Bunachar Sonraí Náisiúnta Leasachán ar thrádáil i leasachán agus ar aol curtha i bhfeidhm - breis is 90,000 feirmeoir tar éis clárú
- Foilsithe: 1 Meán Fómhair 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Chuir an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D, fáilte roimh an leibhéal iontach rannpháirtíochta maidir le clárú faoin mBunachar Sonraí Náisiúnta Leasachán agus mhol sé go láidir do na feirmeoirí atá fágtha clárú.
Ó inniu ar aghaidh, ní mór d’aon fheirmeoir nó d’Úsáideoir Deiridh Leasacháin Ghairmiúil eile ar mian leis leasachán a cheannach, aol san áireamh, a bheith cláraithe mar Úsáideoir Deiridh Leasacháin Ghairmiúil leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.
Is próiseas an-simplí é seo inar féidir le feirmeoirí, nó a ngníomhairí, clárú ar www.agfood.ieTá sé tábhachtach go gcaithfidh na feirmeoirí sin a bhfuil baint acu le hiompórtáil leasacháin, aistrithe ó fheirm go feirm, agus/nó miondíol leasacháin clárú freisin mar Oibreoirí Eacnamaíocha Leasacháin ar www.agfood.ie
Cé nach gceannóidh go leor feirmeoirí leasachán ag an am seo den bhliain tá clárúcháin feirmeoirí ar an mBunachar Sonraí Náisiúnta Leasachán an-láidir. Dheimhnigh an Roinn go bhfuil breis agus 90,000 feirmeoir tar éis clárú don Bhunachar Sonraí ó mhaidin inniu.
Agus é ag labhairt ar an leibhéal eisceachtúil rannpháirtíochta iontach seo, dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue, T.D.,
“Gabhaim buíochas le gach feirmeoir atá tar éis clárú don Bhunachar Sonraí Náisiúnta Leasachán. Tá rannpháirtíocht iontach déanta ag feirmeoirí agus a ngníomhairí leis an gcóras nua feicthe, rud a léiríonn toilteanas feirmeoirí glacadh le hathruithe dearfacha. Is próiseas an-simplí é an clárú. Molaim dóibh siúd nach bhfuil cláraithe fós clárú chomh luath agus is féidir chun aon chur isteach ar a gcuid oibríochtaí feirmeoireachta a sheachaint.”
Tagann na ceanglais reachtúla maidir le díol agus allmhairiú leasacháin i bhfeidhm inniu freisin. Tá thart ar 1,000 Oibreoir Eacnamaíocha Leasacháin (ceannaithe agus feirmeoirí) tar éis clárú ar an mBunachar Sonraí Náisiúnta Leasachán. Ó inniu ar aghaidh, caithfear allmhairí isteach sa Stát a chur in iúl don Bhunachar Sonraí Náisiúnta (laistigh de 72 uair ón allmhairiú) agus ní mór d'Oibreoirí Eacnamaíocha Leasacháin na sonraí go léir ar idirbhearta leasacháin a thaifeadadh.
Beidh oifigigh na Roinne ar fáil ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta chun cuidiú le haon cheisteanna nó deacrachtaí maidir le clárú nó le húsáid an Bhunachair Sonraí Náisiúnta Leasachán.
Nóta d’Eagarthóirí
Forbraíodh an Bunachar Sonraí Náisiúnta Leasachán chun:
• díolacháin leasachán ar feadh an tslabhra soláthair a thaifeadadh
• comhlíonadh níos fearr le caighdeán uisce agus uaillmhianta comhshaoil a bhaint amach
• cuidiú le hÉirinn gealltanas don Choimisiún Eorpach a eascraíonn as ár 5ú Clár Gníomhaíochta um Níotráití a chomhlíonadh; agus
• tuairisciú feirmeoirí ar úsáid leasacháin faoi scéimeanna rialála agus tionscnaimh dheonacha a shimpliú.
Faoi fhorálacha an Achta um Rialáil Táirgí Íocshláinte Tréidliachta, Beatha Íocleasaithe agus Leasachán 2023, ó inniu, an 1 Meán Fómhair 2023:
• is cion é leasachán lena n-áirítear aol a dhíol nó a cheannach gan a bheith cláraithe.
• ní mór aon allmhairí isteach sa Stát a chur in iúl don Bhunachar Sonraí Náisiúnta Leasachán laistigh de 72 uair ón allmhairiú.
• tá na sonraí go léir ar idirbhearta leasacháin le taifeadadh ag Oibreoirí Eacnamaíocha Leasacháin.
Dátaí tábhachtacha eile
14 Meán Fómhair 2023
Dáta Dearbhaithe Stoic Deiridh d’Úsáideoirí Deiridh Leasacháin Ghairmiúil.
30 Meán Fómhair 2023
Dáta Dearbhaithe Stoic Deiridh d'Oibreoirí Eacnamaíocha Leasacháin.
15 Deireadh Fómhair 2023
An dáta faoina gcaithfidh Úsáideoirí Deiridh Leasacháin Ghairmiúil agus Oibreoirí Eacnamaíocha Leasacháin stoic deiridh, stoc NIL nuair is cuí san áireamh, a chur isteach chuig an mBunachar Sonraí Náisiúnta na Leasacháin.
15 Nollaig 2023
An dáta faoina gcaithfidh Oibreoirí Eacnamaíochta Leasacháin sonraí díolacháin Mheán Fómhair, Dheireadh Fómhair agus Samhain 2023 a chur isteach chuig an mBunachar Sonraí Náisiúnta na Leasacháin.
15 Eanáir 2024
An dáta faoina gcaithfidh Oibreoirí Eacnamaíocha Leasacháin sonraí díolacháin mhí na Nollag 2023 a chur isteach chuig an mBunachar Sonraí Náisiúnta Leasachán. Ní mór na sonraí díolacháin míosúla go léir ón 1 Nollaig 2023 a chur isteach roimh an 15ú lá den mhí ina dhiaidh sin.
Tabhair faoi deara: Mar bheart idirthréimhseach chun forbairt TF na miondíoltóirí leasacháin a éascú, ní mór sonraí díolacháin Mheán Fómhair, Dheireadh Fómhair agus Samhain 2023 a chur ar ais roimh an 15 Nollaig 2023 ach ón 1 Nollaig 2023, ní mór sonraí míosúla a uaslódáil chuig an mbunachar sonraí roimh an 15ú lá den mhí ina dhiaidh sin.