Bia agus deoch Éireannach á gceiliúradh agus clár gnó Aire Lá Fhéile Pádraig suntasach ar siúl chun tionscal agraibhia na hÉireann a chur chun cinn
- Foilsithe: 16 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cé gur náisiún beag oilánda muid, déantar an tÉireannachas a cheiliúradh gach Lá Fhéile Pádraig agus is ceiliúradh é a théann ar fud na cruinne. Is léiriú lúcháireach é denár nádúr, ár gcultúr agus ár gcéannacht an ceiliúradh seo, agus is deis é chun na caidrimh thar lear atá againn cheana féin a neartú agus cinn nua a chruthú.
An Márta seo, tá an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., agus an tAire Stáit freagrach as Margaí Nua a Fhorbairt, Martin Heydon T.D, in éineacht le Bord Bia, i gceannas ar shraith de chruinnithe le custaiméirí tábhachtacha ar fud an domhain – sa Ríocht Aontaithe, sa Fhrainc, sa Spáin, sa Ghearmáin, san Ísiltír, i gCeanada agus sa tSín. Sna cruinnithe leanfar le caidrimh phearsanta agus muinín a chothú, rud atá riachtanach chun cur leis an treocht bhreisluacha don bhia agus don deoch Éireannach sna margaí idirnáisiúnta.
Agus é ag cur béime ar an tábhacht a bhaineann leis an gcaidreamh seo, dúirt an tAire McConalogue:
"Déantar Lá Fhéile Pádraig a cheiliúradh ar fud an domhain. Is deis uathúil é do Rialtas na hÉireann ár ngnó agraibhia a chur chun cinn ar an stáitse idirnáisiúnta, na nascanna láidre atá ann cheana féin a athnuachan agus cinn nua a chruthú le gnólachtaí ar fud an domhain. Is í an t-aidhm atá againn ár margaí agraibhia thar lear a chothú agus a neartú i gcomhthéacs na ndúshlán atá romhainn ó Covid agus Brexit. Is í cáilíocht, sábháilteacht agus inmharthanacht ár mbia na rudaí a osclaíonn doirse dúinn sna margaí idirnáisiúnta. Ní féidir linn talamh slán a dhéanamh d’aon cheann de na buanna seo. Ní mór dúinn leanúint orainn gach ceann de na buanna seo a sheachadadh má táimid chun caidrimh fhadtéarmacha, thorthúla a thógáil le custaiméirí ar fud na cruinne.”
Chun bailchríoch a chur ar an gclár Aire, beidh misean trádála fíorúil ann go dtí an tSín. Áireofar leis seo cruinnithe custaiméara ardleibhéil agus seimineár ‘An Fás sa tSín a chur chun cinn’ d’easportálaithe Éireannacha, ina mbeidh daoine i láthair a bhfuil saineolas acu ar an margadh Síneach ó na hearnálacha feola, déirí, bia mara agus alcóil.
Dúirt an tAire Heydon,
“Tríd an gcaidreamh leanúnach lenár gcairde ar fud na cruinne, déantar caidrimh ghnó a athnuachan agus a chothú. An Lá Fhéile Pádraig seo, trí ardán uathúil, tá áthas orm bia agus deoch Éireannach a chur i gcroílár ár gceiliúradh fhíorúil. Is deis é seo dul i ngleic le heochairchustaiméirí idirnáisiúnta san earnáil bia agus dí go léir. Is seans é seo aitheantas a thabhairt don teacht aniar atá inár dtionscal roimh an phaindéim Covid agus é a mholadh as an tiomantas seasmhach a léirigh sé, táirgí bia ardchaighdeáin, inmharthana a sholáthar dá chustaiméirí. Cuirfidh an clár imeachtaí seo ar chumas easportálaithe agraibhia Éireannacha aird an domhain a tharraingt ar ár n-earraí.”
