English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Buaileann an Grúpa Oibre um Cháilíocht Uisce Talmhaíochta le chéile

Ar iarratas ón Aire McConalogue, tionóladh an chéad chruinniú den Ghrúpa Oibre um Cháilíocht Uisce Talmhaíochta uile-tionscail nuabhunaithe ar an Luan 29 Bealtaine i bPort Laoise.

Faoi chathaoirleacht na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara, áirítear ar an ngrúpa oibre ionadaithe ó eagraíochtaí feirme, an tionscal agraibhia, Teagasc, comhairleoirí príobháideacha talmhaíochta, Údaráis Áitiúla, An Fóram Uisce agus oifigigh ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta chomh maith leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.

Tá sé mar aidhm ag an ngrúpa oibre gníomhaíochtaí léiritheacha a aithint agus tiomantas a thabhairt dóibh a éascóidh don earnáil talmhaíochta rannchuidiú le cáilíocht uisce feabhsaithe.

D’aithin an grúpa na hiarrachtaí agus na hinfheistíochtaí suntasacha atá déanta go dtí seo, ag feirmeoirí agus ag an tionscal agraibhia i gcur i bhfeidhm bearta rialála (Rialacháin Níotráití) agus deonacha (m.sh., an Clár Tacaíochta agus Comhairleach um Inbhuanaitheacht Talmhaíochta (ASSAP) agus Scéimeanna Inbhuanaitheachta an Chomharchumainn) atá dírithe ar chailliúint cothaithigh ó fheirmeacha a laghdú.

Aithníodh freisin gur cheart na hiarrachtaí atá déanta ag go leor feirmeoirí go dtí seo a aithint agus a thaispeáint nuair is cuí. De bharr an méid, dóibh siúd a bhaineann an bonn de na hiarrachtaí seo trí sháruithe ar na rialacháin, ba cheart go mbeadh gníomhaíocht forfheidhmithe feabhsaithe.

Tar éis an chéad chruinnithe seo, dúirt an tAire McConalogue,

“Tá feabhas tagtha ar cháilíocht uisce na hÉireann le tabhairt isteach an Chláir Ghníomhaíochta Níotráití, ach le deich mbliana anuas tá laghdú tagtha ar ár gcáilíocht uisce. Chuir brúnna talmhaíochta leis an laghdú seo. Is gníomh ríthábhachtach é an chomhpháirtíocht, an uaillmhian agus an tiomantas a léirigh páirtithe leasmhara ar fud na hEarnála Agraibhia ar an ngrúpa oibre seo, ar mian linn é a úsáid chun aisiompú ar threochtaí diúltacha cáilíochta uisce le déanaí a éascú d’fhonn iarracht a dhéanamh ár Maolú Níotráití a bhaint amach san fhadtéarma.”

Tá gá le hathbhreithniú eatramhach ar an gClár Gníomhaíochta Níotráití reatha i mbliana. Bunaithe ar shonraí nuashonraithe ar cháilíocht uisce, breithneoidh an t-athbhreithniú seo éifeachtacht na mbeart atá ann cheana féin, agus an gá atá le bearta nua. Tá an t-athbhreithniú á stiúradh ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, agus á threorú ag Sainghrúpa Stiúrtha Níotráití.


Nótaí d'Eagarthóirí

Rialacháin Níotráití

Is í an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta (DHLGH) an phríomhroinn Rialtais maidir leis na Rialacháin Níotráití. Tugtar Rialacháin Dea-Chleachtais Talmhaíochta an Aontais Eorpaigh um Chosaint Uiscí 2022 (arna leasú) orthu seo go foirmiúil.

Oibríonn an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara go dlúth leis an DHLGH, trí fhreagracht a sholáthar as cur i bhfeidhm agus feidhmiú an Mhaolú Níotráití.

Maolú Níotráití

Ligeann an Maolú Níotráití d’fheirmeoirí an gnáth-theorainn de 170 kg de nítrigin aoileach beostoic in aghaidh an heicteáir atá leagtha síos sna Rialacháin Níotráití a shárú, agus feirmeoireacht a dhéanamh ar leibhéal suas le 250 kg nítrigine aoileach beostoic in aghaidh an heicteáir, faoi réir rialacha níos déine.

Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún

Chuir an Coimisiún Eorpach coinníollacht i bhfeidhm maidir le treochtaí cáilíochta uisce, agus a Mhaolú Níotráití reatha á bhronnadh ar Éirinn. Deir a gCinneadh Feidhmithe nach mór an teorainn uasta N/ha aoiligh beostoic a laghdú ó 250kg N/ha go 220kg N/ha ó Eanáir 2024 i gcás go bhfuil cáilíocht an uisce go dona, nó go bhfuil treochtaí ag dul in olcas thar an tréimhse 2021-2022.

Tá an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, chuir Charlie McConalogue TD air féin cás a ullmhú chun dul i dteagmháil arís agus solúbthacht a lorg ón gCoimisiún maidir le ham an athbhreithnithe seo d’fhonn níos mó ama a thabhairt do na bearta atá ann cheana chun a dtionchar a léiriú. Mar sin féin, níl aon chinnteacht go mbeidh aon athrú ar chinneadh an Choimisiúin mar atá sé.

An Sainghrúpa Stiúrtha Níotráití.

Cuimsíonn an Sainghrúpa Stiúrtha Níotráití oifigigh ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta; An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Teagasc, agus an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA).