Cuótaí inbhuanaithe i leith stoic éisc leochaileacha faighte ag Creed chun todhchaí thionscal na hiascaireachta a chosaint
- Foilsithe: 18 Nollaig 2019
- An t-eolas is déanaí: 9 Márta 2020
Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D. inniu (Dé Céadaoin an 18 Nollaig) go bhfuil Comhaontú AE déanta maidir le cuótaí inbhuanaithe a leagan síos do stoic éisc i ndiaidh dhá lá d'idirbheartaíochtaí diana ag Comhairle Airí Iascaigh an AE sa Bhruiséil.
Is ionann an pacáiste iomlán de chuótaí éisc agus 195,000 tona ar fiú €275 milliún é do thionscal iascaireachta na hÉireann in 2020. Beidh méaduithe i gcuótaí i gceist i ndáil le roinnt de na stoic is tábhachtaí atá againn – lena n-áirítear Ronnach (méadú 41%), agus Cadóg (+ 30%), Bráthair (+7%) agus Scoilteán (+3%) sa Mhuir Cheilteach. Laghdaíodh an dara iascach is tábhachtaí atá againn, Cloicheáin, faoi 15% de réir na comhairle eolaíochta mar gheall ar an meath atá tagtha ar dhlús an stoic i roinnt beirtreacha tábhachtacha cloicheáin.
Tá drochbhail fós ar roinnt stoc mar an trosc agus faoitín sa Mhuir Cheilteach agus ag an gComhdháil seo, baineadh amach comhaontú maidir le cosaintí suntasacha breise a thabhairt isteach atá leagtha amach chun na stoic seo a thabhairt ar ais.
Dúirt na tAire, “Ceann de na gnéithe ba dheacra a bhain leis na hidirbheartaíochtaí seo ab ea comhaontú a bhaint amach maidir le bearta athfhorbartha sa Mhuir Cheilteach. Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú chun na cosaintí riachtanacha a bhaint amach do throsc agus faoitín agus ag an am céanna ceadú d'árthaigh leanúint d'iascaireacht a dhéanamh ar bhealach inbhuanaithe. Rinne ár saineolaithe in BIM agus i bhForas na Mara tástáil ar na bearta seo agus iad ag obair go dlúth lenár bhflít iascaireachta. Trí na céimeanna riachtanacha seo a ghlacadh anois, is féidir linn stoic a thabhairt ar ais sna hiascaigh atá againn sa Mhuir Cheilteach agus an gá le dúnadh a sheachaint.”
Dúirt an tAire Creed “Táim sásta go bhfuil an dá sprioc a bhí agam agus mé ag teacht chuig an gComhairle Iascaigh seo bainte amach agam. Is iad an dá sprioc ná leanúint d'inbhuanaitheacht a fheabhsú agus iascaigh barrthábhachtacha a mbíonn an pobal cois cósta ag brath orthu a chosaint.”
Leagadh síos an sprioc-am i mbliana don Chomhbheartas Iascaigh, (CFP) chun deireadh a chur le ró-iascaireacht tríd an líon iomlán gabhálacha incheadaithe (TAC) de réir chomhairle eolaíoch. Maidir leis an gcuid is mó de stoic, ciallaíonn sé sin, nuair a bhíonn comhairle leordhóthanach ar fáil, go bhfuil cuótaí leagtha síos ag leibhéil a chinntíonn inbhuanaitheacht fhadtéarmach, de réir phrionsabal na huastáirgeachta inbhuanaithe (MSY).
I mí na Nollag chomhaontaigh an Chomhairle cuótaí do 47 stoc a bhfuil baint sonrach acu le hÉirinn. Maidir le 32 spriocstoc, leagadh amach na cuótaí do 2020 de réir leibhéal na comhairle eolaíche nó faoin leibhéal sin nuair a bhí an chomhairle sin ar fáil, trínar baineadh amach critéir MSY.
Maidir le ceithre stoc leochaileacha a raibh baint sonrach acu le hÉirinn, nuair a tugadh comhairle gan iascaireacht a dhéanamh, leagadh amach cuótaí sriantacha. Ceadaíonn sé sin foghabhálacha maidir leis na stoic seo nach féidir a sheachaint, i gcúinsí nuair is cuid d'iascaigh mheasctha iad.
Chomh maith leis sin, chomhaontaigh an Chomhairle do chuótaí an-bheag chun go mbeifí ábalta sonraí eolaíochta a bhailiú maidir le 3 stoc scadán atá ídithe.
Maidir leis na hocht stoc atá fanta, comhaontaíodh cuótaí réamhchúramacha a leagan amach mar gheall ar an gcomhairle eolaíoch a bhí ar fáil, agus is mion-fhoghabhálacha an stádas a bhí ag go leor acu seo.
Dúirt an tAire Creed, “Ó rinneadh athchóiriú ar an gComhbheartas Iascaigh, táimid ag obair go seasta i dtreo an chuspóra maidir le cuótaí a leagan síos de réir na hUastáirgeachta Inbhuanaithe (MSY) faoi 2020. Ach ní hionann sin agus deireadh an aistir áfach. Ní mór dúinn leanúint d'fhorbairt a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta againn go dtí seo chun todhchaí inbhuanaithe a bhaint amach dár dtionscal iascaireachta agus don phobal cois cósta atá ag brath air.”
CRÍOCH