English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Comhairliúchán Poiblí ar Thionscadal nua Píolótach Agra-chomhshaoil oscailte ag an Aire McConalogue

Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., inniu go bhfuil comhairliúchán poiblí oscailte maidir le forbairt a dhéanamh ar thionscadal nua píolótach bunaithe ar thorthaí agra-chomhshaoil.

Gealltar i gClár an Rialtais luach saothair a thabhairt d’fheirmeoirí as oiriúnú do mhodhanna feirmeoireachta níos inbhuanaithe agus d’fhorbairt scéim agra-chomhshaoil nua a bheidh in ann tairbhí leathana timpeallachta agus bithéagsúlachta a sholáthar a ailíneoidh tacaíochtaí airgeadais le cuspóirí aeráide. Chun an cuspóir seo a chur chun cinn tá maoiniú curtha ar fáil don bhliain 2021 do thionscadal píolótach agra-chomhshaoil.

Le súil rannpháirtíocht sna scéimeanna agra-chomhshaoil a leathnú is iad na feirmeoirí nár ghlac páirt go dtí seo i GLAS agus nach bhfuil páirteach i scéimeanna agra-chomhshaoil eile i láthair na huaire amháin a bheidh ábalta iarratas a dhéanamh ar an tionscadal píolótach. Táthar ag súil go gcuirfear tús leis an bpróiseas iarratais sa dara ráithe den bhliain 2021.

Dúirt an tAire McConalogue agus an comhairliúchán poiblí á oscailt aige,

"Tosaíocht náisiúnta is ea timpeallacht na tíre a chosaint agus a chothabháil. Tá ról tábhachtach ag scéimeanna agra-chomhshaoil mar GLAS i dtaobh cuidiú linn ár gcuspóirí a bhaint amach. Déanfar bealaí nua chun tabhairt faoi bhearta timpeallachta a scrúdú leis an tionscadal píolótach seo agus cuideoidh sé linn an fiúntas is féidir linn a chur leis an gcéad scéim agra-chomhshaoil náisiúnta eile a aithint. Is féidir leis an gcur chuige bunaithe ar thorthaí cuidiú linn na torthaí timpeallachta agus bithéagsúlachta ó bhearta faoi leith feirme a aithint agus cuireann sé ar ár gcumas maoiniú a úsáid ar bhealach níos spriocdhírithe. Chomh maith leis sin, is féidir leis cuidiú le feasacht a ardú ar na modhanna feirmeoireachta a chuireann na tairbhí is mó timpeallachta agus bithéagsúlachta ar fáil. Tá an múnla seo leagtha amach chun spreagadh a thabhairt d'fheirmeoirí obair a dhéanamh ar mhaithe leis an timpeallacht trína chinntiú go dtugtar an íocaíocht is mó do na feirmeoirí a baineann na scóir timpeallachta is airde amach."

Táim ag súil le cloisteáil ó pháirtithe leasmhara le linn an phróisis chomhairliúcháin thábhachtaigh seo, a chabhróidh linn díriú ar earnáil talmhaíochta níos inbhuanaithe a fhorbairt.

Is féidir achoimre ar an togra reatha a fháil ar www.gov.ie/en/consultation/d5d37-public-consultation-on-proposed-agri-environment-results-based-pilot-project/ agus ar www.gov.ie/ga/comhairliuchan/d5d37-public-consultation-on-proposed-agri-environment-results-based-pilot-project/ .

Is féidir aighneachtaí maidir leis an leagan amach agus cur i bhfeidhm an tionscadail phíolótaigh a dhéanamh trí shuirbhé ar líne an tionscadail ar www.surveymonkey.com/r/DAFM_ResultsBasedPilot .

Dé hAoine an 26 Feabhra 2021 an dáta deiridh le tuairimí a bheith faighte.

CRÍOCH