Córas éilimh oscailte d'Iarratasóirí ar Bheart na mBáinseach Ilspeicis agus an tSadhlais Seimre Deirge
- Foilsithe: 30 Lúnasa 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá sé curtha in iúl ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara gur féidir le hiarratasóirí incháilithe atá ag glacadh páirte i mBeart na mBáinseach Ilspeicis agus an tSadhlais Seimre Deirge a n-éilimh ar íocaíocht a uaslódáil chuig www.agfood.ie
I ndiaidh logáil isteach ar Agfood.ie, ba chóir d'iarrthóirí AgSchemes - Iarratais ar Íocaíocht a roghnú agus ansin an beart ábhartha a roghnú ó roghchlár anuas na scéime.
Ní mór d'iarratasóirí an cód bairr cuí don dáileacht faoi seach a dhearbhú ar a n-iarratas BISS 2023. Chomh maith leis sin, ní mór doiciméid tacaíochta i bhfoirm sonrasc agus lipéid síolta a uaslódáil chuig Agfood.ie chun tacú leis an éileamh ar íocaíocht.
Lena chinntiú go bhfuil dóthain ama ag iarratasóirí incháilithe lena gcáipéisí a uaslódáil, tá síneadh ama curtha leis an dáta deiridh chun éilimh a fháil go dtí meán oíche Dé hAoine an 29 Meán Fómhair 2023.
Tugann an Roinn meabhrú d'iarratasóirí nach measfar ach go mbeidh síolta a ceannaíodh i ndiaidh léiriú spéise an iarratasóra maidir lena bheith rannpháirteach sa bheart faoi seach a thaisceadh ar Agfood.ie agus roimh an dáta deiridh chun an barr a shíolú, an 15 Iúil 2023, incháilithe do chúnamh faoi gach ceann de na Bearta seo.
Nótaí d’Eagarthóirí:
D'oscail Beart na mBáinseach Ilspeicis agus an tSadhlais Seimre Deirge d'iarratais i mí Aibreáin na bliana seo, agus buiséad €2.5 milliúin aige.
Tugadh an Beart seo isteach ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara chun modhanna feirmeoireachta atá inbhuanaithe ó thaobh na timpeallachta de a chur chun cinn, a mbeidh tionchar dearfach acu ar astaíochtaí aeráide, bithéagsúlacht agus cáilíocht uisce.
Ceadaítear ráta íocaíochta suas le €300 in aghaidh an heicteáir, rud a léiríonn méadú suntasach ar an ráta cúnaimh a íocadh anuraidh agus atá mar chuid de fhreagra an Rialtais chun freastal ar chostais ionchuir mhéadaithe.
Tá torthaí dearfacha léirithe ag obair thrialach ar Bháinseacha Ilspeicis maidir le húsáid íseal leasacháin nítrigine a mbeidh tionchar tairbheach aici ar astaíochtaí ocsaíde nítriúla agus a laghdóidh costais ionchuir d’fheirmeoirí ag an am céanna. I measc na mbuntáistí eile a eascraíonn as an mbeart seo tá bithéagsúlacht fheabhsaithe, acmhainn níos fearr ar dhálaí triomaigh agus laghdú ar riachtanais frith-heilminteach.
Léirigh torthaí ó thionscadal Smartgrass COBAC ar bháinseacha ilspeicis go bhfuil feabhas ar fheidhmíocht beostoic i comparáid le báinseacha seagalacha ilbhliantóige chomh maith le riachtanas frith-heilminteach laghdaithe a d'fhéadfadh a bheith mar gheall ar siocaire agus naprún Phádraig a bheith ann. Ligeann na struchtúir fréamhaithe éagsúla sna báinseacha seo do struchtúr cré feabhsaithe teacht chun cinn mar aon le hacmhainn níos fearr ar dhálaí triomaigh.
Léiríonn taighde a rinneadh ar Shadhlas Seimre Deirge go bhfuil próitéin níos airde sna báinseacha seo ná mar atá sa ghnáthshadhlas mar gheall ar a gcumas fosaithe nítrigine chomh maith lena gcumas níos mó ná 14t ÁT/ha a tháirgeadh, rud a chuideoidh le feirmeoirí a mbillí beatha thacúil a laghdú.
Táthar ag súil go leathnóidh na bearta seo an limistéar atá bunaithe cheana féin faoi chláir phíolótacha 2022 agus go mbainfidh siad leas as na tairbhí timpeallachta a sholáthraíonn na báinseacha sin