English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Críochnaíonn an tAire Hackett an chéad chéim de Mhisean Trádála chuig na Stáit Aontaithe ag Austin, Texas

Tugann an Seanadóir Pippa Hackett, an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an chéad chéim dá misean trádála agraibhia chuig na Stáit Aontaithe in Austin, Texas, chun críche inniu. Bhí an tAire, a tháinig go Austin Dé Domhnaigh, i dteagmháil le príomh-allmhaireoirí táirgí agraibhia na hÉireann go háirithe ag leibhéil mhórdhíola, dáileacháin agus mhiondíola i gcomhar le Bord Bia agus chun tacú le honnmhaireoirí bia agus dí na hÉireann a bhí mar chuid den mhisean trádála.

Is é margadh na Stát Aontaithe an 2ú margadh onnmhairiúcháin is mó atá ag Éirinn ar fud an domhain d'onnmhairí agraibhia. In 2023, onnmhairíodh os cionn €1.6 bhilliún de tháirge agraibhia na hÉireann chuig na Stáit Aontaithe. Tá an misean trádála seo mar chuid den aidhm na margaí do tháirgí agraibhia na hÉireann a éagsúlú níos faide ná na margaí traidisiúnta agus margaí a fhás níos faide ná ár réimsí traidisiúnta de ghníomhaíocht tráchtála, agus dá bhrí roghnaíodh Austin, Houston agus Seattle don chuairt seo.

Ar cheann de na príomhimeachtaí, tabharfaidh an tAire eochairóráid ag imeacht “Spiorad na hÉireann”, arna óstáil ag Bord Bia in Austin. Is imeacht promóisin é seo d'earnáil bhiotáille na hÉireann ina ndéarfaidh an tAire:

“Tá ríméad orm a bheith in Austin chun scéal ár ndeochanna biotáilleacha traidisiúnta na hÉireann a roinnt ag an imeacht seo a d'óstáil Bord Bia “Spiorad na hÉireann”. Tá oidhreacht shaibhir ag Éirinn maidir le táirgeadh uisce beatha. Léiríonn taifid go raibh 28 drioglann ar a laghad ar an oileán sna 1890idí, agus cé gur thit an uimhir sin go dtí dhá cheann sna 1960idí, is iontach an rud é athnuachan tháirgeadh an táirge thraidisiúnta seo a fheiceáil i bpobail thuaithe na hÉireann agus os cionn 40 drioglann ag feidhmiú in Éirinn anois”.

Dúirt an tAire Hackett:

“Ghin earnáil dí na hÉireann luach onnmhairiúcháin €1.9 billiún in 2023 le cáil dhomhanda ar cháilíocht agus ar dhíolacháin in 119 margadh ar fud an domhain. Luacháladh onnmhairí deochanna na hÉireann chuig na Stáit Aontaithe amháin ag €684 milliún in 2023, agus is onnmhairí Uisce Beatha na hÉireann €422 milliún díobh sin. Tá ról tábhachtach ag na honnmhairí sin maidir le tacú le poist agus táirgeoirí na n-amhábhar. Cuireann an earnáil dí go mór le rath leanúnach ár n-earnála agraibhia."

“Is féidir le ceannaitheoirí ár dtásca geografacha, is iad Uisce Beatha na hÉireann, Uachtar na hÉireann agus Poitín na hÉireann, a bheith cinnte go bhfuil naisc dhíreacha ag an táirge a cheannaíonn siad le hOileán na hÉireann agus go bhfuil na tréithe uathúla acu a fhágann gur táirge d'ardchaighdeán iad atá aitheanta ar fud an domhain. Trí rannpháirteachas anseo in Austin, feicim deiseanna iontacha chun leanúint ar aghaidh le honnmhairiú rathúil na dtáirgí Éireannacha seo agus táirgí ardchaighdeáin eile.”

Ag labhairt dó ó Austin, dúirt Príomhfheidhmeannach Bhord Bia, Jim O’Toole:

“Is tionscnamh iontach tumthach agus oideachasúil é clár ‘Spiorad na hÉireann’, a dhíríonn ar bhaill foirne atá ag obair in eischeadúnais agus i mbeáir, chun abhcóideacht a dhéanamh ar son bhiotáille na hÉireann agus chun díolacháin a mhéadú de réir sin. Taispeánfar ocht mbranda biotáille Éireannacha déag den scoth ag imeacht an lae inniu, a bhfreastalóidh thart ar 85 gairmí ó thrádáil bhiotáille na Stát Aontaithe ar an imeacht freisin. Is príomhmhargadh é na Stáit Aontaithe do dheoch na hÉireann, arb ionann é agus beagnach 40% den luach onnmhairiúcháin iomlán, agus dá bhrí sin is fócas tábhachtach é den mhisean trádála seo chuig na Stáit Aontaithe.”

