English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann McConalogue fáilte ar ais roimh cheannaitheoirí marglainne go dtí taobh an chró


Molann an tAire na marglanna agus na feirmeoirí

Fáiltíonn an tAire Talmhaíochta, Bia agus mara, Charlie McConalogue T.D., roimh fhilleadh na gceannaitheoirí go dtí marglanna beostoic fud fad na tíre, atá ag cloí leis na srianta sláinte poiblí. Leanfar leis an trádáil ar líne a éascú chomh maith leis an bhfilleadh ar an trádáil sa chró.

Ag labhairt dó le feirmeoirí agus leis an bhfoireann marglainne i Marglann Charn Domhnach, Co Dhún na nGall inniu, mhol an tAire McConalogue an iarracht a rinneadar díolacháin marglainne a choimeád suas agus iad ar líne.

“Is lá iontach é seo don líonra marglann atá againn ar fud na tíre. Tá teacht aniar as cuimse mar aon le aclaíocht agus seiftiúlacht léirithe ag bainisteoirí marglann, ag an bhfoireann iontu, chomh maith le ceannaitheoirí agus díoltóirí beostoic le blian anuas agus iad ag déileáil leis na dúshláin a bhain le COVID-19, agus ag an am céanna d’éirigh leo leanúint leis an trádáil gan stró,” a dúirt an tAire McConalogue.

“Ó thaobh na tréaniarrachta a rinneadar cloí leis na bearta COVID-19, táim lánchinnte go raibh ról ag na feirmeoirí agus ag na marglanna le míonna beaga anuas maidir leis mbagairt ó COVID-19 don phobal a laghdú,”, a dúirt sé freisin.

Idir 1 Eanáir agus 14 Márta 2021 bhí an tréchur eallaigh ag 94% i gcomparáid leis an tréimhse chéanna i 2020. Bhí an tréchur do chaoirigh ag 100% i gcomparáid leis an tréimhse chéanna i 2020.

Is féidir le ceannaitheoirí freastal ar an gcró díolacháin agus féachaint ar stoc sna locaí. Ní mór coinne a dhéanamh roimh ré, áfach, leis an marglann beostoic. Ní mór do cheannaitheoirí ar mian leo bheith i láthair taobh an chró cumhdach aghaidhe a chaitheamh agus cloí go docht leis an scaradh sóisialta de 2m. Ní mór do na marglanna freisin a sheachaint go dtiocfaidh baill den phobal le chéile i gcarrchlós na marglainne nó ag na bealaí isteach i bhfoirgnimh na marglainne.

Ní mór go bhfeidhmeoidh na marglanna de réir nósanna imeachta oibriúcháin caighdeánacha le haghaidh COVID-19 atá faofa ag an Oifig Tréidliachta Réigiúnach.

Dúirt an tAire McConalogue go bhfuil sé ag spreagadh feirmeoirí agus ceannaitheoirí chun go leanfaidh siad leis na hardáin ar líne a úsáid mar bhealach chun beostoc a thrádáil.

Dúrit sé,

“De réir mar a bhogaimid ar aghaidh, beidh meascán de dhíolacháin ar líne agus taobh an chró i gceist le díolacháin mharglainne. Tá sé cruthaithe ag an gcur chuige cumaiscthe seo ina bhfuil gné ar líne láidir ann, gur bealach iontach é chun eallach agus caoirigh a thrádáil.

“Táim ag iarraidh ar fheirmeoirí, ar cheannaitheoií agus ar mharglanna aird faoi leith a thabhairt ar na treoirlínte sláinte poiblí de réir mar a bhogaimid ar aghaidh. Tá ról le himirt againn go léir chun gach duine a choimeád sábháilte agus tá sé seo chomh tábhachtach ag an marglann is atá sé in aon áit eile,” a dúirt sé mar fhocal scoir.

DEIREADH