Cuireann an Roinn i gcuimhne d’fheirmeoirí go bhfuil réamhfhógraí seiceála BPS á n-eisiúint anois

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an Roinn i gcuimhne d’fheirmeoirí go bhfuil réamhfhógraí seiceála BPS á n-eisiúint anois

Thug an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara le fios inniu go bhfuil fógraí le haghaidh na Réamhsheiceálacha faoi Scéim Buníocaíochta 2022 (BPS) á n-eisiúint anois d’fheirmeoirí.

Aithneoidh réamhsheiceálacha aon ró-éilimh, forluí nó éileamh déach maidir le hiarratais BPS ar líne. Eisítear fógraí nuair a aimsíonn an Roinn earráid den sórt sin ar iarratas BPS 2022 an fheirmeora.

Tugann an fógra deis don fheirmeoir na saincheisteanna seo a réiteach gan phionós. Ba cheart d’fheirmeoirí agus do chomhairleoirí an rannán comhfhreagrais dá gcuntas ar líne BPS a sheiceáil. I gcás ina bhfuil feirmeoir cláraithe le haghaidh foláirimh teachtaireachta téacs, eiseofar téacs chun a chur in iúl dóibh go bhfuil fógra acu ar a chuntas BPS.

I gcás ina bhfaigheann feirmeoir nó gníomhaire fógra den sórt sin, ba chóir dó logáil isteach ar www.agfood.ie agus freagra a thabhairt roimh an dáta deiridh, 21 Meitheamh 2022.

Má theastaíonn cúnamh breise uait chun Réamhsheiceáil a fhreagairt tá treoirleabhar iomlán úsáideora agus doiciméad ceisteanna coitianta ar fáil ag https://www.gov.ie/en/service/f16b22-basic-payment-scheme/#bps-help-guides-videos

Nóta

Más mian le feirmeoirí dul i dteagmháil leis an Roinn is féidir leo é sin a dhéanamh ag:

  • 049-4368288 maidir le fiosrúcháin faoi chlárú do www.agfood.ie – mar shampla fiosrúcháin ar phasfhocail caillte, conas clárú srl.
  • 057-8674422 maidir le fiosrúcháin ar a n-iarratas ar BPS, fógraí maidir le réamhsheiceálacha, etc.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat