomhlánaithe sínithe ag an bhfeirmeoir.

2. Foirm dhearbhaithe Chomharchumainn chomhlánaithe sínithe ag an gcomharchumann.

Cad é an ranníocaíocht airgeadais iompair atá ar fáil faoin mbeart?

Ábhar Foráiste Méid an Bhurla Tacaíocht Iompair in aghaidh an Bhurla/Tonna €
Féar Tirim/Tuí ar mhaithe le beathú 4 x 4 20
Féarlas/sadhlas 4 x 4 30
Féar Tirim/Tuí ar mhaithe le beathú 8 X 4 X 4 35
Féar Tirim/Tuí ar mhaithe le beathú 8 X 4 X 3 30
Féarlas/sadhlas 8 X 4 X 3 40
Féar Tirim/Tuí ar mhaithe le beathú 6 X 3 X 2 8
Sadhlas Poill In Aghaidh an Tona 40
Biatas Farae In Aghaidh an Tona 40

An bhfuil sadhlas poill incháilithe don bheart?

Tá sadhlas poill, lena n-áirítear sadhlas arbhair, clúdaithe ag an mbeart mar atá burla féir, sadhlas, féarlas agus tuí ar mhaithe le beathú.

Cá gcuirim m'iarratas comhlánaithe isteach?

Tá iarratais chomhlánaithe le cur isteach chuig an seoladh seo a leanas, nó trí ríomhphost chuig foddertransportmeasure@agriculture.gov.ie

Beart Tacaíochta Iompair Farae,

An tAonad um Íocaíochtaí Díreacha,

An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara,

Sean Bhóthar Mhainistir Laoise,

Port Laoise, Co. Laoise

An bhfuil teorainn leis an méid maoinithe is féidir le duine aonair a fháil?

Tá incháilitheacht chun maoiniú a fháil faoin mBeart Tacaíochta Iompair Farae 2024 ag brath ar an iarratasóir a bheith laistigh den teorainn cabhrach aonair €20,000 sna blianta fioscacha 2021-2024, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 1408/2013 ón gCoimisiún. I gcás ina sáraíonn aon chabhair a bhronntar an méid sin, ní eiseofar aon íocaíocht.