Cuireann an tAire Hackett fáilte roimh shrianta nua ar onnmhairiú adhmaid sprúis ó Albain
- Foilsithe: 7 Feabhra 2024
- An t-eolas is déanaí: 16 Aibreán 2025
Chuir an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, fáilte inniu roimh thabhairt isteach beart suntasach nua de chuid Scottish Forestry, i ndiaidh do rannpháirtíocht fhairsing lena roinn, maidir le lomáin chruinne bhuaircíneacha (sprús) ón Limistéar Saor ó Lotnaidí (LSL) in Albain go hÉirinn a dheimhniú. Tá sé i gceist leis na bearta seo cosaint bhreise a sholáthar d'fhoraoisí na hÉireann ó allmhairiú féideartha lotnaidí.
Agus fáilte á cur roimh an bhfógra aici, dúirt an tAire Hackett:
“D'oibrigh mo Roinn go dlúth thar roinnt míonna le húdaráis na hAlban chun teacht ar thoradh a chosnóidh foraoisí na hÉireann, mar sin is céim dhearfach iad na srianta nua seo ar ghluaiseacht lomán sprúis ó chuid den Limistéar Saor ó Lotnaidí in iarthar na hAlban chun stádas crios cosanta na hÉireann do lotnaidí foraoiseachta áirithe a choinneáil.”
Lean an tAire ar aghaidh:
“Rinne mo Roinnse plé mionsonraithe ar na bearta nua seo lena comhghleacaithe in Albain, agus é mar aidhm fhoriomlán a chinntiú go gcoimeádfar caighdeán an Limistéir Saor ó Lotnaidí agus go ndéantar foraoisí na hÉireann a chosaint. Is cúis imní mór é láithreacht Dendroctonous micans in Albain. Tá sé mar thosaíocht ag mo Roinn a chinntiú go bhfuil aon allmhairí saor ó lotnaidí, agus mar sin is am cuí anois é chun na céimeanna breise seo a ghlacadh agus an limistéar laistigh de LSL na hAlban ónar féidir lomáin a onnmhairiú go hÉirinn a laghdú.”
Dúirt an tAire freisin:
"Tá tacaíocht agam leis na céimeanna a ghlac Scottish Forestry le hionchur m'oifigeach. Cinnteoidh na bearta nua nach n-eiseofar a thuilleadh deimhnithe fíteashláintíochta do ghluaiseacht lomán cruinne sprúis go hoileán na hÉireann a thagann ó aon limistéar laistigh den LSL atá laistigh de chrios maolánach 35km a forchuireadh timpeall ar na torthaí D. micans is déanaí. Is céim shuntasach í seo. Leanfaidh mo Roinn le dlúthmhonatóireacht a dhéanamh ar an gcás in Albain agus déanfaidh sí gach beart is gá chun a chinntiú go gcosnófar foraoiseacht na hÉireann. ”
Is é seo a leanas an amlíne chun na bearta sin a thabhairt isteach:
- Ní eiseofar aon deimhniú fíteashláintíochta do lomáin chruinne a thagann ón gcrios maolánach ón 1
Márta 2024.
- Caithfidh go mbeidh aon lastais de lomáin chruinne a thagann ón gcrios maolánach a bheith in Éirinn
agus a bheith imréitithe ag an gcalafort / ag an gcé roimh an 1 Aibreán 2024.
- Tar éis 12 mhí beidh tuairim ann an maolán a mhéadú 10 km eile. Déanfaidh Scottish Forestries agus
na húdaráis ábhartha ar oileán na hÉireann an cinneadh deiridh a chomhaontú.
Tá faireachas agus rialuithe sláinte plandaí ar an dá thaobh de Mhuir Éireann ríthábhachtach chun stádas sláinte foraoise na hÉireann a chosaint. Trí na céimeanna thuas a chur i bhfeidhm, chomh maith le seiceálacha fíteashláintíochta ag na pointí iontrála go hÉirinn, tugtar isteach cosaintí breise do lomáin a aimsítear gar don toradh is gaire Dendroctonous micans don LSL.
Dúirt an tAire freisin:
“Ceann de phríomhphrionsabail Straitéis Sláinte Plandaí agus Bithshlándála mo Roinne is ea faireachas atá bunaithe ar riosca d'aimsiú luath, ag teacht leis an gcleachtas idirnáisiúnta is fearr agus le fianaise eolaíoch a thacaíonn le haimsiú luath lotnaidí agus galar. Coinníonn m'oifigigh i ndlúth-theagmháil le comhghleacaithe sa Bhreatain Mhór agus i dTuaisceart Éireann ar an gceist seo. Tá sé ríthábhachtach go bhfanfaidh na geallsealbhóirí foraoise ar fad ar an airdeall i gcónaí agus go ndéanfaidh siad imní sláinte foraoise a thuairisciú ar bhonn práinne, agus bunóidh mé grúpa geallsealbhóirí Sláinte Foraoise go luath chun cainteanna rialta ar an gceist seo a éascú.”
Tá go leor lotnaidí plandaí agus galair phlandaí rialaithe ann a aimsíodh in áiteanna eile nár aimsíodh in Éirinn go fóill. Cuireann an Roinn réimeas sláinte plandaí dian i bhfeidhm chun an stádas fabhrach sláinte plandaí seo a chosaint. Áirítear le stádas Crios Cosanta na hÉireann (saoirse lotnaidí) sé speiceas de chiaróg choirte, lena n-áirítear Dendroctonous micans. Roinneann Tuaisceart Éireann an stádas crios cosanta le hÉirinn do na sé speiceas de chiaróg choirte.
Tá Bileog Eolais um Lotnaidí Plandaí de chuid na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara ar Dendroctonous micans ar fáil anseo;https://www.gov.ie/en/publication/7b101-pest-risk-analysis-unit-plant-pest-risk-register-factsheets/#ireland-protected-zone-plant-pests