Bogann an misean trádála ar aghaidh anois le haghaidh cruinnithe in Houston, Texas amárach sula dtaistealóidh an tAire go Seattle Dé Máirt le haghaidh tuilleadh imeachtaí promóisin.

Nótaí d’Eagarthóir

Is imeacht promóisin é tionscnamh Spiorad na hÉireann de chuid Bhord Bia atá dírithe ar bhaill foirne atá dírithe ar chustaiméirí agus a dhíolann biotáille na hÉireann. Insíonn an clár scéal bhiotáille na hÉireann: ón stair shaibhir go dtí athbheochan bhiotáille na hÉireann agus an todhchaí spreagúil. Sa chlár Spiorad na hÉireann tá agallaimh le máistirdhriogairí agus le cúipéirí bairille mar aon le heispéireas céadfach uathúil chun páirceanna eorna agus tithe bairille na hÉireann a bholadh agus blaiseadh a fháil dóibh, agus iad go léir dírithe ar thuiscint dhomhain a chruthú ar bhiotáille na hÉireann.

Onnmhairí bia agus dí na hÉireann chuig na Stáit Aontaithe:

B'ionann iomlán na n-onnmhairí agraibhia chuig na Stáit Aontaithe in 2023 agus € 1.6 bhilliún (An Phríomh-Oifig Staidrimh). Ba iad na príomhchatagóirí ná Deochanna €690 milliún agus déiríocht €684 milliún.

Tháinig laghdú 8% ar onnmhairí anuraidh, a raibh titim ar onnmhairí dí den chuid is mó i gceist leis mar gheall ar charnadh suntasach ar stoc sa mhargadh i rith 2022 agus 2023. Tá na Stáit Aontaithe fós ar an bpríomhmhargadh onnmhairiúcháin do dheoch na hÉireann arb ionann é agus 42% den luach onnmhairiúcháin iomlán.

Tá onnmhairí déiríochta na hÉireann ag spreagadh méaduithe suntasacha ar luach agus méid sna Stáit Aontaithe ar fad. In 2023, sháraigh luach na n-onnmhairí déiríochta chuig na Stáit Aontaithe €684 milliún i.e. 42% d'iomlán na n-onnmhairí agraibhia ó Éirinn go dtí na Stáit Aontaithe. Is méadú seo dé 1% ón mbliain roimhe sin. Luacháladh onnmhairí ime anuraidh ag €310 milliún, agus tháinig méadú 25% go €85 milliún ar onnmhairí cáise.

Is margadh tábhachtach é na Stáit Aontaithe freisin do cháiséin, le honnmhairí díreach faoi bhun €105 milliún in 2023, arb ionann iad agus 15.5% den chatagóir déiríochta.

Ba í Éire an chéad bhallstát den AE ar tugadh rochtain di ar mhargadh mairteola na Stát Aontaithe in 2015 agus b'fhiú onnmhairí in 2023 agus €15 mhilliún. Tá rochtain le haghaidh uaineola faighte againn in 2022 freisin agus tá Roinn an Aire ag obair le honnmhaireoirí leasmhara ar suim leo a bheith incháilithe le haghaidh faomhadh na Stát Aontaithe.

Tá rannpháirtíocht Bhord Bia le cuntais chustaiméirí ar mhairteoil na hÉireann agus cuntais ionchasacha ar uaineoil na hÉireann méadaithe freisin mar gheall ar a infheistíocht faoin bhfeachtas cómhaoinithe AE um mairteoil agus uaineoil, a seoladh in 2023.

Tugadh faoi roinnt príomhimeachtaí a léiríonn agus a mhúsclaíonn feasacht ar mhairteoil na hÉireann le príomh-lucht féachana trádála agus meán i rith an fheachtais, lena n-áirítear láithreacht ag MICA Annual Meat Conference i Nashville TN i mí an Mhárta 2024.

Shroich onnmhairí Bia Ullmhaithe Tomhaltóirí (PCF) chuig na Stáit Aontaithe €121 milliún in 2023, arb ionann é agus méadú 21% don earnáil. Tá na Stáit Aontaithe, go háirithe do tháirgeoirí milseogra seacláide, ina bhfócas tábhachtach anois agus táirgeoirí na hÉireann fós ag iarraidh a lorg onnmhairithe a éagsúlú tar éis an Bhreatimeachta