Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Déanann an tAire Hackett cathaoirleacht ar 9ú cruinniú an Ghrúpa Beartais Foraoiseachta

Díriú ar athbhreithniú agus feabhsú rialála in aschur ceadúnaithe

Rinne an tAire Stáit Bithéagsúlachta agus Talamhúsáide, an Seanadóir Pippa Hackett, cathaoirleacht inniu ar 9ú cruinniú an Ghrúpa Beartais Foraoiseachta (an GBF).Is é Tionscadal na Coillearnaí tionscadal an Aire le feabhas a chur ar an gcóras ceadúnaithe foraoiseachta agus le beartas foraoiseachta a athchóiriú in Éirinn.

Chuir an tAire fáilte roimh nuashonrú ar dhul chun cinn breise a rinneadh ar Thionscadal na Coillearnaí ón Bhord Tionscadail agus ó chathaoireacha a Ghrúpaí Oibre. Anuas air sin, chuir Nasc Tuaithe na hÉireann (IRL) torthaí a dtuarascála ‘Measúnú ar Mheonta Pobal agus Páirtithe Leasmhara ar i leith Foraoiseachta agus Coillearnaí’ (‘Assessment of Attitudes by Communities and Interested Parties on Forestry and Woodlands’) i láthair, a mbeidh páirt lárnach aige i dtaobh Straitéis Foraoiseachta nua a fhorbairt d’Éirinn. Chuir Philip Lee agus a Chomhpháirtithe a ndréacht-tuarascáil i láthair ar an athbhreithniú rialála ar an bpróiseas ceadúnaithe foraoiseachta.

Chuir an tAire fáilte roimh thuarascáil Nasc Tuaithe na hÉireann agus dúirt sí:

“Tá sé ríthábhachtach éisteacht le dearcthaí agus meonta daoine agus pobal i dtaobh foraoise agus coillearnaí le heolas a chur ar fáil do ‘Fís Náisiúnta Chomhroinnte’ i leith na Foraoiseachta”.

Chuir Séamus Boland le Nasc Tuaithe na hÉireann in iúl don chruinniú gurb é príomhchuspóir a measúnaithe dearcthaí agus meonta daoine agus pobal i dtaobh foraoise agus coillearnaí a bhailiú a chuirfidh eolas ar fáil do ‘Fís Náisiúnta Chomhroinnte’. Chuir sé in iúl don chruinniú go ndearnadh stocaireacht ar go leor dearcthaí i measc réimse saincheisteanna agus gur bhrath 85% d’fhreagróirí dá bharr nach raibh dóthain foraoiseachta ag titim amach in Éirinn, agus níor luaigh ach 4% go raibh an iomarca foraoiseachta ag titim amach, agus thug 11% le fios go raibh an méid ceart de ag titim amach. Thug 89% d’fhreagróirí le fios go mba mhaith leo dá n-úsáidfí níos mó adhmaid san earnáil tógála agus ba mhaith le 72% go n-úsáidfí níos mó adhmaid chun fuinneamh a tháirgeadh. Is faoi chomhaltaí anois atá sé freagairt don tuarascáil agus tabharfar chun críche ansin é. Taispeánann na torthaí seo an acmhainn fáis atá ann agus cuirfidh an tuarascáil deiridh go leor eolas fiúntach ar fáil le forbairt ár Straitéise Foraoise nua a thabhairt chun cinn. Críochnófar agus foilseofar an tuarascáil seo go luath.

Labhair an tAire chomh maith faoin gcás reatha ceadúnaithe, agus dúirt sí:

“Príomhchuspóir Thionscadal na Coillearnaí é aschur ceadúnais foraoiseachta a fheabhsú agus tugtar cuntas inár ár bPlean Ceadúnaithe Foraoiseachta ar ár n-uaillmhianta le haschur a mhéadú go mór i mbliana. Tá áthas orm a thabhairt le fios go bhfuil an sprioc ar an iomlán á baint amach sa phlean agus go bhfuil an t-aschur i measc na gcatagóirí ceadúnais go léir i bhfad níos airde ná leibhéil 2021 a léireofar i nuashonrú R1 a fhoilseofar an tseachtain seo chugainn. D’fhoilsíomar éiceolaithe breise le déanaí a imreoidh tionchar dearfach breise, tá súil agam, go háirithe maidir leis an méid ceadúnais foraoisithe a eiseofar faoi dheireadh mhí na Bealtaine.”

Luaigh an tAire suirbhé an chomhairliúcháin phoiblí a seoladh le déanaí ar thodhchaí foraoise in Éirinn. Is féidir le duine ar bith an suirbhé a fhreagairt agus is féidir teacht air ar láithreán gréasáin na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara go dtí an 27 Aibreán. Dheimhnigh an tAire Hackett gur seoladh breis agus 1,000 freagairt cheana féin agus spreag sí gach comhalta páirt a ghlacadh sa suirbhé agus a ndearcthaí a chur in iúl.

Chuir Alice Whittaker le Philip Lee agus a Chomhpháirtithe athbhreithniú cuimsitheach i láthair ar an gcreat reatha reachtúil chun gníomhaíochtaí foraoiseachta a cheadúnú maidir le hoibleagáidí comhshaoil agus rannpháirtíocht an phobail. Coimisiúnaíodh an tuarascáil seo faoi Thionscadal na Coillearnaí le comhairle phraiticiúil a sholáthar don Roinn faoi conas oibriú níos éifeachtúla laistigh de chreat reatha dlí an AE. Tugadh cuireadh do chomhaltaí an Ghrúpa Oibre tuairim a lua faoin dréacht reatha den tuarascáil sula ndéanfar an tuarascáil deiridh a dhréachtú agus a fhoilsiú.

Chríochnaigh an tAire trína buíochas a chur in iúl d’obair chathaoirligh na nGrúpaí Oibre agus ghabh sí buíochas le comhaltaí an Ghrúpa Beartais Foraoiseachta as a n-obair dhian agus a dtiomantas, agus luaigh sí go bhfuil dul chun cinn maith déanta le roinnt míonna anuas a bhuíochas lena n-iarrachtaí leanúnacha.

Nóta d’Eagarthóirí:

Is é Tionscadal na Coillearnaí tionscnamh an Aire le feabhas a chur ar an gcóras ceadúnaithe foraoiseachta agus le heolas a chur ar fáil do bheartas foraoiseachta in Éirinn.

Tá 4 Ghrúpa Oibre i dTionscadal na Coillearnaí ina bhfuil comhaltaí ón nGrúpa Beartais Foraoiseachta agus tá cathaoirleach neamhspleách ag gach ceann díobh. Déanann Bord Tionscadail maoirseacht air agus déanann Ard-Rúnaí na Roinne, Brendan Gleeson, cathaoirleacht air. Thug Cathaoirleach Bhord an Tionscadail an t-eolas is déanaí faoi dhul chun cinn ar an Tionscadal a chur i bhfeidhm go dtí seo do chruinniú an lae inniu.

Seo a leanas ballraíocht an Ghrúpa Beartais Foraoiseachta:

Eagraíocht Ainmní

FII Mark McAuley

FII Brian Murphy

FII Imelda Connolly

FII Marina Conway

FAÉ Jason Fleming

Coillte Mark Carlin

AIFC Dermot Houlihan

ACA Tom Canning

Teagasc Nuala Ní Fhlatharta

ITGA Donal Whelan

Pro Silva Paddy Purser

An SPNF Jenni Roche

An GCC Bernard Hyde

None So Hardy Teige Ryan

Colún Comhshaoil Andrew St Ledger

An Taisce Elaine McGoff

SWAN Mark Boyden

Iontaobhas Fiadhúlra na hÉireann Pádraic Fogarty

Cairde Éanlaith Éireann Oonagh Duggan

Coillearnach na hÉireann Joe Gowran

Nasc Tuaithe na hÉireann Séamus Boland

COFORD Eugene Hendrick

FCI Michael Moroney

FOCS/LTWO Kathryn O'Donoghue

IFO Nicholas Sweetman

Comhairle Foirgneamh Glas na hÉireann Pat Barry

Is féidir teacht ar na cáipéisí go léir don Ghrúpa Beartais Foraoiseachta ag https://www.gov.ie/en/collection/e43d8-forestry-policy-group-chaired-by-mos-hackett/

Is féidir teacht ar na tuarascálacha eatramhach ar chur i bhfeidhm Thionscadal na Coillearnaí ag https://www.gov.ie/en/publication/forestry-policy-and-strategy/#project-woodland

Is féidir teacht ar Phlean Gníomhaíochta na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara ag https://www.gov.ie/en/publication/a9d51-statement-of-strategy-2021-2024/

Is féidir teacht ar shuirbhé an chomhairliúcháin phoiblí ar thodhchaí foraoise in Éirinn ag https://foreststrategy.consultation.ie/en/surveys

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat