English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an tAire comhairle ar fheirmeoirí i dtaobh bearta eatramhacha a bhaineann le hainmhithe a fuair bás a dhiúscairt

Tá sé ráite ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie Mc Conalogue T.D, go bhfuil sé ag coinneáil súil ghéar ar an gcás leanúnach i dtaobh rindreálaithe nach bhfuil ag glacadh le hainmhithe a fuair bás le haghaidh rindreála.

Tháinig an cás seo chun cinn i ndiaidh gur tháinig méadú suntasach ar na táillí a ghearrann rindreálaithe ar bhailitheoirí ainmhithe chun stoc feirme a fuair bás is nach ndearnadh tástáil TSE orthu a dhiúscairt. Is ionann é seo agus idirbheart tráchtála idir na rindreálaithe agus na bailitheoirí ainmhithe (monarchana idirmheánacha chatagóir 2).

Dúirt an tAire McConalogue:

“Tá na hoifigigh atá agamsa fós i mbun teagmhála le páirtithe leasmhara chun teacht ar réiteach ar na fadhbanna reatha. Mar chuid den teagmháil seo bhí cruinnithe le déanaí le Cumann Rindreálaithe Chatagóir a hAon (ICORA). Mar sin féin, níl an Roinn Talmhaíochta Bia agus Mara (RTBM) in achrann le bailitheoirí ainmhithe nó leis an tionscal rindreála ach an oiread agus táim ag iarraidh ar rindreálaithe agus bailitheoirí dul i mbun cainte lena chéile go réamhghníomhach chun an t-easaontas a réiteach.”

In éagmais réitigh idir an dá pháirtí, agus chun tacú le feirmeoirí agus mar aitheantas ar thromchúis na faidhbe seo, chuaigh an tAire McConalogue i mbun gnímh chun rogha eile a chur ar fáil d'fheirmeoirí.

Dúirt an tAire:

“Mar gheall go bhfuil rindreálaithe ag diúltú glacadh le hainmhithe a fuair bás ó bhailitheoirí ainmhithe, tá sé socraithe agam gur féidir le bailitheoirí ainmhithe rochtain a fháil ar shaoráidí rindreála Chatagóir 1 i dTuaisceart Éireann. Tá treoirdhoiciméad ina leagtar amach na riachtanais mharaithe seolta ag Cumann Bailitheoirí Ainmhithe chuig Monarchana Rindreála i dTuaisceart Éireann.

“Nuair a thagann feirmeoir ar ainmhí a fuair bás, ba chóir gurbh é a mbailitheoir ainmhithe marbha áitiúil an chéad phointe teagmhála a bheadh acu. Mar sin féin, i gcúinsí eisceachtúla, i gcás nach bhfuil feirmeoir in ann teacht ar bhailitheoir chun conablach ainmhí a bhaint den láthair, is féidir leo smaoineamh ar an ainmhí a adhlacadh ar an bhfeirm. Tá ceadúnas adhlactha ón RTBM ag teastáil chuige seo, agus mar a thuigfeá, tá riachtanais dhochta chomhshaoil ag baint leis. Chun ceadúnas a fháil, ní mór don choimeádaí tréada an Oifig Réigiúnach Tréidliachta (RVO) áitiúil de chuid na Roinne a chur ar an eolas, agus cuirfidh siadsan an fhaisnéis atá ag teastáil ar fáil.

Mar chlabhsúr, luaigh an tAire:

‘Táim ar an eolas faoi na deacrachtaí a chruthaigh an cás seo d'fheirmeoirí agus táim ag déanamh gach dícheall chun cabhrú leis an bhfadhb seo a réiteach chomh luath agus is féidir’.

CRÍOCH