Comhchomhairleoireacht Phoiblí ar an Maolú Níotráití in Éirinn
- Foilsithe: 1 Aibreán 2019
- An t-eolas is déanaí: 14 Aibreán 2020
Tá sé fógartha ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, i gcomhar leis an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, inniu go bhfuil tús le cur le comhchomhairleoireacht phoiblí ar na coinníollacha atá leagtha amach sa Mhaolú ar Níotráití in Éirinn.
Is cuid de phróiseas athbhreithnithe í an chomhchomhairleoireacht a scrúdófar deiseanna eile a bhféadfadh feirmeoirí a bhaineann leas as maolú a úsáid chun éifeachtúlachtaí a fheabhsú agus a lorg comhshaoil a laghdú.
Is saoráid thábhachtach an maolú d'fheirmeoirí a bhíonn i mbun dianfheirmeoireachta, go háirithe san Earnáil Déiríochta agus tá sé tábhachtach go ndéanfaí na cáilíochtaí ó thaobh an chomhshaoil a choinneáil. Bhain beagnach 7,000 feirmeoir dianstoic leas as an maolú sa bhliain 2018 ar limistéar talmhaíochta 466,000 heicteár. Ba ionann sin is méadú ar an limistéar agus an líon feirmeoirí a tháinig faoin maolú ó 2014.
Tá Sainghrúpa Athbhreithnithe (faoi chomhchathaoirleacht DAFM agus DHPLG) tugtha le chéile chun na haighneachtaí ar fad a gheofar le linn na comhchomhairleoireachta poiblí a athbhreithniú agus na torthaí a chur faoi bhráid an dá Aire.
Is féidir cóip den doiciméad comhchomhairleoireachta a fháil ar láithreán gréasáin na Roinne ag www.agriculture.gov.ie/ruralenvironmentsustainability/environmentalobligations/nitrates/2019nitratesderogationreview.
Is an 10 Bealtaine 2019 an dáta deiridh a nglacfar le freagraí.
Is féidir aighneachtaí a sheoladh ar ríomhphost chuig DerogationReview@agriculture.gov.ie nó sa phost chuig Athbhreithniú ar Mhaolú, Níotráití, Bithéagsúlacht agus Innealtóireacht, An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Eastáit Chaisleán Bhaile Sheonach, Co Loch Garman Y35 PN52. Tá líne chabhrach ar fáil freisin maidir leis an athbhreithniú ag an uimhir 053 9163444.
CRÍOCH