Cuireann an tAire McConalogue clabhsúr leis an gcéad lá de mhisean trádála iomlán an rialtais trí thiomantas a chinntiú go gcuirfear iarratas rochtana mairteola chun cinn roimh dheireadh na bliana
- Foilsithe: 1 Samhain 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Chuir an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Teachta Dála Charlie McConalogue clabhsúr inniu le roinnt imeachtaí tábhachta polaitíochta agus cur chun cinn trádála ar an gcéad lá de mhisean trádála iomlán an Rialtais chun na Cóiré.
Díríodh go príomha ar iarrachtaí chun rochtain a bhaint amach chuig an gCóiré do mhairteoil na hÉireann agus thug an tAire faoi chruinnithe polaitiúla ardleibhéil ar an tsaincheist thábhachtach seo.
Dúirt an tAire McConalogue
“Is príomh-mhargadh atá ag fás í an Chóiré d’easpórtálacha agraibhia na hÉireann, agus €75 milliún san iomlán á bhaint amach ag easpórtálacha sa bhliain 2022, méadú suntasach ar na blianta roimhe sin. Táim ag baint leasa as an deis a bhaineann leis an misean trádála seo chun bualadh le cuideachtaí Éireannacha agus a gcomhpháirtithe agus comhpháirtithe ionchasacha chun cur lenár láithreacht sa Chóiré, tír a bhfuil mianach an-suntasach aici d'fhás easpórtálacha na hÉireann.”
Ba é príomhthosaíocht an Aire inniu ná cruinniú tábhachtach leis an Uasal So Byung Hoon, ball den Tionól Náisiúnta agus Cathaoirleach den Choiste Talmhaíochta. Is tosaíocht do mhisean trádála iomlán an Rialtais é an t-iarratas do mhairteoil na hÉireann a chuir Aireacht Talmhaíochta, Bia agus Gnóthaí Tuaithe na Cóiré faoi bhráid an Tionóil Náisiúnta i mBealtaine 2021.
I ndiaidh an chruinnithe, dúirt an tAire McConalogue:
“Is í an phríomhthosaíocht atá agam an tseachtain seo ná an t-iarratas rochtana ar mhargadh na mairteola a chur chun cinn tuilleadh. Feicim go bhfuil ríthábhacht ag baint leis na margaí do mhairteoil na hÉireann a leathnú chun ár n-earnáil mairteola a fhorbairt níos mó. D’oibrigh mo Roinn go dian lena gcomhghleacaithe sa Chóiré le cúpla bliain anuas chun na céimeanna teicniúla go léir is gá a dhéanamh a chur i gcrích chun an chéim seo a bhaint amach.
Phléigh Coiste Talmhaíochta Pharlaimint na Cóiré ceist rochtana mhairteoil na hÉireann an tseachtain seo roimh ré agus iad ag súil le mo chruinniú déthaobhach inniu. Cé gur beart luachmhar é seo, ba é an achainí sonrach a rinne mé ar ann Uasal So ná go gcuireadh an comhad seo críoch leis an bpróiseas Parlaiminte riachtanach gan mhoill. Bhí an-áthas orm gealltanas a fháil ón Uasal So go ngníomhódh sé chun an chéim seo a chríochnú faoi dheireadh na bliana seo. D’fhágfadh sé sin an bealach don chéim dheireanach sa phróiseas, is é sin, faomhadh na monarchana mairteola Éireannacha ar mian leo easpórtáil go dtí an Chóiré.
Ar mhaithe leis an ngealltanas seo a bhaint amach, agus tar éis plé leis an Taoiseach, an Teachta Dála Leo Varadkar, ardófar an t-ábhar seo le hUachtarán na Cóiré Dé hAoine freisin.”
Níos luaithe, ba é céad imeacht an lae don Aire McConalogue ná Bricfeasta Gnó Fhoireann Éireann Cóiré, comhimeacht leis an Aire Simon Coveney, an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta. Ócáid líonraithe a bhí anseo do chliantchuideachtaí Fhiontraíocht Éireann, a gcomhpháirtithe Cóiréacha agus a bpríomhtheagmhálaithe i margadh na Cóiré lena n-áirítear réimse na teicneolaíochta talmhaíochta.
Ina theannta sin, bhí cruinnithe ag an Aire le cuideachtaí bia na hÉireann agus le hiompórtálaithe féideartha arna n-éascú ag Bord Bia. Áiríodh leis sin cuairt ar Mhargadh Majang, áit ar chonaic an tAire McConalogue agus Bord Bia conas mar a oibríonn earnálacha feola imheánacha agus iompórtáilte na Cóiré ar bhonn pearsanta, agus raon próiseálaithe, iompórtálaithe, mórdhíoltóirí agus miondíoltóirí ón gCóiré.
Leanfaidh an chuairt ar aghaidh amárach nuair a bheadh an tAire ag tabhairt faoi choinní poiblíochta le hearnáil rásaíochta capall na Cóiré, roinnt imeachtaí fógraíochta gnó le Bord Bia mar aon le ceannaitheoirí ón gCóiré agus easpórtálaithe Éireannacha.
CRÍOCH
Fotheidil grianghraif:
Casann an tAire McConalogue agus toscaireacht na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara leis an Uasal So Byung Hoon, comhalta den Tionól Náisiúnta agus Cathaoirleach an Choiste Talmhaíochta