English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann na hAirí McConalogue, Hackett agus Noonan €60 milliún ar fáil ar son Farming for Water EIP

Bhí an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, in éineacht leis an Aire Stáit Pippa Hackett agus an tAire Stáit sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Malcolm Noonan, ar bhruacha Loch Ainninn inniu chun an tionscadal Water EIP “Water EIP “Farming for Water” ar fiú €60 milliún é a sheoladh go hoifigiúil agus é dírithe ar chaighdeán an uisce a fheabhsú ag leibhéil áitiúla, dobharcheantair agus náisiúnta.

Is cur chuige comhoibríoch é an tionscadal idir an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, ag obair i gcomhpháirtíocht leis an tionscal agraibhia chun caighdeán an uisce a fheabhsú. Tacóidh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara leis an tionscadal trí mhaoiniú €50 milliún a chur ar fáil d'fheirmeoirí rannpháirteacha, arna chómhaoiniú ag an Státchiste Náisiúnta agus ag an AE, agus é mar chuspóir aige 15,000 feirmeoir a thabhairt isteach i réimsí tosaíochta go náisiúnta. Cuirfidh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an tacaíocht riaracháin don tionscadal ar fáil ar luach €10 milliún.

Tríd an tionscadal Comhpháirtíochta Nuálaíochta Eorpaí (EIP-AGRI) seo, tá grúpa oibríochtúil bunaithe ag Clár Uiscí na nÚdarás Áitiúil (LAWPRO), i gcomhpháirtíocht le Teagasc, Tionscal Déiríochta Éireann (DII) agus Bord Bia, agus le tacaíocht ó pháirtithe leasmhara eile, chun oibriú i gcomhpháirtíocht le feirmeoirí chun roinnt gníomhaíochtaí spriocdhírithe a chur i bhfeidhm ar leibhéal na feirme chun caighdeán an uisce a fheabhsú.

Dúirt an tAire McConalogue:

Tá an rialtas seo ag iarraidh feabhas a chur ar chaighdeán an uisce agus ba mhaith leis freisin a chinntiú go mbeidh maolú níotráití faighte ag Éirinn agus ag feirmeoirí na hÉireann ó 2026. Is fianaise é an infheistíocht de €60 milliún an lae inniu ar thiomantas an Rialtais tacú le feirmeoirí ina n-iarrachtaí an dá aidhm sin a bhaint amach.

"Tá todhchaí ár bhfeirmeacha, agus na dteaghlach ar na feirmeacha sin, ag brath den chuid is mó ar thorthaí rathúla de chaighdeán an uisce agus táim lánmhuiníneach nach mbeidh feirmeoirí easnamhach leis na torthaí sin a chur i gcrích. Beidh rath an EIP seo ina fhoinse inspioráide, ag spreagadh níos mó ceannaireachta, níos mó gnímh agus níos mó rannpháirtíochta le tionscnaimh uisce ar fud gach cineál feirme agus méid feirme.

“Tá an tionscadal seo ina phríomhchuid dár n-iarrachtaí leanúnacha chun caighdeán an uisce agus inbhuanaitheacht ár gcleachtas talmhaíochta a fheabhsú ar leibhéal náisiúnta, ach níl ann ach gné amháin. Tá sé mar chuid de shraith beart chun na hiarrachtaí sin a threisiú. Áirítear leis seo Feachtas Comhairleach um Chaighdeán Uisce ilghníomhaí náisiúnta, faoi stiúir Teagasc chomh maith le gníomhaíocht chomhlíonta agus fhorfheidhmithe mhéadaithe ar fud mo Roinne féin agus na nÚdarás Áitiúil.

Dúirt an tAire um Úsáid Talún agus Bithéagsúlacht, an Seanadóir Pippa Hackett:

“Mar Aire le freagracht as EIPanna agus bithéagsúlacht araon, tá an-áthas orm tacú leis an bpromh EIP seo, a léiríonn tiomantas an Rialtais seo do chaighdeán an uisce a chothabháil agus a fheabhsú in Éirinn. Is é seo an EIP is mó atá againn go dtí seo, maidir le maoiniú agus ina uaillmhian maidir leis an ról is féidir leis an talmhaíocht a imirt i bhfeabhas a chur ar chaighdeán an uisce agus, dá réir sin, na buntáistí don dúlra agus don bhithéagsúlacht a tharlóidh dá bharr.”

Dúirt an tAire Stáit Dúlra, Oidhreachta agus Athchóirithe Toghcháin, Malcolm Noonan TD:

“Tá ár n-aibhneacha, ár lochanna, ár n-inbhir agus ár mbánna ag croílár na rudaí a léirímid meas orthu maidir le timpeallacht na hÉireann. Tá sé ríthábhachtach caighdeán a n-uiscí a fheabhsú – ní hamháin don dúlra agus don fhiadhúlra, ach freisin do shláinte agus d'fholláine an phobail – agus is trí oibriú le chéile a chinnteoimid na torthaí is mó. Tugann an comhoibriú uathúil agus nuálach seo an pobal feirmeoireachta, na tionscail próiseála bia, LAWPRO, ASSAP agus an dá roinn rialtais le chéile le haidhm amháin. Is léiriú é ar thiomantas na ranna Rialtais agus na hearnála talmhaíochta maidir le húinéireacht a ghlacadh ar a ról i bhfeabhas a chur ar chaighdeán an uisce.”

Dúirt Anthony Coleman, Stiúrthóir LAWPRO, a dhéanann ionadaíocht ar an nGrúpa Oibriúcháin:

“Is ionann an Water EIP seo agus deis shuntasach dúinn dul i dteagmháil agus comhoibriú leis an earnáil talmhaíochta chun feabhsuithe ar chaighdeán an uisce a chur i gcrích ar fud na tíre. Beimid ag obair as lámha a chéile le feirmeoirí chun níos mó réitigh dhúlrabhunaithe a thabhairt isteach chomh maith le tacú le heagraíochtaí pobail oibriú ar bhearta caighdeán uisce a chur i gcrích a rachaidh chun tairbhe dár gcomhshaol, dár ngeilleagar agus dár sochaí.

Leanann an tionscnamh maoirseachta uisce seo prionsabail eolaíochta dobharcheantair agus díríonn sé ar iliomad buntáistí, lena n-áirítear an aeráid agus an bhithéagsúlacht. Tá ríméad orm go bhfuil an tionscadal seo ar bun anois agus tá foireann i bhfeidhm againn a oibreoidh i gcomhar lenár gcomhpháirtithe Teagasc, ASSAP, Tionscal Déiríochta Éireann agus páirtithe leasmhara eile.”

(Grianghraif chuig an Deasca Nuachta le teacht)

Nótaí d’Eagarthóirí:

Tá an tionscnamh EIP á chómhaoiniú ag an gCoimisiún Eorpach agus Rialtas na hÉireann mar chuid de Chlár Forbartha Tuaithe na hÉireann agus leanfar leis faoi Phlean Straitéiseach CAP.

Sa chás seo, maoineoidh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara gníomhartha feirmeoirí, agus maoineoidh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta costais riaracháin an Ghrúpa Oibríochtúil.

Tá réimse páirtithe leasmhara (feirmeoirí, comhairleoirí, taighdeoirí, eagraíochtaí neamhrialtasacha srl.) ag teacht le chéile i ngrúpa ar a dtugtar 'Grúpaí Oibríochtúla' chun réitigh nuálacha atá forbartha ag an nGrúpa féin a thriail.

Is féidir tuilleadh faisnéise faoin gComhpháirtíocht Nuálaíochta Eorpach (AGRI) a fháil ar shuiomh greasain na roinne