English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cruinniú de chuid an Tascfhórsa Mairteola an 17 Nollaig 2020

I ndiaidh an seachtú cruinniú de chuid an Tascfhórsa Mairteola inniu, dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., "Táim sásta go bhfuiltear ag déanamh dul chun cinn suntasach i dtaobh obair an Tascfhórsa.

Luaigh sé gur,

"céim thábhachtach chun cinn a bheidh ann nuair a thabharfar staidéir trédhearcachta an trí mhargaidh, a choimisiúnaigh mo Roinn, a thabhairt chun críche trína bhfeabhsófar infheictheacht an tslabhra soláthair chasta atá riachtanach chun muinín a chothú agus chun caidrimh slabhra soláthair a neartú. Feidhmeoidh na staidéir seo mar thúsphointe tábhachtach i dtrédhearcacht níos mó a chur chun cinn agus tá súil agam go dtabharfar chun críche agus go bhfoilseofar iad chomh luath agus is féidir san Athbhliain."

Reáchtáladh an seachtú cruinniú den Tascfhórsa Mairteola go fíorúil inniu, an 17 Nollaig 2020. I ndiaidh an chomhaontais maidir leis an iarratas PGI do mhairteoil fhéar-chothaithe na hÉireann ag an gcruinniú deiridh den Tascfhórsa i nDeireadh Fómhair, is ar staidéir trédhearcachta an mhargaidh, a coimisiúnaíodh mar chuid de chomhaontú earnáil na mairteola 2019, an phríomhghé a leagadh béim air inniu.

Is mar a leanas a thug Grant Thornton nuashonrú ar an dul chun cinn:

• Tuarascáil a haon; tá an achoimre ar dhlí an chomórtais mar a bhaineann sé leis an earnáil mairteola in Éirinn tugtha chun críche agus foilseofar í go gairid.

• Tuarascáil a dó; tá athbhreithniú neamhspleách ar riachtanais mhargaidh agus chustaiméara mhairteoil na hÉireann ag dréachtchéim atá beagnach i gcrích agus tá sé tugtha don Tascfhórsa lena dtuairimí a thabhairt.

• Tuarascáil a trí; tá comhdhéanamh na bpraghsanna ar feadh an tslabhra soláthair beagnach i gcrích agus cuirfear dréacht chuig an Tascfhórsa lena dtuairimí a thabhairt.

Dúirt an tAire, mar fhocal scoir, "Tá sé níos tábhachtaí anois ná mar a bhí riamh go n-oibreoimid ar fad as lámh a chéile i bhfianaise na ndúshlán ar leith atá roimh an earnáil. Tá go sáróimid na dúshláin seo ag brath go mór ar rannpháirtíocht láidir agus fhiúntach leanúnach sa tascfhórsa mairteola."

CRÍOCH