English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Creed ag Éileamh Buiséad AE chun Tacú le hUaillmhian Aeráide CAP - Ábhar imní faoi chúrsaí agraibhia agus iascaigh i gcomhthéacs an Bhreatimeachta pléite le Ballstáit bharrthábhachtacha

Tá sé éilithe arís ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD, buiséad cuí CAP a chur ar fáil le tacú le huaillmhianta an AE maidir le gníomhú ar son na haeráide.

Labhair an tAire Creed inniu ag cruinniú neamhfhoirmiúil Airí Talmhaíochta, inar leagadh béim ar an bhfadhb a bhaineann le carbón a cheaptar san ithir, agus d'aithin sé an ról lárnach atá ag CAP chun cuidiú leis an earnáil agraibhia dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le hathrú aeráide. Dúirt sé freisin, áfach: “Táimid ag iarraidh ar fheirmeoirí níos mó a dhéanamh, agus mar sin ní mór dúinn leanúint ag iarraidh buiséad láidir CAP a choinneáil i ndiaidh 2020 le gur féidir luach saothair cuí a thabhairt dóibh as an obair thábhachtach a dhéanann siad a théann chun leasa na bithéagsúlachta, ithir agus an tírdhreach a bhainistiú agus cháilíocht an uisce.”

Chomh maith leis sin thapaigh an tAire Creed an deis a cuireadh ar fáil le cruinniú an lae inniu chun cruinnithe déthaobhacha a reáchtáil le comhghleacaithe maidir le réimse saincheisteanna a mbaineann tábhacht mhór leo in Éirinn.

Le linn cainteanna faoi leith le hAirí na Fraince, na Gearmáine, na hÍsiltíre, na Danmhairge, na Polainne agus na Slóvaice, dhírigh sé ar na tionchair a d'fhéadfadh a bheith ag Breatimeacht crua ar na hearnálacha agraibhia agus iascaigh, ar na hidirbheartaíochtaí leanúnacha maidir le CAP i ndiaidh 2020, ar dhúshláin choitinne maidir le hathrú aeráide agus ar chomhaontú trádála AE-Mercosur.

Dúirt an tAire: “Bhí cainteanna tairbheacha agam inniu le comhghleacaithe tábhachtacha faoi cheisteanna a bhaineann go sonrach le hÉirinn. Dhíríomar go mór ar fhorbairtí maidir leis an mBreatimeacht. Chuir mé mo bhuíochas féin agus buíochas an Rialtais in iúl as an dlúthpháirtíocht atá léirithe ag Ballstáit go dtí seo maidir le staid na hÉireann ar an gComhaontú Aistarraingthe, agus is léir dom go leanfar leis sin. Bhí béim faoi leith ar iascaigh agus d'aontaigh na comhghleacaithe sin atá mar chuid de chomhghuaillíocht na n-ocht mBallstát faoin ábhar seo liom nach mór dúinn leanúint de bhéim a leagan ar an ngá atá le cur chuige comhordaithe chun dul i ngleic le saincheisteanna ar nós rochtain ar uiscí sa chás go mbeadh Breatimeacht crua ann. Aontaíodh freisin nach mór ceangal a dhéanamh idir rochtain ar uiscí agus an tsaincheist níos leithne maidir leis an gcaidreamh trádála AE-RA amach anseo. Leanfaimid ag obair go dlúth le chéile ar na ceisteanna seo sna seachtainí amach romhainn.”

French Minister Didier Guillaume and Slovak Minister Gabriela Matecna

Minister Creed with Dutch Minister Carola SchoutenMinister Creed with French Minister Didier GuillaumeMinister Creed with German Minister Julia KloecknerMinister Creed with Polish Minister Krzysztof Ardanowski

CRÍOCH