Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cruinniú den Choiste Náisiúnta Slándála Farae agus Bia á thionól ag an Aire McConalogue

Tá iarrtha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, mar aitheantas ar dhálaí aimsire leanúnacha dúshlánacha, go dtionólfaí cruinniú den Choiste Náisiúnta Slándála Farae agus Bia an tseachtain seo.

Dúirt an tAire McConalogue:

“Tá clúdaigh láidre féaraigh ar fheirmeacha mar thoradh ar fhás féir thar thréimhse an gheimhridh. Mar sin féin, tá moill nó srian á chur ar fhilleadh chun na páirce san aimsir dheacair. Tá an dúshlán níos suntasaí i gcodanna áirithe den tír go háirithe mar a bhfuil innilt luath ina príomhuirlis bhainistíochta.”

Tá sé tugtha le fios ag Teagasc go bhfuil sadhlas ar fáil le ceannach, agus go raibh an rogha ag feirmeoirí áirithe farae a cheannach ina bpleananna buiséadaithe do bheatha an gheimhridh.

Chuir an tAire leis sin:

“Tá sé tábhachtach go mbunaíonn an Coiste na fíricí is déanaí maidir leis an staid farae agus beatha ar fheirmeacha agus go gcuireann sé comhairle ar fáil chun cabhrú le feirmeoirí tríd an tréimhse dhúshlánach seo.”

DEIREADH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat