Cód Dea-Chleachtais maidir le Úsáid Fhreagrach Ábhar Frithmhiocróbach ar fheirmeacha Ba Diúil agus Mairteola seolta an Aire McConalogue ar lá Feasachta na hEorpa ar Úsáid Antaibheathach. Cur chuige i gcomhar de dhíth le haghaidh a thabhairt ar AMR

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cód Dea-Chleachtais maidir le Úsáid Fhreagrach Ábhar Frithmhiocróbach ar fheirmeacha Ba Diúil agus Mairteola seolta an Aire McConalogue ar lá Feasachta na hEorpa ar Úsáid Antaibheathach. Cur chuige i gcomhar de dhíth le haghaidh a thabhairt ar AMR

Tá Cód Dea-Chleachtais Maidir le hÚsáid Freagrach na nÁbhar Frithmhiocróbach ar fheirmeacha ba diúil agus mairteola seolta ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D. Tá an seoladh ag tarlú an tráth céanna le tús Sheachtain Feasachta an Domhain ar Ábhar Frithmhiocróbach a bheidh ar siúl ón 18 go dtí an 24 Samhain.

Agus é ag seoladh an Chóid dúirt an tAire

"treoir luachmhar é an Cód Dea-Chleachtais seo d'fheirmeoirí mairteola agus ba diúil agus iad ag obair chun aghaidh a thabhairt ar dhúshlán 'One Health’ maidir le frithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbaigh (AMR)." Leag sé béim ar na straitéisí praiticiúla atá leagtha amach sa cháipéis a leagan béim ar chuid de na gníomhaíochtaí tábhachtacha nár mhór d'fheirmeoirí ba diúil agus mairteola a ghlacadh chun a n-úsáid fhoriomlán antaibheathaigh a laghdú agus sláinte a dtréad a fheabhsú."

Chuir an tAire fáilte roimh sheoladh tráthúil an Chóid inniu ar Lá Feasachta na hEorpa maidir le hÚsáid Antaibheathach, ar imeacht bliantúil é, agus bealach le béim a leagan ar an imní leanúnach ar fud an domhain i ndáil le AMR. Dúirt sé,

"is dúshlán i gcónaí AMR, ní hamháin do shláinte an duine, ach do shláinte ainmhithe, slándáil bhia agus ár dtimpeallacht roinnte chomh maith."

Chuir an tAire in iúl go bhfuil ról tábhachtach ag gach páirtí leasmhar maidir le haghaidh a thabhairt ar an bhfadhb 'One Health' seo, agus mar chuid de sheoladh an lae inniu, bhí sé ag iarraidh buíochas ach go háirithe a ghlacadh leis an obair mhór agus an obair i gcomhar atá déanta ag Cumann na bhFeirmeoirí, Tréidliacht Éireann agus Teagasc.

Dúirt an tAire

“faoi chathaoirleacht an Chumainn um Shláinte Ainmhithe agus Plandaí tá forbairt déanta ag Cumann na bhFeirmeoirí, Tréidliacht Éireann agus ag Teagasc ar uirlis úsáideach d'fheirmeoirí ba diúil agus mairteola chun tacú le hobair na hearnála agraibhia ar mhaithe le haghaidh a thabhairt ar AMR."

Rinne an tAire tagairt do rannpháirtíocht leanúnach pháirtithe leasmhara chun aghaidh a thabhairt ar AMR ar fud na n-earnálacha sláinte daoine, sláinte ainmhithe agus timpeallachta ag leibhéal One Health. Mhol sé an cheannaireacht i gcomhar atá léirithe agus na bearta a tugadh fúthu faoi phlean gníomhaíochta náisiúnta na hÉireann chun aghaidh a thabhairt ar AMR (iNAP).

Dúirt sé go raibh súil aige

"go leanfaí den chomhpháirtíocht maidir leis an obair forbartha agus atrialla a bheidh ar bun sa chéad leagan eile de iNAP agus maidir le bearta amach anseo, a bhainfidh go sonrach leis an earnáil, a chur i bhfeidhm le tacaíocht ó choiste feidhmiúcháin sláinte ainmhithe iNAP, faoi chathaoirleacht an príomhoifigigh tréidliachta an Dochtúir Martin Blake.’’

Mar fhocal scoir dúirt an tAire

"chun go n-éireoidh linn dul i ngleic le AMR ní mór úsáid antaibheathaigh a laghdú a bheith ina phríomhchuspóir ag an earnáil agraibhia trí na caighdeáin is airde sláinte ainmhithe agus is féidir a bhaint amach agus mholfainn dár bpáirtithe leasmhara páirt a ghlacadh i Seachtain Feasachta Sláinte Ainmhithe a bheidh ar siúl go gairid trína bhfaighidh páirtithe leasmhara eolas ar an gcaoi lena dtréada agus a n-ealtaí a chosaint agus ar stádas sláinte náisiúnta ainmhithe na tíre. Tá sé tábhachtach go dtuigfí go bhfuil ról againn ar fad agus go bhfuil leas dílsithe againn i dtaobh aghaidh a thabhairt ar fhorbairt agus ar scaipeadh AMR trí muid féin a chur ar an eolas agus trí treoracha dea-chleachtas a leanúint."

Tá seimineár gréasáin á óstáil ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara inniu ag 2pm chun Lá Feasachta na hEorpa maidir le hÚsáid Antaibheathach a chomóradh.

Nótaí d'Eagarthóirí :

Cad is Lá Feasachta na hEorpa maidir le hÚsáid Antaibheathach?

Beidh Lá Feasachta na hEorpa maidir le hÚsáid Antaibheathach (EAAD) ar siúl Dé Céadaoin an 18 Samhain 2020, i gcomhpháirtíocht le Seachtain Feasachta an Domhain ar Ábhar Frithmhiocróbach na hEagraíochta Domhanda Sláinte (18 – 24 Samhain 2020). Tá sé mar aidhm ag EAAD feasacht a ardú maidir le leis an mbaol a bhaineann le frithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach do shláinte phoiblí agus maidir le chomh tábhachtach agus atá úsáid stuama antaibheathaigh. Dearbhaítear leis na sonraí is déanaí go bhfuil ardú ag teacht ar líon na n-othar atá ionfhabhtaithe ag baictéir atá frithsheasmhach ar fud an Aontais Eorpaigh agus gur mór an chontúirt a bhaineann le frithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach do shláinte phoiblí.

Cad is AMR ann?

Is é is frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach ann ná frithsheasmhacht miocrorgánaigh in aghaidh druga a bhí éifeachtach roimhe sin chun cóireáil a chur in aghaidh ionfhabhtuithe a mbíonn an miocrorgánach lena mbaineann ina gcúis leo. Tá miocrorgánaigh fhrithsheasmhacha (lena n-áirítear baictéir, fungais, víris agus seadáin) in ann ionsaí a sheasamh ó dhrugaí frithmhiocróbacha amhail drugaí frithbhaictéaracha (e.g. antaibheathaigh), drugaí frithfhungasacha, drugaí frithvíreasacha agus drugaí frithmhaláireacha. Dá bhrí sin, ní éireoidh le cóireálacha caighdeánacha ina n-aghaidh agus ní bheifear in ann fáil réidh leis an ionfhabhtú dá bharr sin, rud a mhéadóidh an baol go scaipfear an t-ionfhabhtú chuig daoine eile.

Tagraíonn frithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach go sonrach do fhrithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach a tharlaíonn i mbaictéir choitianta atá ina gcúis le hionfhabhtaithe. Is téarma níos leithne atá i gceist le frithsheasmhacht fhrithmhiocróbach, ina gcuimsítear frithsheasmhacht do dhrugaí chun ionfhabhtuithe a chóireáil a mbíonn miocróibí eile ina gcúis leo freisin. Tagraíonn frithsheasmhacht fhrithmhiocróbach sa Chód Dea-Chleachtais seo go sonrach le frithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach, nuair nach bhfuil aon mhaith níos mó san antaibheathach mar choiréal ar ghalar baictéarach.

Cén tionchar atá ag AMR?

