English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuairt Tugtha ag an Aire Hackett ar Shaothróirí Glasraí Thuaisceart Bhaile Átha Cliath


Aitheantas tugtha aici don réimse glasraí d'ardchaighdeán atá á dtáirgeadh


Molann sí do thomhaltóirí glasraí Éireannacha a cheannach, a réiteach agus a ithe an Geimhreadh seo

Mhol an Seanadóir Pippa Hackett, an tAire Stáit a bhfuil freagracht uirthi as Gairneoireacht sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, do thomhaltóirí na hÉireann glasraí a fhástar anseo in Éirinn a cheannach, a réiteach agus a ithe an Geimhreadh seo.

Thug an tAire na buntáistí a bhaineann le táirgí úra atá i séasúr a cheannach le linn di cuairt a thabhairt ar shaothróirí glasraí i dTuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath.

Dúirt sí,

"Níl mórán bealaí níos fearr ná bia folláin a ithe chun aire a thabhairt do do shláinte, agus is mór a chuidíonn glasraí a fhástar go háitiúil leis sin. Tá tábhacht mhór ag baint le glasraí chun réim chothrom bia a bheith ag duine agus chun cosaint a thabhairt in aghaidh slaghdán agus fliú agus chun déileáil le strus agus brú a d'fhéadfadh a bheith i gceist leis an tráth seo den bhliain."

Dúirt an tAire chomh maith agus béim á leagan aici ar an réimse glasraí atá á bhfás i láthair na huaire, "Cé go bhfásann glasraí mar cóilis agus cabáiste go maith i gcaitheamh na bliana, is é seo an séasúr chun meacain a bhaint. Tá meacain dhearga, meacain bhána, tornapaí, oinniúin, svaeideanna, bachlóga, cóilis agus brocailí úra na hÉireann chomh blasta agus is iomaí úsáid is féidir a bhaint astu agus is iomaí mias is féidir a réiteach leo."

Bhí Feachtas féiltiúil Food Heroes Agri Aware ar bun ag an am céanna leis an gcuairt. Dúirt an tAire, agus í ag tagairt don fheachtas sin, trína leagtar béim ar tháirgeoirí éagsúla na tíre a chinntíonn go mbeidh dinnéar breá Nollag againn, "Ar ndóigh, is é seo séasúr na mbachlóga Bruiséile. Ní mórán de Nollaig a bheadh inti gan na bachlóga."

Dúirt an tAire go raibh sí ag iarraidh ar thomhaltóirí a ndualgais chomh maith lena roghanna a mheas agus glasraí á roghnú acu le linn aimsir Nollag na bliana seo agus ar feadh na bliana araon.

Dúirt sí chomh maith,

"Ní bhaineann sé seo leis an gcaighdeán iontach de mheacain Éireannacha atá ar fáil sa tír amháin. Baineann sé le hinbhuanaitheacht chomh maith. Creidimse go bhfuil de chúram orainn ar fad mar thomhaltóirí ábhar áitiúil a cheannach

chun na bia-aistir nach bhfuil gá ar bith leo a sheachaint, gné shuntasach a chuireann go mór leis an athrú aeráide agus nár mhór deireadh a chur léi."

Dúirt an tAire arís gur bhain sé seo le rogha an tomhaltóra féin,

"I ndeireadh na dála ní éireoidh le táirgeoirí na tíre mura gceannaíonn tomhaltóirí na tíre uathu agus mura dtacaíonn siad leo. Mar sin, agus glasraí agus torthaí á gceannach agaibh an Geimhreadh seo, agus tú sa tóir ar rud éigin a thabharfaidh compord chomh maith le cothú duit, caith súil ar an lipéad agus pioc amach agus ceannaigh táirgí Éireannacha."

Mar fhocal scoir, leag an tAire Hackett béim arís ar a tiomantas láidir féin i dtaobh an méid atá amach roimh an earnáil gairneoireachta agus dúirt,

"Cuireadh tacaíocht bhreise 50% ar fáil i mBuiséad 2021 don scéim Cúnaimh Infheistíochta chun an earnáil gairneoireachta tráchtála a Fhorbairt. Tá féidearthachtaí móra millteacha i gceist le gairneoireacht agus cuirfidh an méadú seo ó €6m go €9m tacaíocht ar fáil do tháirgeoirí tuilleadh forbairt a dhéanamh chomh maith le hoibrithe nua a mhealladh i dtreo na hearnála. Mar a dúirt mé ag an am, táim ag iarraidh níos mó ionadú allmhairí a fheiceáil chomh maith le deiseanna i bpríomh-mhargaí a fhorbairt.

Nótaí d'Eagarthóirí:

Is iad a leanas na táirgeoirí glasraí a thug an tAire Hackett cuairt orthu:

1. McNally’s Family Farm, Baile Brigín, Co. Bhaile Átha Cliath

2. Jimmy Farrell, An Ros, Co. Bhaile Átha Cliath

3. Paul Carroll, Lusca, Co. Bhaile Átha Cliath

4. Enda Weldon, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath.

CRÍOCH