English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Bearta chun piardóga a chaomhnú fógartha ag an Aire Creed

D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD inniu, go bhfuil beart caomhnaithe nua ceadaithe aige a thabharfaidh cosaint faoin dlí do phiardóga a bhfuil v-eangú déanta orthu. Tugadh tacaíocht choiteann don bheart nuair a phléigh an tAire an beart le hionadaithe tionscail le linn chruinniú an Fhóraim Náisiúnta Iascaigh Cois Cladaigh (NIFF) inniu san Ionad Náisiúnta Bia Mara i gCloich na Coillte, Co Chorcaí.

Eascraíonn an beart caomhnaithe ó thogra a thionscain baill ó thionscal iascaireachta an iardheiscirt, i gcomhar le Foras na Mara, inar hiarradh cosaint dlí do phiardóga a bhfuil v-eangú déanta orthu faoi thionscadal Fhoras na Mara sa réigiún sin. Thug an tAire cuireadh do bhaill an Fhóraim agus do ghníomhaireachtaí mara a gcuid tuairimí ar thréimhse treorach chuí don bheart nua a chur in iúl ag cruinniú an NIFF inniu.

Maidir leis an mbeart seo a thabhairt isteach, dúirt an tAire:

"Tá áthas orm ceadú an bhirt seo a fhógairt, beart a d'fhéadfadh tacú leis an stoc piardóg a thabhairt ar ais ina limistéir iascaigh dhúchais ar feadh chósta Theas agus Thiar na hÉireann. Leanann na Fóraim Iascaigh Cois Cladaigh, atá ar an bhfód le cúig bliana anois, d'aghaidh a thabhairt ar an dúshlán a bhaineann le bearta a fhorbairt chun tacú le hearnáil inbhuanaitheach sa fhadtéarmach a bhaint amach. D'iarr mé ar oifigigh mo Roinne an ionstraim dlí chuí a dhréachtú chun an beart seo a chur i bhfeidhm."

Comharchumann Sliogéisc Iarthuaisceart Chiarraí i gcomhar le Foras na Mara a d'fhorbair an togra maidir le piardóga a bhfuil v-eangú déanta orthu a chosaint. D'eascair an togra ó thionscadal arna chur i gcrích le dhá bhliain anuas ag Foras na Mara agus iascairí tráchtála atá ag díriú ar phiardóga san iardheisceart.

Faoin tionscadal, arna mhaoiniú ag Scéim Bithéagsúlachta Chiste Eorpach Muirí agus Iascaigh, bailítear sonraí bitheolaíochta ar phiardóga agus fiosraítear imirce piardóg.

Cuireadh an togra faoi bhráid Fhóram Iascaigh Cois Cladaigh Réigiún an Iardheiscirt, a thug an togra ar aghaidh chuig an NIFF le go mbeadh an tionscal níos forleithne in ann é a phlé. Mhol an NIFF an togra don Aire i mí Eanáir.

Bhí an beart maidir piardóga i measc réimse saincheisteanna iascaireachta cois cladaigh a pléadh le hionadaithe tionscail ag cruinniú an NIFF inniu. Pléadh cur i bhfeidhm Straitéise d'Earnáil Iascaigh Cois Cladaigh chomh maith le tograí maidir le hiascach duán agus dorú na ronnach agus tógáil crúb portán a bhainistiú.

CRÍOCH


Nótaí d'Eagarthóirí:

Piardóga a bhfuil v-eangú déanta orthu a chosaint

Nuair a bheidh an ionstraim dlí tugtha isteach ag an Aire Creed, beidh cosc ar bháid iascaireachta mara na hÉireann piardóga a bhfuil v-eangú déanta orthu a thógáil nó a choinneáil ar bord. Ní mór na piardóga sin a chur ar ais sa bhfarraige agus iad fós beo. Cuirfear cosc chomh maith ar phiardóga a bhfuil v-eangú déanta orthu a bheith ar fáil lena ndíol.

Déantar 'v-eagnú' ar phiardóg tríd eang de chruth v a bhaint de cheann de na liopaí (ar a dtugtar úrapóid) atá ar an dá thaobh den chuid lárnach d'eireaball na piardóige (teilsean) nuair a bheirtear ar dtús uirthi. Tá foráil den chineál céanna i bhfeidhm chun gliomaigh a bhfuil v-eangú déanta orthu a chosaint faoi I.R. Uimh. 591 de 2014 (Na Rialacháin Gliomach (Stoic a Chaomhnú) 2014) agus is léir go bhfuil tóir ar an uirlis éifeachtach bainistíochta stoic seo.

Iascaireacht Piardóg

Tógadh breis is 200 tonna den phiardóg as an bhfarraige i 1989, ach tá laghdú tagtha ar an líon sin ó shin agus is idir 20-30 tonna in aghaidh na bliana atá i gceist le blianta beaga anuas.

Áirítear i measc na rialachán eile atá i bhfeidhm maidir le hiascaireacht piardóg:

  • IR Uimh 232 de 2006 (Na Rialacháin Piardóg (Stoic a Chaomhnú) 2006) faoina gcuirtear an íosmhéid 110mm a chaithfidh piardóg a bheith sula mbeidh cead í a thógáil as an bhfarraige ar fáil
  • IR Uimh. 233 de 2006 (Na Rialacháin Piardóg (Iascaigh a Bhainistiú agus a Chaomhnú) 2006) faoinar cuireadh cosc ar iascaireacht a dhéanamh le heangacha ar an bpiardóg in dhá limistéar sainithe amach ó chósta Chiarraí agus na Gaillimhe