English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuirtear tús le híocaíochtaí faoi Bhearta Sadhlais Bháinseacha Ilspeicis agus Seamair Dheirg 2023

D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D, inniu go bhfuil tús á chur le híocaíochtaí faoi Bhearta Sadhlais Bháinseacha Ilspeicis agus Seamair Dheirg 2023.

Ag fógairt na n-íocaíochtaí, dúirt an tAire McConalogue:

“Tá lúcháir orm a dhearbhú go n-eiseofar íocaíochtaí os cionn €1.1 milliún do na bearta seo sna laethanta amach romhainn. Leathnóidh na bearta seo na limistéir a bunaíodh cheana faoi chlár píolótach na bliana seo caite agus bainfear leas as na tairbhí comhshaoil a chuireann na báinseacha seo ar fáil.”

“Méadaíodh an maoiniú do na bearta seo in 2023 chun breis tacaíochta a cheadú chun na báinseacha seo a bhunú. Gheobhaidh iarrthóirí incháilithe ráta íocaíochta €300/ha, arb ionann é agus méadú suntasach ar an ráta cúnaimh a íocadh in 2022.”

Leanfar d’éilimh atá faoi cheist faoi láthair a íoc sna seachtainí atá romhainn de réir mar a réitítear iad.

CRÍOCH

Nótaí d’Eagarthóirí:

Tugadh an Beart seo isteach ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara chun modhanna feirmeoireachta atá inbhuanaithe ó thaobh na timpeallachta de a chur chun cinn, a mbeidh tionchar dearfach acu ar astaíochtaí aeráide, bithéagsúlacht agus cáilíocht uisce.

Is é an ráta íocaíochta €300/ha, a léiríonn méadú suntasach ar an ráta cúnaimh a íocadh anuraidh agus tá sé mar chuid de fhreagra an rialtais chun costais mhéadaithe ionchuir a ghlanadh.

Tá torthaí dearfacha léirithe ag obair thrialach ar Bháinseacha Ilspeicis maidir le húsáid íseal leasacháin nítrigine a mbeidh tionchar tairbheach aici ar astaíochtaí ocsaíde nítriúla agus a laghdóidh costais ionchuir d’fheirmeoirí ag an am céanna. I measc na mbuntáistí eile a eascraíonn as an mbeart seo tá bithéagsúlacht fheabhsaithe, acmhainn níos fearr ar dhálaí triomaigh agus laghdú ar riachtanais frith-heilminteach.

Léiríonn taighde a rinneadh ar Shadhlas Seimre Deirge go bhfuil próitéin níos airde sna báinseacha seo ná mar atá sa ghnáthshadhlas mar gheall ar a gcumas fosaithe nítrigine chomh maith lena gcumas níos mó ná 14t ÁT/ha a tháirgeadh, rud a chuideoidh le feirmeoirí a mbillí beatha thacúil a laghdú.