Cuireadh stop le hIdirbheartaíocht faoi Chuótaí Éisc idir AE agus an RA - leagann an AE Cuótaí sealadacha síos don bhliain 2022
- Foilsithe: 14 Nollaig 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Bhí idirbheartaíocht Brexit idir an AE agus an RA maidir le cuótaí iascaigh do stoic éisc chomhroinnte, ar cuireadh tús leis go luath i Samhain i sáinn go fóill sular thit Comhairle Airí Iascaigh an AE amach a tosaíodh Dé Domhnaigh agus a chríochnaigh go luath ar maidin. I gcomhthéacs an cháis sin, rinne Airí Iascaigh an cinneadh cuótaí sealadacha éisc a shocrú d’iascairí AE don chéad ráithe in 2022 sa chás nach mbaintear comhaontú amach roimh dheireadh na bliana.
An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Dúirt Charlie McConalogue,
“Is trua nach bhféadfaí an idirbheartaíocht leis an RA ar chuótaí éisc do stoic chomhroinnte, a tosaíodh an 11 Samhain, a thabhairt chun críche roimh an gComhairle. Cruthaíodh go raibh an idirbheartaíocht seo leis an RA an-deacair agus téann sé chun leasa na hÉireann nach gcuirtear brú ar an AE margadh do-ghlactha a bhaint amach. Lena sheachaint cur isteach ar ár gcabhlaigh in aon chor, chomhaontaíomar ar chuótaí éisc sealadacha don chéad ráithe in 2022. Tá an AE tiomanta go fóill do chomhaontú cothrom agus inbhuanaithe a bhaint amach leis an RA.”
Chomhaontaigh Comhairle na nAirí le cuótaí sealadacha a shocrú do thionscal an AE, go dtí deireadh Mhárta, ar leibhéal 25% de chuótaí 2021. Nuair a chuirtear cineál séasúrach iascaigh áirithe san áireamh, chinntigh an tAire McConalogue go bhfuil na cuótaí a chuirtear ar fáil do na hiascaigh siúd a thiteann amach go príomha sna chéad trí sa bhliain ar aon dul le patrúin shéasúracha na n-iascach seo. Ba é an toradh deiridh a d’eascair as go ndearnadh comhaontú ar chuótaí iomlána bliantúla 2022 do ronnach, faoitín gorm agus scadán na hIorua, anuas ar 70 faoin gcéad den chuóta don bhliain iomlán do bholmán Atlantach.
Anuas air sin, chinntigh an tAire McConalogue go bhfuil leath an chuóta do Chloicheáin ar Bhanc Porcupine laistiar d’Éirinn agus 85% den stoc faoitín sa Mhuir Cheilteach ar fáil sa chéad ráithe, le séasúracht na n-iascach tábhachtach seo a chur san áireamh.
Dúirt an tAire McConalogue,
“Ba dheas liom gur ghlac an Coimisinéir Sinkevičius lenár n-iarraidh soláthar a dhéanamh dár n-iascaigh shéasúracha trí chuóta leordhóthanach a sholáthar lena chur ar chumas thionscal iascaireachta na hÉireann tabhairt faoi na hiascaigh seo atá tábhachtach ó thaobh an gheilleagair de ag tús Eanáir. Chomhaontaigh an Chomhairle le m’iarraidh freisin Roghanna na Háige a chur i bhfeidhm, a théann chun sochair na hÉireann nuair a bhíonn leibhéil ísle bainte amach ag stoic.”
Maidir le gníomhartha na hIorua agus Oileáin Fharó i dtaobh cuótaí a shocrú do ronnach don bhliain 2021 go haontaobhach a bhí chomh hard sin nach bhféadfaí glacadh leo, dúirt an tAire McConalogue
“D’iarr mé ar an AE oibriú le comhpháirtithe a bhfuil an dearcadh céanna acu chun sciartha ronnach cothroma agus córa a bhaint amach do stáit chósta in 2022. Luaigh mé go soiléir gur gá go mbeidh an AE ullamh dul i mbun na mbeart cuí go léir má shocróidh an Iorua agus Oileáin Fharó na cuótaí neamh-inbhuanaithe siúd arís don bhliain 2022. Déanfaidh an leibhéal seo de ró-iascaireacht atá mar thoradh ar na cuótaí méadaithe aontaobhacha seo an stoc seo a laghdú in achar gearr ama, agus baineann an-tábhacht gheilleagrach leis an stoc seo dár gcabhlach iascaigh féin.”
Chuir an tAire McConalogue fáilte freisin roimh an ngealltanas a thug an Coimisiún tograí a scrúdú agus a chur le chéile, faoin 31 Márta an bhliain seo chugainn, ar chuóta ronnach an AE, a bhfuil nasc stairiúil idir é agus le comhaontú leis an Iorua, a leithdháileadh agus a dháileadh. Dúirt an tAire
“bhí mé sásta gur chomhaontaigh an Chomhairle leis gur cuireadh an cuóta ronnach atá i gceist ar fionraí, ar feitheamh an toraidh a bheidh ar mheasúnú críochnúil ina mbeidh an Coimisiún agus Ballstáit páirteach. Leanfaidh mé le hidirchaidreamh a dhéanamh go gníomhach ar an tsaincheist agus táim ag tnúth le tograí an Choimisiúin a scrúdú.”
Tabharfaidh an Chomhairle an liosta téarmaí agus coinníollacha sealadacha agus na Cuótaí go léir lenar comhaontaíodh chun críche sna laethanta amach romhainn
CRÍOCH