Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an tAire Hackett fáilte roimh chruinniú tionscnaimh an Fhóraim um Straitéis Orgánach

Chuir an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett fáilte roimh chruinniú tionscnaimh an Fhóraim Straitéise Orgánaigh nua. Bhí an chéad chruinniú ag an bhFóram Dé Céadaoin an 13 Aibreán agus tá raon saineolaithe ó earnálacha na feirmeoireachta agus próiseáila an bhia, ó chomhlachtaí an deimhnithe orgánacha agus ó na Gníomhaireachtaí Stáit lena mbaineann.

Dhírigh an chéad chruinniú, faoi chathaoirleacht Pádraig Brennan, ar fhorbhreathnú ar staid reatha na hearnála Orgánacha agus cuireadh léirithe i láthair ó chomhaltaí na Gníomhaireachta Stáit (Teagasc, Bord Bia agus BIM) chomh maith le ceann ó Roinn an Aire. Thug Teagasc uasdátú don chruinniú maidir le tacaí na taighde agus na comhairleacha is déanaí atá á gcur ar fáil acu don fheirmeoireacht orgánach agus thug BIM cuntas ar an staid reatha maidir leis an dobharshaothrú orgánach. Thug Bord Bia uasdátú ar na forbairtí is déanaí atá ar siúl sa mhargadh náisiúnta agus domhanda agus léirigh an Roinn Talmhaíochta faisnéis uasdátaithe ar rátaí rannpháirtíochta de réir earnála agus ar an staid reatha maidir leis an táirgeadh orgánach. Tá na léirithe ar fáil ar shuíomh Gréasáin na Roinne ag Inaugural Meeting of Organic Strategy Forum

Thug an tAire Hackett faoi deara:

“Beidh an Fóram um Straitéis Orgánach dírithe láithreach ar chur chun feidhme leanúnach na Straitéise Orgánacha Náisiúnta 2025 maidir leis na gníomhaíochtaí agus na tacaíochtaí is gá chun na bacainní ar fhás na hearnála a mbaint uaidh. Ba ábhar misnigh á chloisteáil go raibh comhdhearcadh láidir ann i leith na ndeiseanna ollmhóra nach bhfuil leas bainte astu fós atá ar fáil don earnáil in Éirinn agus thar lear, ach go mbeidh leibhéal ceart na dtacaíochtaí agus na nuálaíochta ag teastáil chun a leithéid leasa a bhaint amach. Ba mhaith liom go mbeadh ról gníomhach ag baill an Fhóraim i bhforbairt an chláir oibre a theastaíonn chun táirgeadh an bhia orgánach in Éirinn a mhéadú agus dearbhaím go dtabharfaidh mo Roinn gach tacaíocht ina leith.”

Tiocfaidh an grúpa le chéile ar bhonn ráithiúil agus tá tuilleadh cruinnithe beartaithe do Mheitheamh, do Mheán Fómhair agus do Mhí Nollaig na bliana 2022. Díreoidh gach cruinniú ar réimse ar leith den earnáil ar gá tuilleadh forbartha a dhéanamh air agus ar spriocanna ar leith á mbunú lena chinntiú go mbainfear amach spriocanna an Chláir don Rialtas.

Arsa an Cathaoirleach Padraig Brennan,

“Tá mór-áthas orm bheith i mo chathaoirleach ar an ngrúpa ardleibhéil seo. Tháinig ionchur ó gach rannpháirtí ag ár gcruinniú inniu a léirigh buntiomantas agus gairmiúlacht na hearnála i gcoitinne agus a léirigh freisin an dúthracht maidir leis an earnáil Orgánach a bhunú mar chroí-ghné de ghnáth-earnáil agraibhia na hÉireann. Socróimid clár oibre uaillmhianach dúinn féin agus táim ag tnúth le bheith ag obair leis na rannpháirtithe ar fad chun a leithéid a chur i bhfeidhm.”

Le tabhairt faoi deara ag Eagrathóirí:

Ballra an Fhóraim um Straitéis Orgánach

  • Cathaoirleach: Padraig Brennan, Padraig Brennan Consulting
  • Julie Roche, Cumann na gComhairleoirí Talmhaíochta
  • Tom Starr, Arrabawn
  • Niamh Jinks, Aurivo
  • Úna Ní Bhroin, Feirm Orgánach Beechlawn
  • Seamus McMenamin, Bord Bia
  • Catherine Morrison, Bord Iascaigh Mhara
  • Annie Flahavan, Flahavans
  • Nicola O’Connell, Glanbia
  • Emma Walls, Glenisk
  • John Purcell, Good Herdsmen
  • Alisha Ryan, Coiste Gnóthaí Feirme agus Tuaithe de chuid Cumann Soláthruithe Bainne Uachtarlanna na hÉireann (CSBUÉ)
  • Fergal Byrne, Coiste na n-Orgánaca de chuid Cumann Feirmeoirí Eallach agus Caorach na hÉireann (CFECÉ)
  • John Curran, Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann (FAÉ)
  • Teresa Morrissey, Dobharshaothrú an FAÉ
  • Kathryn Roche, Irish Country Meats
  • Henry O’Donnell, Cumann Feirmeoirí Natura agus Sléibhe na hÉireann
  • Gillian Westbrook, Cumann Orgánach na hÉireann
  • Dermot Callaghan, Oifig um Sholáthar Rialtais
  • Gillian Richardson, Macra na Feirme
  • Sean McGloin, Oiliúint Orgánach Náisiúnta
  • Colin Keogh, Organic Trust
  • Sinéad Moran, Talamh Beo
  • Elaine Leavy, Teagasc

Tá an Straitéis Orgánach Náisiúnta.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat