Ní mór don Chomhbheartas Talmhaíochta leanúint de bheith ina phríomhthosaíocht de chuid an AE agus béim á leagan ag an Aire Heydon air
- Foilsithe: 28 Bealtaine 2025
- An t-eolas is déanaí: 28 Bealtaine 2025
Ag labhairt sa Bhruiséil roimh chruinniú an lae inniu den Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh, chuir an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, i bhfios go láidir go bhfuil CBT (an Comhbheartas Talmhaíochta) ríthábhachtach i gcónaí do thodhchaí inbhuanaithe don earnáil agraibhia:
‘Ba cheart an chobhsaíocht agus an chinnteacht a bheith ina bpríomhfhócas agus an chéad CBT eile tar éis 2027 á bhreithniú againn. Ní mór dúinn díriú ar uirlisí uile CBT a choinneáil ar fáil chun tacú lenár bhfeirmeoirí. Chuige sin, tá gá le Buiséad tiomnaithe láidir CBT, ina mbeidh an tacar iomlán roghanna faoi Cholún 1 agus faoi Cholún 2”.
“Tá fonn orm oibriú i ndlúthchomhar leis an gCoimisinéir Hansen agus le mo chomhpháirtithe san Aontas chun a áirithiú go dtuigfear go maith tábhacht CBT le linn na caibidlíochta maidir leis an gcéad Bhuiséad eile de chuid an AE (CAI).”
“Ar an gcaoi chéanna, beidh mé ag tabhairt le fios go bhfuil líne bhuiséid thiomnaithe leordhóthanach de dhíth orainn chun tacú leis an earnáil bia mara.”
Dúirt an tAire Heydon:
“Cuireann Fís an Choimisiúin don Talmhaíocht agus don Bhia creat straitéiseach ar fáil dúinn chun pleanáil a dhéanamh d’fhorbairt inbhuanaithe earnáil agraibhia na hEorpa, agus do thodhchaí dhearfach dár bhfeirmeoirí. Is díol sásaimh ar leith dom go n-aithnítear san Fhís an tábhacht a bhaineann le samhail na feirme teaghlaigh agus an gá atá le tacú lena hinmharthanacht fhadtéarmach. Tá dearadh an chéad CBT eile ríthábhachtach chun an cuspóir sin a bhaint amach”.
Beidh plé ag an gComhairle freisin maidir le staid na margaí, lena n-áirítear rannpháirtíocht Vitaliy Koval, Aire Beartais Talúntais agus Bia na hÚcráine.
Dúirt an tAire Heydon:
“Táim ag tnúth le héisteacht leis an Aire Koval agus athdhearbhóidh mé dlúthpháirtíocht iomlán na hÉireann leis an Úcráin agus athdhearbhóidh mé an meas agus an t-ómós atá againn ar mhuintir na hÚcráine tar éis trí bliana de chogadh uafásach”.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Heydon:
‘Táim ag tnúth freisin le plé a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir an t-ualach riaracháin a eascraíonn as Rialachán an Aontais maidir le Dífhoraoisiú a laghdú, agus le cruinnithe déthaobhacha a thionól le mo chontrapháirtithe Ostaracha agus Laitviacha’.