English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Buíochas glacta ag an Aire Creed le húinéirí trálaer as páirt a ghlacadh i dTionscnamh Aigéan Glan na hÉireann.

Tá fáilte curtha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD roimh an ardú atá tagtha ar líon na dtrálaer agus na mbád iascaireachta eile atá anois ag glacadh páirte i dTionscnamh Aigéan Glan na hÉireann.

Mar chuid de Thionscnamh na nAigéan Glan coinníonn iascairí plaisteach a bhí san fharraige agus a bhí i bhfostú ina gcuid eangach gach aon lá ar bord nó go dtugann said ar ais i dtír iad agus dá bharr sin baintear an truailliú sin as an mhuirthimpeallacht.

Sheol an tAire Tionscnamh na nAigéan Glan i mí Eanáir na bliana seo i mBréantrá, agus leag sé amach sprioc uaillmhianach, go mbeadh flít trálaeireachta na hÉireann ar fad rannpháirteach sa scéim faoin 31 Nollaig 2019. I láthair na huaire tá 168 trálaer agus 56 bád iascaireachta eile ag glacadh páirte agus tá 12 chalafort cláraithe agus ag glacadh páirt sa Tionscnamh.

Dúirt an tAire Creed “Is ardú misnigh an líon atá anois ag glacadh páirte sa tionscnamh. 70% de thrálaeir atá rannpháirteach faoi láthair. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le húinéirí na mbád ar fad atá ag glacadh páirte”.

Dúirt an tAire chomh maith; “Ní mór go mbeadh gach aon thrálaer ag glacadh páirte sa dtionscnaimh. Rachaidh sé seo chun leasa an tionscail iascaireachta agus chun leasa na timpeallachta. Dúirt an tAire freisin; “Tá an-áthas orm gur thug Eagraíochtaí Táirgthe Iascaigh a dtacaíocht don tionscnamh seo agus go bhfuil siad ag spreagadh a gcuid ball a bheith páirteach ann."

Tá na haigéin a chosaint ar cheann den 17 Sprioc Dhomhanda a chuimsítear i gClár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe. Laistigh de 9 mí bailíodh tuairim is 70 tonna plaisteach as an bhfarraige ó 12 de na calafoirt is gnóthaí sa tír agus bailíodh 25.5 tonna de sheaneangacha chomh maith chun iad a athchúrsáil ag baint úsáid as mionghearrthóir soghluaiste an BIM, an 'Meaisín Glas'.

Chuir an tAire Creed a bhuíochas in iúl do BIM agus dóibh ar fad atá ag cur tús leis an tionscnamh a threorú “Caithfidh mé an dream atá ag glacadh páirte i dTionscnamh na nAigéan Glan, atá á reáchtáil ag BIM, a mholadh go hard chomh maith leis an tiomantas seanbhunaithe atá ag go leor i dtionscal na hiascaireachta dramhaíl phlaisteach atá sa bhfarraige a thabhairt i dtír. Tá mé ag súil go mbeidh flít trálaeireachta na hÉireann ar fad rannpháirteach sa scéim faoin dheireadh na bliana seo.

Moltar d'iarratasóirí iarratas a dhéanamh ar líne ag http://www.bim.ie/fishing-for-litter/ nó trí theagmháil dhíreach a dhéanamh le BIM ag (01)2144100.

CRÍOCH