Clár chun tacú le banfhiontraithe tuaithe a fógraíodh do Stát Jalisco i Meicsiceo
- Foilsithe: 4 Bealtaine 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá tionscnamh nua seolta i gcomhpháirt ag Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO) Meicsiceo, in éineacht le Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara na hÉireann (RTBM) chun tacaíocht a sholáthar d’Fhiontraithe Tuaithe Ban i Meicsiceo.
Faigheann an clár seo d’Fhiontraithe Tuaithe Baineanna tacaíocht agus cómhaoiniú ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Éire, i gcomhar le hEagraíocht Bia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO). Díreoidh an Clár, a thógann ar chaidreamh láidir idirnáisiúnta na hÉireann le FAO agus a bhaineann leas as taithí ón gClár rathúil ACORNanna in Éireann, ar fhiontraithe ban a chumachtú i Stát Mheicsiceo i Jalisco, trí mheantóireacht agus trí thacaíocht piaraí rannpháirtíocht sa gheilleagar tuaithe a fheabhsú, agus athléimneacht mhéadaithe.
Baineann an clár seo leis an aitheantas i straitéis Fís Bia 2030 na hÉireann do phríomhról na mban san fheirmeoireacht agus sa bhia.
Agus é ag seoladh an chláir, dúirt an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara in Éirinn, Martin Heydon T.D.:
“Ciallaíonn sé go leor dom a bheith mar chuid de thionscnamh atá dírithe ar thacaíocht a thabhairt do mhná tuaithe agus d’fhiontraithe ban mar gur cúis í atá an-ghar do mo chroí.”
“Rugadh agus tógadh mé ar fheirm agus nuair a bhí mé ocht mbliana d’aois fuair m’athair bás. Ní raibh sé éasca a bheith ina bhfeirmeoir mná in Éirinn sna 1980idí. Mar sin féin, seachas an fheirm a léasú nó a dhíol, ghlac mo mháthair leis agus í ag iarraidh a triúr leanaí a thógáil i gcroílár pobail tuaithe.”
“Chonaic mé féin, an dúshlán do mo mháthair, a gnó a reáchtáil i dtionscal an-fhir i gceannas ach freisin cé chomh maith agus a bhí sí air. Sin é an fáth a gcreidim go láidir go rachaidh an clár meantóireachta atá á sheoladh againn i Meicsiceo, atá bunaithe ar ár dtaithí in Éirinn, go mór chun tairbhe. Tá dul chun cinn déanta againn maidir le haitheantas a thabhairt do ról tábhachtach na mban i gceantair thuaithe, ach tá níos mó fós nach mór dúinn a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní ar rannpháirtíocht sa gheilleagar tuaithe.”
Ag labhairt dó ag an ócáid, rinne Eduardo Benítez, Ionadaí Cúna FAO Mheicsiceo, iniúchadh ar phríomhchuspóirí na gclár; eadhon slite beath ana mban tuaithe a ráthú agus tacú leo agus comhionannas inscne a chur chun cinn i ngníomhaíochtaí talmhaíochta, agus fesacht a mhúscailt agus cearta agus cuimsiú na mban i slabhraí luacha a chosaint.
Dúirt Alfredo González, Ard-Stiúrthóir i gCeannas Rúnaíocht Feidhmiúcháin na Comhairle Náisiúnta do Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe:
“Molaimid an clár nua seo a dtacaíonn an Rialtas in Éirinn leis agus a chuireann sé le forbairt áitiúil agus cothromas inscne i Meicsiceo, agus an méid a chuireann sé lenár réimsí straitéiseacha don fhorbairt inbhuanaithe.”
Dúirt an t-Ambasadóir von Heynitz
“Tá stair dhomhain cairdis agus comhair ag Meicsiceo agus Éire lena n-áirítear fónamh le chéile ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, agus comhchathaoirleacht a dhéanamh ar an sainghrúpa neamhfhoirmiúil maidir le Mná, Síocháin agus Slándáil. Tá ríméad orm go bhfuil Ambasáid agus Rialtas na hÉireann ag obair i gcomhar le Rialtas Mheicsiceo ar thionscadal chomh tábhachtach sin chun slíte beatha na mban tuaithe a chinntiú trí mheantóireacht agus athléimneacht a fhorbairt agus táim an tnúth le comhoibriú amach anseo idir an dá Rialtas.
Nóta don Eagarthóir
Tagann an clár sna sála ar ‘Thionscadal na Bearnaí Deiridh’ agus leanann sé leis an gclár oibre um chosaint shóisialta do mhná tuaithe i Jalisco, a bhfuil sé mar aidhm leis slite beatha na mban tuaithe, na dtáirgeoirí, na sclábhaithe talmhaíochta agus na bhfiontraithe a ráthú agus tacú leo trí mheantóireacht agus tacaíocht piaraí chun a rochtain ar fhostaíocht chuibhiúil tuaithe a mhéadú.
I Jalisco, tá 3,256,842 bean 15 bliana d’aois agus níos sine, agus tá 47.2% dóibh gníomhach go heacnamaíoch. Thairis sin, is mná iad 11.9% den daonra atá fostaithe in earnáil na talmhaíochta (IIEG, 2020). Is é Jalisco an stát freisin ina bhfostaítear oibrithe agrarian don am is faide in aghaidh na bliana, 102.76 lá ar an meán in aghaidh na bliana (ENA, 2019).
Cuirfear an clár in bhfeidhm i gcomhar le rialtas Jalisco, i gcomhar le hAireacht Talmhaíochta agus Forbatha Tuaithe Jalisco (SADER) agus le hAireacht Comhionannais Shubstaintigh Idir Mná agus Fir (SISEMH) i Jalisco mar phríomh-chomhghuaillithe chun tosaíocht a thabhairt do shlabhraí luacha ina sanaithnítear mná tuaithe, ag cur a rannpháirtíochta chun cinn go straitéiseach, ag stiúradh gníomhaíochtaí i dtreo a neamhspleáchas eacnamaíoch agus a gceart comhionann.
Gealladh maoiniú €100,000 na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara mar chuid de ranníocaíocht 2021 na Roinne do thionscadail agus do chláir shonracha FAO: Minister McConalogue announces International Development Aid payments of €28.9 million
Tuilleadh eolais faoi chlár ACORnanna na hÉireann, atá maoinithe ag an RTBM faoin gCiste Nuálaíochta agus Forbartha Tuaithe: ACORNS – Accelerating the Creation Of Rural Nascent Start-ups