English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cur chuige nua i leith ainmhithe frithghníomhaí neamhchonclúideacha

I ndiaidh gur tionóladh Meitheal um Chur i bhFeidhm an Fhóraim Eitinne le déanaí, d’fhógair an Roinn go mbeartaítear anois leanúint ar aghaidh leis na moltaí a chur i bhfeidhm a dhéantar sa Straitéis um Dhíothú Eitinn Bólachta (bTB) maidir le hainmhithe neamhchonclúideacha. Comhaontaíodh leis ag an Meitheal um Chur i bhFeidhm go ndéanfaidh an Fóram Eitinne breithniú ar thionscnaimh fhéideartha eile maidir le frithghníomhaithe neamhchonclúideacha ag cruinniú a thionólfar amach anseo.

Léiríonn taighde eolaíochta go bhfuil baol níos mó ann roimh eallach a bhaineann toradh neamhchonclúideach tástála amach sa tástáil chraicinn eitinn bólachta go ndéanfar frithghníomhaithe díobh níos déanaí, fiú i ndiaidh dóibh toradh diúltach a bhaint amach i ndiaidh atástála. Sa chomhthéacs sin, cruthaíonn siad baol go scaipfear galar ar eallach eile laistigh dá dtréad. Coimeádtar na hainmhithe seo, i gcásanna áirithe, i ndiaidh dóibh toradh diúltach atástála a bhaint amach, ar fheirmeacha ar feadh tréimhsí fada ama. Cé nach ndéanfar frithghníomhaithe de gach ainmhí a bhaineann toradh neamhchonclúideach amach ar deireadh thiar, déantar frithghníomhaithe díobh chomh minic sin gur tábhachtach, i dtaobh tréada aonair a chosaint agus chun go n-éiríonn leis an gclár idirghabháil a dhéanamh, chun an baol seo a laghdú.

Tá an cur chuige nua in ainm is an baol a laghdú a chruthaíonn na hainmhithe seo a bhain toradh neamhchonclúideach amach – áirítear an méid seo a leanas leis na gníomhartha ar leith

 An méid ama a mhéadú idir an chéad tástáil chraicinn ina n-aimsítear frithghníomhaithe neamhchonclúideacha agus an tráth a dhéantar an atástáil. Cabhróidh seo leis an bhféidearthacht a mhéadú go n-aimsítear gach ainmhí a bhfuil eitinn orthu nuair a dhéantar an atástáil orthu.

 Tástáil fola a dhéanann an Roinn ar na frithghníomhaithe a bhain toradh neamhchonclúideach amach laistigh de 30 lá i ndiaidh go ndearnadh an chéad tástáil chraicinn, sa chás gur aimsíodh iad. Cabhróidh seo lena chinntiú, freisin, go n-aimsítear gach ainmhí a bhfuil eitinn orthu.

 Tabhairt faoi thástálacha fola ag an Roinn gach 6 mhí ar ainmhithe a bhain toradh neamhchonclúideach amach a n-éiríonn leo san atástáil chraicinn agus sa chéad tástáil fola.

 Má bhaineann na hainmhithe seo toradh tástála neamhchonclúideach amach arís i dtástáil amach anseo, bainfear iad ón tréad mar gheall go measfar gur frithghníomhaithe iad.

 Sa chás go mbriseann eitinn bólachta amach i dtréad agus go bhfuil roinnt seanainmhithe ann a bhain toradh neamhchonclúideach amach roimhe seo, bainfear na hainmhithe seo ón tréad mar gheall go measfar gur frithghníomhaithe iad agus bronnfar cúiteamh iomlán dóibh.

 Má nochtar ceithre fhrithghníomhaí nua nó níos mó ag tástáil, gan aon fhrithghníomhaithe eile a bheith ann, measfar gur frithghníomhaithe iad, bainfear ón tréad iad agus bronnfar cúiteamh iomlán dóibh.

 I gcásanna ina bhfuil frithghníomhaí amháin nó níos mó ann i ndiaidh tástáil a dhéanamh, measfar gur frithghníomhaithe iad frithghníomhaithe eile neamhchonclúideacha, bainfear ón tréad iad agus bronnfar cúiteamh iomlán dóibh.

 Bhíothas in ann ainmhithe a dhíol i gcásanna áirithe roimhe seo fad a bhí an t-ainmhí a bhain toradh neamhchonclúideach amach ag feitheamh le hatástáil. Faoi rialacha nua an AE, cuirfear srian ar aon tréad ina bhfuil frithghníomhaí a bhain toradh neamhchonclúideach amach go dtí go mbaineann an t-ainmhí neamhchonclúideach tástáil dhiúltach amach in atástáil nó go dtí go ndéantar iad a mharú. Beifear in ann ainmhithe a aistriú go fóill go díreach lena marú.

Leanfaidh an RTBM le comhairle a chur ar fheirmeoirí faoi na hainmhithe seo a bhain toradh neamhchonclúideach amach. Is féidir le feirmeoirí cinneadh feasach a dhéanamh ansin faoi cibé acu iad a choimeád nó gan iad a choimeád. Féach www.bovinetb.ie chun teacht ar eolas breise faoi eitinn bólachta.

CRÍOCH