Dúirt POF Bord Bia, Tara McCarthy, freisin,
“táthar tar éis an clár do Lá Fhéile Pádraig a athshamhlú ó bhonn agus tá fócas faoi leith ar mhargaí a fhorbairt sna margaí Eorpacha agus idirnáisiúnta tábhachtacha. Tríd an líonra d’oifigí atá againn ar fud an domhain, tá tairbhe bainte ag Bord Bia as ardán sárluachmhar Lá Fhéile Pádraig chun cruinnithe forbartha gnó ardleibhéil a sheachadadh, mar aon le himeachtaí trádála spriocdhírithe agus sraith d’fheachtais phromóisin i 16 tír.”
Nótaí d’Eagarthóirí:
Chomh maith le sraith de chruinnithe trádála, áireofar i measc na n-imeachtaí promóisin an méid seo a leanas:
• Promóisean mairteola agus uaineola le 1,000 ionad miondíola ar fud na Gearmáine.
• Promóisean mairteola ar líne le ceann de na miondíoltóirí is mó san Iodáil.
• Easportáltar 32% nó €4.3 billiún d’easportálacha bia agus dí Éireannaigh go dtí an Ríocht Aontaithe, agus díreoidh ceann amháin d’imeachtaí promóisin Bhord Bia ar os cionn milliún tomhaltóirí sa Ríocht Aontaithe trí chomhoibriú le roinnt chefanna mór le rá. San fheachtas náisiúnta “Fleá Mhór Lá Fhéile Pádraig” beidh sárthaispeántas d’earraí Éireannacha ardchaighdeáin, lena n-áirítear mairteoil Éireannach Fhéarchothaithe ar cháilíocht dhearbhaithe.
• Sa Fhrainc, tá Bord Bia ag comhoibriú le Monoprix chun catalóg d’fheoil Éireannach a chur le chéile, agus reáchtálfar promóisin de bhia mara Éireannach i Carrefour and Casino.
• Sa UAE, rachaidh Bord Bia Dubai agus Fáilte Éireann i bpáirt le chéile chun sraith de chláir phromóisin a dhéanamh ar an raidió.
• San fhéile dhigiteach san Ísiltír de chuid Bord Bia ‘Lá Fhéile Pádraig sa Bhaile’, beidh taispeántais chócaireachta ó Chefanna mór le rá ó Chlub Mairteola na hÉireann, agus beidh an cainéal cócaireachta Spáinneach Canal Cocina ag obair le hoifig Bord Bia i Madrid chun mairteoil Hereford Fhéarchothaithe Éireannnach a chur chun cinn.
• An tseachtain seo caite, d’óstáil oifig Bhord Bia i Nua-Eabhrac imeacht preasa fíorúil ina raibh an chef mór le rá Dan Barber, fear a bhí ceaptha roimhe sin ag an Uachtarán Obama ar Chomhairle an Uachtaráin um Aclaíocht Fhisiciúil, Spóirt agus Chothú.
• Sa tSeapáin ó 12 go 15 Márta, bhí Bord Bia ag an taispeántas FOODEX, an seó trádála bia agus dí is mó a reáchtáltar sa tír gach bliain. Dhírigh pailliún Bhord Bia ar chlú na hÉireann a chur chun cinn maidir le déirí, mairteoil, muiceoil, uaineoil, bia mara agus deochanna sa mhargadh tábhachtach seo. An tseachtain seo, díreoidh oifig Bhord Bia i dTokyo go díreach ar thomhaltóirí Seapánacha i sraith d’imeachtaí in-mhargadh, agus tosóidh sé le promóisean ar an láthair leis an ngrúpa miondíola Aeon.
• Agus ar deireadh, sna hOileáin Fhilipíneacha, beidh Bord Bia i gceannas ar mhaistir-rang trádála a dhíríonn ar cheannaitheoirí agus ar chefanna sna seirbhísí bia agus sa tionscal óstáin.
DEIREADH