English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Comhbhrón déanta ag na hAirí McConalogue, Hackett agus Heydon le muintir Pat Smullen i ndiaidh a bháis

Bhí an-bhrón ar an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, an tUasal Charlie McConalogue TD agus a Chomhairí an tUasal Martin Heydon TD agus an Seanadóir Pippa Hackett a chloisteáil go bhfuil an marcach Pat Smullen, a bhuaigh 9 gcuradh, tar éis bháis.

Ba mhaith leo comhbhrón a dhéanamh le bean Pat, Frances, lena leanaí Hannah, Paddy agus Sarah, lena mhuintir níos leithne, a chuid dlúthchairde agus a chomhghleacaithe sa seomra meá, a thraenálaí Dermot Weld agus leis an bhfoireann ar fad ag Teach Roswell.

Cuimhneofar go brách ar Pat mar mharcach as cuimse agus sármhaith, a thug leis curadh na hÉireann naoi n-uaire agus a bhuaigh iomaí rás i nGrád 1 ar fud na cruinne. D'ainneoin a chuid éachtaí rásaíochta, fanfaidh Pat i gcuimhne na nAirí chomh maith de bharr a chuid iarrachtaí as cuimse le hairgead a bhailiú trí Cancer Trials Ireland a rachaidh chun tairbhe do go leor daoine amach anseo. Suaimhneas síoraí dá anam uasal.

CRÍOCH