I dTuarascáil ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú agus ón nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach sa bhliain 2009, measadh gur baictéir atá frithsheasmhach in aghaidh drugaí ba chúis le thart ar 25,000 bás duine san Aontas Eorpach (AE) amháin sa bhliain 2007. Measadh go raibh costais chúram sláinte agus caillteanais táirgeachta ar fiú €1.5 billiún iad ag baint leo freisin. Luadh sa Tuarascáil chomh maith go mbuaileann ionfhabhtú atá bainteach le cúram sláinte thart ar 4 mhilliún othar in AE gach bliain. (COMHTHUARASCÁIL THEICNIÚIL Ó ECDC ‘The Bacterial Challenge: time to react’ (2009)).

Cad a chiallaíonn 'One Health'?

Tá coincheap ‘One Health’ ina straitéis dhomhanda a bhfuil sé mar aidhm léi comhar agus cumarsáid idirdhisciplíneach a mhéadú ar gach gné de chúram sláinte do dhaoine agus d’ainmhithe agus don chomhshaol. Aithnítear le cur chuige ‘One Health’ gur fite fuaite ina chéile atá sláinte an duine, sláinte ainmhithe agus sláinte an éiceachórais. Mar sin, is é an aidhm atá leis sláinte agus folláine gach speiceas a chur chun cinn, a fheabhsú agus a chosaint trí chomhar a mhéadú idir lianna, tréidlianna agus gairmithe eile sláinte eolaíche agus comhshaoil agus trí láidreachtaí a chothú i measc ceannairí agus bainisteoirí chun na spriocanna sin a bhaint amach.

Trí thionscnamh ‘One Health’, atá sínithe ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO), an Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta (FAO) agus an Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe (OIE), tá comhaontú idirnáisiúnta ann gur gá gníomhaíocht a dhéanamh ar fud earnáil shláinte an duine agus na hearnála sláinte ainmhithe, na hearnála talmhaíochta agus na hearnála comhshaoil i gcoitinne má táthar chun dul i ngleic leis an mbagairt a ghabhann le AMR ar an tsláinte phoiblí ar fud an domhain.

Ag leibhéal náisiúnta, rinne an Príomhoifigeach Míochaine (CMO) agus an Príomhoifigeach Tréidliachta (CVO) ón Roinn Sláinte agus ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, faoi seach, an Coiste Comhairleach Náisiúnta Idir-rannach um Fhrithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach a bhunú sa bhliain 2014 mar chuid de thionscnamh ‘One Health’ agus chun dul chun cinn a dhéanamh ar chur chuige iomlánaíoch náisiúnta maidir le hoibriú le chéile chun a chinntiú go mbeidh fáil ann ar antaibheathaigh éifeachtacha sa todhchaí.

Cad is iNAP ann?

Is é iNAP an fhreagairt ó Éirinn do na héilimh idirnáisiúnta sin go n-ullmhófaí plean gníomhaíochta ilearnálach chun dul i ngleic le AMR. Tá Éire lántiomanta d’aghaidh a thabhairt ar réiteach a fháil ar fhadhb AMR agus tá sí lánghafa san obair sin. Leanfaimid de dhul i mbun comhair ar leibhéal idirnáisiúnta, AE agus náisiúnta chun na críche sin.

Tá Plean Gníomhaíochta Náisiúnta na hÉireann um Fhrithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach 2017-2020 le fáil ag:https://www.agriculture.gov.ie/media/migration/animalhealthwelfare/amr/iNAP251017.pdf

An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara i gcomhar leis an Roinn Sláinte a d'fhorbair agus a sheol an chéad Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta 'One Health' chun aghaidh a thabhairt ar fhrithsheasmhacht na n-ábhar frithmhiocróbach (iNAP) in 2017 agus táthar ag obair ar an dara plean gníomhaíochta i láthair na huaire a chuirfear tús leis an 2021. Tá cur chuige ‘One Health’ glactha ag an dá Roinn maidir le AMR agus spreagann siad iarrachtaí i gcomhar i ndisciplíní éagsúla ar fud earnálacha éagsúla ar nós sláinte, talmhaíocht agus an comhshaol chun na torthaí sláinte is fearr a bhaint amach do dhaoine agus d'ainmhithe.

INAP As Gaeilge

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat