English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an Roinn an dáta is déanaí i gcuimhne d’fheirmeoirí chun aol a scaipeadh faoi Chlár Náisiúnta Aolta 2023

Cuirtear i gcuimhne d’fheirmeoirí gurb é Déardaoin an 31 Deireadh Fómhair 2024 an dáta is déanaí chun aol a scaipeadh i gClár Náisiúnta Aolta 2023.

Thug an tAire an Clár Aolta isteach in Earrach na bliana 2023 chun an úsáid a bhaintear as aol mar oiriúntóir nádúrtha ithreach a dhreasú lena gcuirtear aigéadacht ithreach ina ceart, lena bhfágtar go bhfuil cothaithigh níos infhaighte d’iontógáil plandaí agus lena bhfeabhsaítear sláinte na hithreach san iomlán. Cuireadh níos mó ná 14,500 éileamh isteach faoin gClár Náisiúnta Aolta agus eisíodh réamhíocaíochtaí chuig feirmeoirí i mí na Nollag 2023.

Dheimhnigh an Roinn gur íocadh amach níos mó ná €7.6 milliún go dtí seo, agus fuair níos mó ná 8,000 iarratasóir a íocaíocht nó a híocaíocht iomlán. Eiseofar íocaíochtaí comhardaithe chuig na feirmeoirí atá fágtha de réir mar a dheimhnítear go bhfuil cruthúnas ar an scaipeadh, lena n áirítear tríd an mBunachar Sonraí Leasacháin Náisiúnta, agus mar a thugtar aghaidh ar fhiosrúcháin atá fós le réiteach.

Is é an 31 Deireadh Fómhair an dáta is déanaí don scaipeadh agus ní bheidh feidhm ag aon síntí breise.

DEIREADH