Creed announces Stakeholder Committee to develop Ireland’s Agri-Food Strategy to 2030 and opens first meeting ga
- Foilsithe: 28 Samhain 2019
- An t-eolas is déanaí: 12 Márta 2020
D'oscail an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D., an chéad chruinniú den Choiste Páirtithe Leasmhara atá chun straitéis Agraibhia na hÉireann a fhorbairt go dtí 2030 agus d'fhógair sé comhdhéanamh an Choiste.
Dúirt an tAire Creed "Ó bunaíodh iad 20 bliain ó shin, go dtí an plean Food Wise 2025 atá ann anois, cinntíodh leis an sraith leanúnach de straitéisí deich mbliana go bhfuil fís stuama, faoi stiúir pháirtithe leasmhara againn chun bonn a chur faoi fhorbairt na hearnála. Léirítear chomh maith agus atá ag éirí leis na straitéisí seo leis an méadú 73% atá tagtha ar onnmhairí agraibhia ó 2009. Cé go bhfuil go leor dúshlán roimh an earnáil tá go leor deiseanna ann chomh maith. Táim cinnte go mbeidh inbhuanaitheacht timpeallachta lena n-áirítear aeráid, bithéagsúlacht agus uisce, ar cheann de na príomhcheisteanna a bheidh á mheas ag an gCoiste. Chomh maith leis sin beidh ár dtionchar ar fud an domhain a leathnú; nuálaíocht; agus iomaíochas ina dtosaíochtaí don tionscal. Tá príomhtháirgeoirí riachtanacha do ghnéithe geilleagracha agus sóisialta na hÉireann; tá sé fós ríthábhachtach go mbeadh siad in ann bia a tháirgeadh ar bhealach inbhuanaithe agus inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta é.
Maidir le comhdhéanamh an Choiste, dúirt an tAire Creed, "Is iomaí gné a bhaineann leis an earnáil agraibhia mar sin nuair a bhí mé ag ceapadh na mball, bhí mé ar an eolas go raibh gá ann ionadaíocht mhaith as na réimsí éagsúla san earnáil a chinntiú agus tá ríméad orm gur ghlac an oiread daoine mór le rá le mo chuireadh páirt a ghlacadh sa gCoiste seo.
Duirt Chathaoirleach an Choiste, an tUasal Tom Arnold, "Ó tharla go bhfuil ról fíorthábhachtach ag an earnáil agraibhia in eacnamaíocht na hÉireann, i sochaí na tíre agus b'fhéidir níos tábhachtaí fós, i mbia, sábháilte, cothaitheach agus inbhuanaithe a sholáthar, is mór an onóir dom glacadh le cuireadh an Aire Creed a bheith i mo Chathaoirleach ar an gCoiste seo, agus treo straitéiseach an choiste sna deich mbliana amach romhainn a ullmhú mar chúram orm. Cuirfidh forbairt na Straitéise Agraibhia go dtí 2030 deis ar fáil chun láidreachtaí agus laigí na hearnála a mheas, na bagairtí agus na dúshláin atá roimpi, agus chun cosáin forbairt chuí a shonrú. Táim ag súil le dul i mbun oibre leis an gCoiste ar bhonn chomhoibriú tairbheach.
Nóta d'Eagarthóirí
Is mar seo a leanas atá comhdhéanamh an Choiste Páirtithe Leasmhara:
Deimhneofar ainmeacha beirt bhall eile a bhíonn ag déanamh ionadaíochta ar dhearcadh timpeallachta agus sábháilteacht bia chomh luath agus is féidir.
Is iad seo na baill nach raibh i ngrianghraif an lae inniu;
Joe Healy
Liam Herlihy
Oliver Loomes
Dan McSweeney
Pat Murphy
Brian Murphy
Sean O’Donoghue
Terence O’Rourke
CRÍOCH